An Ghaeilge i Muir Chairib

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Labhraíodh an Ghaeilge i Muir Chairib ón gcéad chuid den 17ú haois anuas go dtí lár an 19ú haois ar a laghad, de réir na fianaise atá ann. I Montsarat is treise a mhair sí, más fíor. Ina theannta sin, bhí Gaeilge ag cuid de na mairnéalaigh agus de na saighdiúirí a thug cuairt ar Mhuir Chairib ón 17ú haois amach.

Oileáin i Muir Chairib (mar atá sí inniu)

Inimircigh agus oileáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir ó staitisticí iarghabhálacha agus ó fhianaise comhaimseartha an 17ú haois go raibh Gaeilge ag formhór mór na cosmhuintire agus na huasaicme in Éirinn ag an am agus ar feadh tamall maith ina dhiaidh.[1] Chomh déanach le 1771 bhí Gaeilge ag 92% de phobal Chontae an Chláir, ag 76% i gContae Luimnigh agus ag 91% i gContae na Gaillimhe, agus bhí céatadáin arda i gcontaethe eile i ndeisceart agus in iarthar na tíre.[2] Thabharfadh sé sin le tuiscint gur Gaeilge (agus Gaeilge amháin go minic) a bhí ag formhór mór na nÉireannach a bhain na hIndiacha Thiar amach sa 17ú haois.

Na hÉireannaigh is túisce a thug an Ghaeilge leo chun Muir Chairib tháinig siad chomh luath leis na 1620idí. Tháinig a lán acu dá dtoil féin mar shearbhóntaí dintiúr de mhalairt ar phasáiste saor, ar dhídean, ar bhia agus ar éadaí, agus píosa talún le fáil acu i ndeireadh na tréimhse.[3][4] Le linn Chromail cuireadh mórán daoine eile an loch amach ó Éirinn mar ionnarbthaigh. Na hÉireannaigh a tháinig ina searbhóntaí dintiúr fuair a lán acu píosa talaimh agus a dtéarma istigh; scaip an chuid eile.

Ba chuid eile den réimeas Gaelach in Éirinn na mionuaisle Caitliceacha a bhí ag iarraidh teacht slán tar éis dóibh a maoin a chailleadh.[5] Thug a leithéidí siúd agus ceannaithe Éireannacha, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh, aghaidh ar Mhuir Chairib le bun a dhéanamh mar phlandálaithe.

Ar na hoileáin tá i gceist bhí San Críostóir, Barbadós, Niveas, Antigua, Montsarat agus Iamáice (oileán ar bhain an Bhreatain den Spáinn é sa bhliain 1655). Bhí Éireannaigh ag saothrú tobac i San Críostóir go luath sa 17ú haois; chuaigh siad chun Niveas, agus is beag nach ndearnadh coilíneacht Éireannach den áit. Bhí mórán Éireannach in Montsarat[6] agus in Antigua: nuair a bhí an tAthair Andrew White ag déanamh ar Virginia sa bhliain 1624 rinne sé tagairt don “noble collection of Irish Catholiques” a bhí le fáil i Montsarat. Is dócha go raibh seirbhísigh Éireannacha i mBarbadós tamall maith roimh an mbliain 1637.

Gorm agus bán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dianghá ag plandálaithe siúcra le hoibrithe, idir shearbhóntaí dintiúr agus sclábhaithe gorma, agus faoi na 1650í ba iad na sclábhaithe gorma ba rogha leo. Ach chuir na hoibrithe uile eagla ar na máistrí agus ní gan chúis é: d'fhulaing siad obair mhaslach, drochúsáid, bás le leatrom agus le barraíocht oibre. Ghéaraigh eagla na n-údarás coilíneach roimh na hÉireannaigh sna 1650idí, go háirithe agus iad ag dul i bpáirt leis na sclábhaithe gorma.[7] Bhí sé ina scéal reatha sna Bahámaí sna 1650idí agus sna 1660idí go raibh na seirbhísigh Éireannacha agus na hAfracaigh ag beartú comhcheilge le chéile. D’éirigh na hÉireannaigh amach i San Críostóir sa bhliain 1666 agus i Montsarat an bhliain dár gcionn, agus i gceann tamaill thug siad lámh chúnta d’ionradh na bhFrancach. In Antigua agus i Montsarat ghabh na húdaráis mórán searbhóntaí Éireannacha a bhí ar thaobh na bhFrancach agus dhíbir iad.[8]

