Gaibhne
Cineál | dia de chuid na gCeilteach carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Comhthéacs | |
Miotaseolaíocht | miotaseolaíocht na nGael |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Siblíní | Creidhne |
Eile | |
Cuid de | Tuatha Dé Danann |
Comhionann | Bolcán, Gofannon (en) agus Gobannus (en) |
I Miotaseolaíocht na nGael, gabha na dTuath Dé Danann ab ea Gaibhne (Sean-Ghaeilge Goibniu). Samhlaítear é chomh maith le haíocht/fáilteachas. Tá sé gaolta mhar sin le Gofannon na Breataine Bige agus Gobannus na nGallach.
Seanscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear ainm a athar sna téacsanna mar Esarg, agus mar Tuirbe Trágmar ('teilgeoir tuanna').[1]
Cuireadh Gaibhne go minic i dteannta le Creidhne, gabha airgid, agus Luchtaine, siúinéir, mar na Trí Dé Dána. Ghaibhnigh siad airm na dTuath Dé, a bheartaigh siad ina gcathanna in éadan na bhFomhórach. Mar mhalairt ar sin, cuirtear é i dteannta le Creidhne agus Dian Cécht, lia.[2] Mhúnlaigh sé lámh nua airgid do Nuada, tar éis a baineadh a lámh de i rith catha.[3] Rinne sé airm ar son na ndéithe freisin; sa Leabhar Gabhála na hÉireann, luaitear é mar "ní gan tairbhe i mbruithniú",[4] Deirtear go bhfuair seisean agus Dian Ceacht beirt bás de phlá nimhneach.[4]
Ba spidiléir na ndéithe é Gaibhne chomh maith. De réir Agallamh na Seanórach agus Altram Tige Dá Medar, chosnaíodh a chuid bia na Tuatha Dé ar thinneas agus ar sheanaois. Deirtear gurbh leis Glas Ghaibhneann, bó draíochta na nirt.
Sna hOrtha Naomh Gall,[5] d'impíodh Gaibhne agus Dian Ceacht beirt in éadan na deilge.
D'fhéadfadh é gurbh ionann Gaibhne agus Culann na Rúraíochta.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is amhlaidh go bhfuil an t-ainm Goibniu fréamhaithe ón tSean-Ghaeilge gobae[6] (gin. gobann) ‘gabha’, Breatnais gof (iol. gofein) ‘gabha’, Gaillis gobedbi ‘leis na gaibhne’, atá go léir gaolta leis an Liotuáinis gabija ‘tinteán beannaithe’, gabus ‘féithiúil, glic’.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Príomh-Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Gabhála na hÉireann
- Cath Maighe Tuireadh
- Oidheadh Chlainne Tuireann
- Altram Tige Dá Medar ed. and trans. Maighréad ni C. Dobs. Zeitchrift für Celtische Philologie vol. 18 (1929–30). -The Fosterage of the House of the Two Milk-Pails
- The St. Gall Incantations. Thesaurus Palaeohibernicus eag. agus aistr. ag Whitley Stokes agus John Strachan. Cambridge: University Press, 1903.
Fo-fhoinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- James MacKillop (1998). Dictionary of Celtic Mythology. London: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cuid I Leabhar IV: The Dagda of ‘Gods and Fighting Men,’ le Lady Gregory, 1904, le fáil s6r sacred-texts.com
- ↑ Leabhar Gabhála na hÉireann, cuid 52
- ↑ Ach féach Creidhne
- ↑ 4.0 4.1 Cuid 64 den Leabhar Gabhála na hÉireann, le fáil ar maryjones.us
- ↑ The St. Gall Incantations. Thesaurus Palaeohibernicus éag. agus aistr. le Whitley Stokes agus John Strachan. Cambridge: University Press, 1903.
- ↑ gobae ar eDIL
- ↑ Václav Blažek, “Celtic ‘smith’ and his colleagues”, in Evidence and Counter-Evidence: Festschrift for F. Kortlandt 1, eag. Alexander Lubotsky, Jos Schaeken & Jeroen Wiedenhof (Amsterdam – Nua-Eabhrac: Rodopi, 2008), ll. 35-53.