Jump to content

Cloch na Rón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCloch na Rón

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 24′ 00″ N, 9° 55′ 00″ O / 53.4°N,9.91667°W / 53.4; -9.91667
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde20 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413951

Baile i gContae na Gaillimhe is ea Cloch na Rón[1] (Roundstone as Béarla), suite ar bhruach na farraige. Bíonn radharcanna álainn ann, ó bharr an aird síos chomh fada leis an gcéibh agus leis an gcladach. Cuan Chloch na Rón agus Inis Ní amach ar d’aghaidh, agus na Beanna Beola ina gcúlra gorm in aghaidh na spéire.[2]

Ciallaíonn an t-ainm "cloch na rónta" b'fhéidir ach tá daoine ann a chreideann gur eascair an t-ainm ón gcarraig mhór chruinn atá taobh amuigh den chuan.

Bóthar go dtí Cloch na Rón
Dogs Bay

Tháinig laghdú 22% ar dhaonra bhaile Chloch na Rón ó aimsir Dhaonáireamh 1991 go dtí 2022. Níl raibh ach 16% de phobal na háite faoi bhun seacht mbliana déag d’aois agus ní raibh ach 22 dalta sa mbunscoil ar an mbaile. Bhí 30% de mhuintir an phobail os cionn 65 bliain (tarlaíonn sé go bhfuil na staitisticí sin don aosach ionann agus trí huaire níos airde ná an céatadán náisiúnta).

Taobh le €33,000 in aghaidh an tí atá an t-ioncam sa gceantar, agus sin é an meán-ioncam bliantúil is ísle in iarthar na Gaillimhe.[2]

Turasóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh go leor iascaireacht ar siúl ann go dtí an 20ú haois. Ach is ar an turasóireacht is mó anois atá na daoine ag brath. Tá roinnt tithe ósta an-mhaithe ann agus tá bia mara ar fáil sna bialanna. Tá clú agus cáil ar an seabhdar i dTí Dowd (go háirithe i measc na dífóranna.)

Is fiú dul suas an cnoc taobh thiar den bhaile le breathnú ar na radhairc. Ar lá breá, is féidir sléibhte Chiarraí a fheiceáil, chomh maith le cósta Chontae an Cláir.

Sa samhradh is féidir húicéirí a fheiceáil ag rásaíocht ag Regatta Chloch na Rón. Bíonn sé ar siúl ar an tríú deireadh seachtaine de Mhí Iúil.

Tá cuimse lucht tithe saoire meallta ag áilleacht Chloch na Rón - as 600 teach agus árasán, níl ach 196 acu i seilbh mhuintir na háite.

De réir mar atá an pobal ag dul in aois (30% den daonra os cionn 65 bliain in 2022), is ea is dóichí go gcuirfear tuilleadh tithe ar an margadh den chéad uair. Ansin téann tithe saoire thart i gciorcal dá gcuid féin, scaití teach saoire amháin á dhíol mar theach saoire aríst.[2]

Bunaíodh an baile beag seo sa bhliain 1822 nuair a cuireadh tús le tógáil na céibhe, faoi choimirce an Bhoird Iascaigh Mhara. Ba é Alexander Nimmo a dhearadh an chéibh, an innealtóir a dhearadh an t-iarnród idir an Chlochán agus Gaillimh. Cheannaigh Nimmo píosaí talún timpeall na háite agus chuir sé amach ar chíos iad do thionóntaí. Faoin mbliain 1841 bhí 396 duine ina gcónaí ann.

Idir Inis Ní, Iorras Beag agus bailte eile, tá cuid de Chloch na Rón sa nGaeltacht go hoifigiúil, cé go bhfuil an Ghaeilge imithe i léig.

  1. Cloch na Rón/Roundstone | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 2.0 2.1 2.2 Máirtín Ó Catháin (29 Meán Fómhair 2025). "Cara agus namhaid san am céanna í an áilleacht i gCloch na Rón" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-29.