Bhí Éireannaigh (idir mháistrí agus searbhóntaí) agus sclábhaithe gorma i dteagmháil le chéile i gcónaí, mar sin, rud a d’fhág go raibh caidreamh cnis eatarthu ó thús agus clann de shliocht measctha acu dá bharr.[9]

Montsarat[cuir in eagar | athraigh foinse]

B’Éireannaigh iad an chuid ba mhó den phobal bán ó bunaíodh an choilíneacht in 1628. Sa bhliain 1667 dúirt cuairteoir gur bheag nár “choilíneacht Éireannach” Montsarat. Tugann na sloinnte leid dúinn faoi chúrsaí teanga: b’as Contae Chorcaí do mhórán acu, agus b’as Contae an Chláir, Contae Dhún na nGall, Contae na Gaillimhe, Contae Thiobraid Árann, Contae Phort Láirge, Contae na hIarmhí agus Contae Loch Garman don chuid eile. In 1678 b’as Éirinn do 1,682 duine bán as an 1,869 a bhí ann. Dúirt an geografaí Thomas Jeffrey in The West India Atlas (1780) gurbh Éireannaigh nó daoine de shliocht Éireannach ba ea formhór an phobail – ‘so that the use of the Irish language is preserved on the island, even among the Negroes’.[10]

Bhí líon na sclábhaithe gorma ag dul i méid gan stad agus saothrú an tsiúcra ag teacht in áit an tobac agus an indeagó. Faoi 1729 bhí 6,063 sclábhaí gorm ar an oileán, ach is beag searbhónta Éireannach a bhí le fáil ann; iad marbh, imithe ar imirce nó iompaithe ina scológa. Ligeadh cuid acu sin a sclábhaithe gorma ar cíos: Gearóid Ó Fathaigh, mar shampla, a raibh sé sclábhaí dhéag ghorma aige, ceithre chapall agus aon acra amháin.[11] I 1775 bhí 9,834 duine gorm ann le hais 1,314 duine bán.

Bhí ceangal teann tráchtála idir Muir Chairib agus Éire agus baint ag Montsarat leis sin. Bhíodh ceannaithe Éireannacha ag tabhairt mairteola, muiceola, ime agus scadán anall ó Éirinn, in éineacht le sclábhaithe gorma ón Afraic.[12]

Montsarat

Tá fhianaise fhánach ann go raibh Gaeilge á labhairt ann anuas go dtí lár an 19ú haois ar a laghad. Tá tagairt déanta don scéal ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin, dialannaí, múinteoir agus ceannaí i gContae Chill Chainnigh, sa bhliain 1831:

Is clos dom gurb í an teanga Ghaeilge is teanga mháthartha i Monserrat san India Thiar ó aimsir Olibher Cromaill, noch do dhíbir cuid de chlanna Gael ó Éirinn gusan Oileán sin Montserrat. Labhartar an Ghaeilge ann go coiteann le daoine dubha agus bána.[13].

Tá cuntas eile againn ó láimh feidhmeannaigh i gCorcaigh darbh ainm C. Cremen agus é luaite i litir le W.F. Butler in The Atheneum, 15 Iúil 1905. Fuair Cremen an scéal ó Sheán Ó Donnabháin, athmhairnéalach as Rinn an Chiniféicigh i gCo. Chorcaí a raibh Gaeilge ar a thoil aige.

He frequently told me that in the year 1852, when mate of the brig Kaloolah, he went ashore on the island of Montserrat which was then out of the usual track of shipping. He said he was much surprised to hear the negroes actually talking Irish among themselves, and that he joined in the conversation…[14]

Mairnéalaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndeireadh an 18ú haois b’Éireannaigh iad timpeall 12% den chriú ar longa daor Learphoill, agus ón 17ú haois amach ba i gcuanta Chúige Mumhan a d’fhaigheadh longa uisce agus lón sula gcuiridís an t-Aigéan Atlantach díobh. Is beag ábhar deisiúcháin a bhí le fáil sna hIndiacha Thiar san 18ú haois, agus gheobhadh longa as gach cearn seolta agus rigín i gCorcaigh.

