Amergin Glúingel
Cineál | carachtar miotasach |
---|---|
I Miotaseolaíocht na nGael, bard, draoi agus breitheamh an Chlann Mhíle ab ea Amhairghin Glúingheal (Sean-Ghaeilge Amergin[1] Glúingel). Ceapadh é mar an chéad Ollamh Éireann ag a bheirt dheartháireacha, chomhríthe na hÉireann. Tá líon mór dánta a luaitear leis, mar chuid de mhiotaseolaíocht Chlann Mhíle.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Amhairghin, Sean-Ghaeilge Amar-gin,[2] Amhrán-ginte nó Rugadh le hAmhrán.
Lonnaitheoir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina bhall den arm a chloígh na Tuatha Dé Danann agus a thóg Éire, mar cúiteamh as dúnmharú a sheanuncail Íth, a maraíodh de ghníomh fill ag trí ríthe na dTuath Dé, Mac Coill, Mac Ceacht agus Mac Gréine. Tháinig siad i dtír ag Inbhear Scéine,[3] ainmhithe as bean chéile Amhairghin a fuair bás ar muir. Thug triúr banríona na dTuath Dé Danann, (Banbha, Ériu agus Fódhla), duine ar dhuine, cead d'Amergin agus a mhuintir lonnú in Éirinn. D'iarr gach deirfiúr air an tír a ainmniú astu, rud a rinne sé. Is í Ériu bunús ainm na tíre, Éire; agus faightear Banbha agus Fódhla mar ainmneacha fileata d'Éirinn, maraon le "Albion" le haghaidh "An Bhreatain".
B'éigean don Chlann Mhíle an t-oileán a chloígh, i gcogadh in éadan an triúir ríthe, a ndraoithe agus a ngaiscí. Bhí Amhairghin ina bhreitheamh neamhchlaonta i rith an chatha, agus chum sé rialacha an chomhraic. Thoiligh an Chlann Mhíle dul siar ón trá ar fad naoi dtonn san fharraige - teorainn draíochta ab ea sin. Nuair a tugadh comhartha, sheol siad i dtreo na trá, ach mhúscail draoithe na dTuath Dé stoirm draíochta chun cosc a chur orthu an tír a shroichint. Chan Amhairghin ámh achainí d'anam na hÉireann, atá clú uirthi fós mar Amhrán Amhairghin (féach thíos), agus bhí sé in ann an stoirm a cheansú agus thóg sé long amháin slán i dtír. Maraíodh a lán ar an dá thaobh le linn níos mó ná sin chatha amháin, ach thug an Clann Mhíle an lá leo. Maraíodh an triúr ríthe i gcomhrac aonair leis na triúir mac Mhíle a mhair, Éber Finn, Érimón agus Amhairghin.
Roinn Amhairghin an tír idir a bheirt dheartháireacha, Éber sa deisceart agus Érimón sa tuaisceart.[4][5][6] Laistigh den bhliain, chloígh Érimón Éber, agus d'éirigh ina aon-rí na tíre, agus dhá bhliain dár gcionn, mharaigh sé Amhairghin i gcath eile.[7][8] De réir nósanna áitiúla i nDroichead Átha, tá a uaigh le fáil ag Cnocán an Mhuilinn.[9]
Amhrán Amhairghin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sean-Ghaeilge[10] | Nua-Ghaeilge[11] |
---|---|
Am gáeth i mmuir. |
Is mise gaoth ar mhuir. |
Tá deich n-aistriúchán agus leagan Béarla le fáil ar celticmythpodshow.com Curtha i gcartlann 2012-01-05 ar an Wayback Machine, ina measc le John Carey, R. A. Stewart Macalister agus Enya. Tá an t-aistriúchán Béarla den amhrán le Lady Gregory[27] le feiceáil chomh maith ar Wikipedia via sacred-texts.com.
Taispeánadh ar an scáileán mór é Amhrán Amhairghin agus dánta eile dá chuid i scannán déanta ag Anú Pictures, le haistriúcháin le Carey, MacAlister, John Moriarty agus Gabriel Rosenstock.
Miotaseolaíocht na Breataine Bige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cosúlachtaí le feiceáil ó thaobh ábhair Amhairghin de i roinnt filíocht na Breataine Bige ón luath-mheánaois, luaithe le file na 6ú haoise Taliesin sa Book of Taliesin.[28]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Song of Amergin Curtha i gcartlann 2012-01-05 ar an Wayback Machine ar celticmythpodshow.
- The Song of Amergin, scannán le hAnú Pictures.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ leaganacha: Amorghain, Amairgin, Amorgen, Aimhirghin
- ↑ amar ar eDIL
- ↑ Inbhear Scéine ar logainm.ie
- ↑ Leabhar Gabhála na hÉireann §65-95
- ↑ Maighréad C. Ní Dobs, "Tochomlad mac Miledh a hEspain i nErind: no Cath Tailten" Études Celtiques v.II, Paris: Librairie E. Droz, 1937
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn 1.21, 22, 23
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí M3500-3503
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn 1.24
- ↑ Cnocán an Mhuilinn ar logainm.ie
- ↑ Leabhar Gabhála na hÉireann, lch. 49, sa Leabhar Laighneach ar CELT
- ↑ aistrithe, le béim ar na hainmhithe: damh, seabhac, torc, bradán
- ↑ dírend ar eDIL
- ↑ séig ar eDIL
- ↑ 4 é ar eDIL
- ↑ 2 bri ar eDIL
- ↑ gleth ar eDIL
- ↑ clochar ar eDIL
- ↑ ésca(e), éisce ar eDIL
- ↑ De réir Tochmharc Eimhire, is ionann seo agus éisc na mara, cf. celticmythpodshow.com Curtha i gcartlann 2012-01-05 ar an Wayback Machine
- ↑ doén ar eDIL
- ↑ gal
- ↑ gair2 (b) Lit. At teanglann.ie FGB
- ↑ dú 1. ar teanglann.ie FGB; áit
- ↑ Féach tibh ar teanglann.ie FGB
- ↑ daon ar teanglann.ie FGB; duine daonna
- ↑ cáinte ar teanglann.ie FGB; aoir
- ↑ Gods and Fighting Men, Leabhar I, Cuid III ar sacred-texts.com
- ↑ James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, lch. 13
Réamhtheachtaí cruthaithe |
Príomh Ollamh na hÉireann Aois miotasach |
Comharba Lugh |