Líonraí Gaeilge
Is Líonraí Gaeilge iad na limistéir atá aitheanta ag Poblacht na hÉireann agus ag Foras na Gaeilge mar áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil neart ar leith sa Ghaeilge ann.
De réir Acht na Gaeltachta 2012, tá teorainneacha na Gaeltachta le bunú feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí sin. Tá tábhacht ar leith le pleanáil teanga ag leibhéal an phobail dá réir. Tá deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar Líonraí Gaeilge nó mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach critéir áirithe a chomhlíonadh atá leagtha síos ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge.[1][2]
D'fhógair Foras na Gaeilge i ndeireadh 2015 go bhfuil cúig cheantar aitheanta anois mar áiteanna ina bhfuil Líonraí Gaeilge in Éirinn - Sráidbhaile Chluain Dolcáin, Baile Locha Riach, Inis, Carn Tóchair agus Béal Feirste Thiar.[3] Tá súil ag Foras na Gaeilge go n-aithneofar líonraí Gaeilge eile.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Acht na Gaeltachta 2012
- Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
- Foras na Gaeilge
- An Coimisinéir Teanga
- Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Acht na Gaeltachta 2012 - An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
- ↑ Líonraí Gaeilge - Foras na Gaeilge
- ↑ Cúig cheantar fógartha mar ‘Líonraí Gaeilge’ ag Foras na Gaeilge -Tuairisc.ie