An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

Jump to navigation Jump to search
m
Litriú caighdeánaithe
(Cealaíodh athrú 1048453 le 98.3.103.238 (plé))
m (Litriú caighdeánaithe)
Is deacair gan an cheist a chur, nárbh fhearr do na máistrí scoile an dírbheathaisnéis ó Ghaeltacht [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]], ''Rotha Mór an tSaoil'' le [[Micí Mac Gabhann]], a chur os comhair na ndaltaí in áit an triúr Blascaodach. Scéal is ea é gur beag duine nach gcuirfeadh sé spéis ann, nó bhí saol suimiúil ag Micí: chuaigh sé go Meiriceá le hór a bhaint as talamh sioctha Alasca in Klondyke, agus é ag saothrú luach a phasáiste ag rúpáil oibre anseo is ansiúd, aon áit a raibh na fostóirí sásta post a thabhairt d'Éireannach a bhí—mar a fheictear don léitheoir—dall go leor ar an mBéarla an chuid ba mhó den am.
 
Bhí muintir na gcúigí eile ag fáil deacair ciall a bhaint as an litríocht [[Cúige Mumhan|Mhuimhneach]]. Mar sin, bhí siad den tuairim gur chóir a gceart a bhaint amach do na canúintí eile sa litríocht. B'iad an bheirt dearthárachadeartháireacha ó na Rosa, [[Séamus Ó Grianna]] agus [[Seosamh Mac Grianna]], na scríbhneoirí ba mhó ó [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]]. Bhí siad páirteach i g[[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh Saoirse na hÉireann]] agus i g[[Cogadh Cathartha na hÉireann]], agus chaith siad tamall i mbraighdeanas i ndiaidh an dá chogadh, ach bhain gach duine acu deireadh súile den náisiúnachas a fhad agus a bhí leas mhuintir na Gaeltachta i gceist. Tá an frustrachas le haithint ar go leor dár scríobh siad. Mar sin féin, bhí siad sách difriúil le chéile mar scríbhneoirí. Scríobhadh Seosamh, an duine ab óige acu, leabhair uaillmhianacha ardealaíonta, leithéidí an úrscéil ''An Druma Mór'' agus na dírbheathaisnéise ''Mo Bhealach Féin''; ach sháraigh air mórán ratha a bhaint amach dó mar scríbhneoir. Tháinig críoch dheifnideach lena chuid scríbhneoireachta nuair a cuireadh i dteach na ngealt é agus síocóis dhúlagrach ag luí ar a intinn. Maidir le Séamus, áfach, chaith sé a shaol ag scríobh leabhar i ndiaidh a chéile i stíl sheanaimseartha rómansúil, go dtí gur éirigh sé as an nGaeilge ar fad roimh dheireadh a bheatha sna seascaidí. Le teann éadóchais i dtaobh thodhchaí na teanga, chuaigh sé leis an ngluaiseacht [[Language Freedom Movement|''Language Freedom Movement'']], a bhí in aghaidh mhúineadh éigeantach na Gaeilge.
[[Íomhá:Aire-leanai.jpg|deas|thumb|Comhartha bóthair.]]
[[Íomhá:Irish road sign.png|thumb|Fógra dátheangach i mBéarla agus Gaeilge]]
46,149

edits

Roghchlár nascleanúna