I bhfianaise neart na teanga i gCúige Mumhan ag an am,[15] is iomaí cainteoir Gaeilge a bheadh le fáil i measc na mairnéalach úd.

Saighdiúirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí baint ag na hÉireannaigh leis an iliomad cogaí coilíneacha sna hIndiacha Thiar. Bhí saighdiúirí Éireannacha ar na fórsaí Briotanacha a bhí ag cuidiú le reisimintí Francacha agus iad ag iarraidh Saint-Domingue (Haití) a ghabháil, deireadh a chur leis an gcogadh cathartha a bhí ar siúl ann agus an daorsmacht a thabhairt ar ais tar éis don rialtas coilíneach í a chealú. Bhí an feachtas ar siúl ó 1794 go dtí 1798; an Ginearál Toussaint Louverture, athdhaor agus trodaí cumasach, a bhí i gceannas ar an taobh eile, agus b'éigean d'Arm na Breataine imeacht faoi dheireadh. Bhí Tomás Ó Muirithe ina shaighdiúir i Haití sna 1790í agus rinne sé amhrán faoin eachtra:

Sna West Indies a crádh mé is a cailleadh mo shláinte
Ag siúl failltreacha fásach, coillte arda agus cnoic…[16]

Sa bhliain 1775 bunaíodh ocht reisimint Iar-Indiacha chun na hoileáin Bhriotanacha a chosaint ar na Francaigh. B’fhir bhána iad na hoifigigh agus na fo-oifigigh: sa Cheathrú Reisimint Iar-Indiach tháinig a lán acu ó Chontae Chorcaí, ó Chontae na Gaillimhe agus ó Chontae Phort Láirge, rud a d'fhágfadh go raibh Gaeilge go leor acu.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá an scéal cíortha in Fitzgerald 1984
  2. Fitzgerald 1984
  3. Brighton, lch 42.
  4. Lydon, lch 165.
  5. Rodgers, lch 2.
  6. Rodgers 2007, cuid 1: "By 1667 a visiting British governor described it as ‘almost an Irish colony’".
  7. Féach Rodgers 2007 agus Berresford Ellis, lch 152.
  8. Rodgers, lch 2
  9. Rodgers, lgh 3 agus 4.
  10. Luaite in Truxes, Thomas M. (2004), Irish-American Trade, 1660-1783, Cambridge University Press, lch 100. Féach freisin The West India Atlas or, A Compendious Description of the West-Indies. By the Late Thomas Jefferys, Geographer to the King. Published by Printed for Robert Sayer and John Bennett, Fleet Street, London, 1780.
  11. Rodgers, lch 2.
  12. McGarrity, Maria (2008), Washed by the Gulf Stream: The Historic and Geographic Relation of Irish and Caribbean Literature, Associated University Press, lgh 33-34.
  13. Amhlaoibh Ó Súilleabháin, iontráil 2700, 1 Aibreán 1831, in de Bhaldraithe, lch 84.
  14. Fonóta in de Bhaldraithe, lch 84.
  15. Fitzgerald 1984
  16. Ó hÓgáin 1981, lch 60 agus nótaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Brighton, Stephen A.. Historical Archaeology of the Irish Diaspora: A Transnational Approach. University of Tennessee Press, 2009. ISBN-10: 1572336676. ISBN-13: 978-1572336674.
  • De Bhaldraithe, Tomás (eag.), Cin Lae Amhlaoibh. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1980 (an tríú cló).
  • Fitzgerald, Garrett, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy 1984
  • Ellis, Peter Beresford, Hell or Connaught! The Cromwellian Colonisation of Ireland 1652-1660. Hamish Hamilton 1975.
  • Lydon, James. The Making of Ireland: From Ancient Times to the Present. University of Tennessee Press, 2009. ISBN 13: 978-1-572-33667-4. ISBN 10: 1-57233-667-6.
  • Ó hÓgáin, Dáithí, Duanaire Thiobraid Árainn: Cnuasach d’fhilíocht na ndaoine ó oirdheisceart an chontae. An Clóchomhar Tta 1981.
  • Rodgers, Nini, ‘The Irish in the Caribbean 1641-1837: An Overview’ in Irish Migration Studies in Latin America (November 2007), lgh 145-156. [1] Curtha i gcartlann 2016-09-27 ar an Wayback Machine

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]