Abrogans

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAbrogans

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfoclóir dátheangach, dictionary of the German language (en) Aistrigh agus dictionary of the Latin language (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Laidin agus An tSean-Ard-Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Cuid deCodex Sangallensis 911 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Abrogans an chéad fhoclóir Gearmáinise a bhí ann, agus an leabhar Gearmáinise is sine dá bhfuil fágtha, freisin. Creidtear gurbh é Arbeo von Freising, a cailleadh sa bhliain 783784, a scríobh an foclóir seo. Thángthas ar chóip lámhscríofa den leabhar in Sankt Gallen na hEilvéise, áit a raibh mainistir fadó. Tá an foclóir ainmnithe as an chéad iontráil atá ann, an focal Laidine úd abrogans. Is é an leagan Gearmáinise a thugann an foclóir ar an bhfocal seo ná dheomodi - demütig i nGearmáinis an lae inniu, nó "umhal".

Dealraíonn sé gur foclóir comhchéille a bhí ann ar dtús, nach raibh ach ag míniú focal Laidine le focail Laidine eile, agus nár cuireadh na míniúcháin Ghearmáinise leis na focail Laidine ach in athleaganacha den fhoclóir. Cibé faoi sin, tá sé ar na foinsí is tábhachtaí amuigh ag an scoláire atá ag déanamh staidéir ar an gcineál Gearmáinise a labhraítí i ndeisceart na Gearmáine fadó.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]