Liam Tomás Mac Cosgair
Ba é Liam Tomás Mac Cosgair (6 Meitheamh 1880 – 16 Samhain 1965) an chéad Uachtarán ar Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann ó 1922 go 1932.
Throid Mac Cosgair le linn Éirí Amach 1916 agus bhí sé ina aire rialtais sa Chéad agus sa Dara Dáil.
1922
[cuir in eagar | athraigh foinse]Goineadh an Coileánach go marfach an 22 Lúnasa 1922 agus ceapadh Mac Cosgair ina Chathaoirleach ar an Rialtas Sealadach.
An 9 Meán Fómhair 1922, toghadh LT Mac Cosgair mar Uachtarán ar an Tríú Dáil, in éagmais na beirte príomhcheannairí ar pháirtí Shinn Féin ar thaobh an Chonartha (Art Ó Gríofa agus an Coileánach).[1]
An 6 Nollaig 1922, bunaíodh Saorstát Éireann agus ghlac an Rialtas le forálacha an Chonartha Angla-Éireannaigh agus rinneadh tiarnas de chuid Impireacht na Breataine d’Éirinn go hoifigiúil. Ceapadh LT Mac Cosgair ina Uachtarán ar Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann.
1923-1932
[cuir in eagar | athraigh foinse]27 Lúnasa 1923: Bhuaigh Cumann na nGaedheal, an páirtí a d’eascair as eite Shinn Féin a bhí ar thaobh an Chonartha, an chéad olltoghchán i Saorstát Éireann. Ghnóthaigh páirtí LT Mac Cosgair 63 shuíochán agus Éamonn de Valéra 44. Staon ionadaithe Shinn Féin de Valéra ó shuí sa Dáil go dtí 1927.
An 10 Meán Fómhair 1923, ghlac Saorstát Éireann ballraíocht i gConradh na Náisiún. Threoraigh LT Mac Cosgair toscaireacht Éireannach sa Ghinéiv, mar a nglacadh le ballraíocht an tSaorstáit i gConradh na Náisiún. Dhearbhaigh sé sin go raibh aitheantas idirnáisiúnta ar stádas an tSaorstáit.
Rinneadh é a atoghadh ina Uachtarán ar an Ard-Chomhairle i 1927.[2]
1933 ar aghaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Mac Cosgair ina cheannaire ar Chumann na nGaedheal go dtí go ndeachaigh siad le chéile leis an Lár-Pháirtí agus gluaiseacht na Léinte Gorma.
Ar an 8 Meán Fómhair 1933, bunaíodh an "United Ireland Party" (Fine Gael níos déanaí). Bhí Eoin Ó Dubhthaigh i gceannas ar chomhghuaillíocht de pháirtithe ar dtús (Cumann na nGael, Lár-Pháirtí Náisiúnta agus an Garda Náisiúnta nó na Léinte Gorma). D'éirigh Mac Cosgair as an uachtaránacht (ní raibh aon suim aige bheith ina uachtarán is cosúil). Bhí iontas agus díomá ar an bpobal ag an am.
Bhí Mac Cosgair ina cheannaire ar Fhine Gael tar éis dhíbirt Eoin Uí Dhubhthaigh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ centenaries.ucd.ie (2016). "Decade-of-Centenaries". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Houses of the Oireachtas (1927-10-11). "NOMINATION OF PRESIDENT OF THE EXECUTIVE COUNCIL – Dáil Éireann (6th Dáil) – Tuesday, 11 Oct 1927 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-11-16.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Daoine a rugadh i 1880
- Básanna i 1965
- Airí Rialtais na hÉireann
- Baill Chumann na nGaedheal
- Baill Shinn Féin
- Ceannairí Fhine Gael
- Baill den 1ú Dáil
- Baill den 2ú Dáil
- Baill den 3ú Dáil
- Baill den 4ú Dáil
- Baill den 5ú Dáil
- Baill den 6ú Dáil
- Baill den 7ú Dáil
- Baill den 8ú Dáil
- Baill den 9ú Dáil
- Baill den 10ú Dáil
- Baill den 11ú Dáil
- Daoine as Baile Átha Cliath
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Fir
- Ridirí
- Taoisigh na hÉireann