Amhrán náisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is amhrán náisiúnta ann ná amhrán nó saothar ceoil eile a bhfuil ábhar tírghráúil aige, agus rialtas is údaráis oifigiúla an stáit ag baint úsáide as mar shuaitheantas don tír ag ócáidí oifigiúla. Ina lán tíortha, reachtaíodh dlíthe faoi cheartúsáid an amhráin náisiúnta, ach níl a leithéid riachtanach le go nglacfaí le hamhrán ar leith mar shiombaile náisiúnta den chineál sin. Mar shampla, is é an traidisiún an t-aon bhunús amháin le stádas an amhráin úd God Save the Queen sa Ríocht Aontaithe.

Is é amhrán na hÍsiltíre, Het Wilhelmus nó Amhrán Uilliam ó Nassau, an t-amhrán náisiúnta is sine sa domhan. Scríobhadh timpeall na bliana 1570 é, nuair a bhí an Cogadh Ochtó Bliain á chur ag an Ísiltír ar na Spáinnigh.

Níor éirigh an t-amhrán náisiúnta, mar nuáil chultúrtha, coitianta roimh an naoú haois déag. Is aireagán Eorpach é, go praiticiúil. Bíonn blas an cheoil chlasaicigh Eorpaigh ar amhráin náisiúnta na dtíortha neamh-Eorpacha féin, amach ó chúpla eisceacht a théann i dtuilleamaí cheol traidisiúnta na tíre (an tSín agus an tSeapáin, ach go háirithe).

An chuid is mó de na hamhráin náisiúnta, cantar i dteanga iad atá coitianta mar ghnáthurlabhra phobail sa tír. Mar sin féin, tá cúpla eisceacht ann. Nó cé gurb í an Urdúis teanga oifigiúil na Pacastáine, is í an Pheirsis teanga an amhráin náisiúnta. Teanga thábhachtach chultúrtha í an Pheirsis do mhuintir na Pacastáine, ach is ar éigean a labhraíonn aon duine ó dhúchas í sa tír sin.

Liosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bratach Tír Ainm an amhráin
an Aetóip Whedefit Gesgeshi Woude Henate Ethiopia
an Afganastáin Sououd-e-Melli
Poblacht na hAfraice Láir La Renaissance
an Afraic Theas Nkosi Sikelel' iAfrika
an Ailgéir Kassaman
an Airgintín ¡Oíd, mortales!
Albain Flower of Scotland (de facto)
an Albáin Hymni i Flamurit
Andóra El Gran Carlemany
Angóla Angola Avante
Anguilla God Save the Queen
Antigua agus Barbúda Fair Antigua, We Salute Thee
an tAontas Eorpach Óid don Aoibhneas
an Araib Shádach Aash Al Maleek
an Airméin Mer Hayrenik
Arúba Aruba Dushi Tera
an Astráil Advance Australia Fair (tráth: God Save the Queen)
na Bahámaí March On, Bahamaland
Bairéin Bahrainona
Barbadós In Plenty and In Time of Need
Beinin L'Aube Nouvelle
an Bhanglaidéis Amar Shonar Bangla
an Bhealarúis My Belarusy
an Bheilg La Brabançonne
an Bheilís Land of the Free
an Bhoisnia-Heirseagaivéin Intermeco (tráth: Jedna i Jedina)
an Bholaiv ¡Bolivianos!: el hado propicio
an Bhotsuáin Fatshe leno la rona
an Bhrasaíl Hino Nacional Brasileiro
an Bhulgáir Mila Rodino
an Bhurúin Burundi bwacu
an Bhútáin Druk tsendhen
Brúiné Ya Allah lanjutkan la usia Duli tuanku
Buircíne Fasó Ditanyè (l'Hymne de la Victoire)
Camarún Chant de Ralliement
Ceanada O Canada
an Chambóid Nokoreach
an Chatalóin Els Segadors
an Chéinia Ee Mungu Nguvu Yetu
an Chipir Ode to Freedom
an Chirgeastáin Kyrgyz Respublikasynyn Mamlekettik Gimni
an Chóiré Theas Aegukga
an Chóiré Thuaidh Patriotic Song
an Cholóim ¡Oh, gloria inmarcesible!
Oileáin Chomóra Udzima wa ya Masiwa
Poblacht Dhaonlathach an Chongó Debout Congolais
an Chróit Lijepa nasa domovino
Cireabaití Teirake kaini Kiribati
an Congó La Congolaise
Oileáin Cook God Defend New Zealand
Cósta Ríce Noble patria, tu hermosa bandera
an Cósta Eabhair L'Abidjanaise
Cúba La Bayamesa
an Danmhairg Der er et yndigt land (sibhialta); Kong Kristian (ríoga)
Doiminice Isle of Beauty, Isle of Splendour
Eacuadór ¡Salve, oh Patria!
an Éigipt Bilady, Bilady, Bilady
an Eastóin Mu isamaa, mu õnn ja rõõm
an Eilvéis Schweizerpsalm / Cantique suisse
Poblacht Éimin République unie
Poblacht na hÉireann Amhrán na bhFiann
  Tuaisceart Éireann An Fonn Dhoire (neamhoifigiúil)
Oileáin Fharó Tú alfagra land mítt
Fidsí God Bless Fiji
an Fhionlainn Maamme
an Fhrainc La Marseillaise
Gána God Bless Our Homeland Ghana
Geansaí Sarnia Chérie
Geirsí Ma Normandie
an Ghabúin La Concorde
an Ghaimbia For The Gambia Our Homeland
an Ghearmáin Das Lied der Deutschen
an Ghraonlainn Nangmineq erinllik
an Ghréig Imnos pros tin Eleftherian
an Ghuáin Dear Land of Guyana, of Rivers and Palms
an Ghuine Liberté
Guine-Bissau Esta é a Nossa Pátrai Bem Amada
an Ghuine Mheánchiorclach Caminemos Pisando la Senda de Nuestra Inmensa Felicidad
Grenada Hail Grenada
Guam Stand Ye Guamanians
Guatamala ¡Guatemala feliz...!
  Guáin na Fraince La Marseillaise
Háití La Dessalinienne
Hondúras Tu bandera, tu bandera es un lampo de cielo
Iamáice Jamaica, Land We Love
an Iaráic Ardulfurataini Watan
an Iaráin Sorood-e Jomhoori-e Eslami
an India Jana-Gana-Mana
an Indinéis Indonesia Raya
an Iodáil Fratelli d'Italia
Inno di Mameli
an Íoslainn Lofsöngur
Iosrael Hatikvah
an Iordáin As-salam al-malaki al-urdoni
an Iorua Ja, vi elsker dette landet
An Ísiltír Wilhelmus van Nassouwe
an Laitvia Dievs, Sveti Latviju
Laos Pheng Xat Lao
Leosóta Lesotho Fatse La Bontata Rona
an Libéir All Hail, Liberia Hail
an Libia Libia, Libia, Libia
Lichtinstéin Oben am jungen Rhein
an Liobáin Koullouna Lilouataan Lil Oula Lil Alam
an Liotuáin Tautiska Giesme
Lucsamburg Ons Heemecht
Madagascar Ry Tanindrazanay malala ô
Oileáin Bhriotanacha na Maighdean God Save the Queen
Mailí Pour l'Afrique et pour toi, Mali
Málta L-Innu Malti
Maracó Hymne Chérifien
Oileáin Marshall Forever Marshall Islands
Maenmar Gba Majay Bma
Meicsiceo Mexicanos, al grito de guerra
an Mhacadóin Denes nad Makedonija
an Mhalaeisia Negara Ku
Oileáin Mhaildíve Gavmii mi ekuverikan matii tibegen kuriime salaam
an Mhaláiv Mlungu salitsani malawi
Stáit Aontaithe Mheiriceá The Star-Spangled Banner
an Mhicrinéis Patriots of Micronesia
an Mholdóiv Limba Noastra
an Mhongóil Hymne mongol
Oileán Mhuirís Motherland
Monacó Hymne Monégasque
Mósaimbíc Viva, Viva a FRELIMO
an Namaib Namibia, Land of the Brave
Nárú Nauru Bwiema
Neipeal Sayaun Thunga Phool Ka
Nicearagua ¡Salve a ti, Nicaragua!
an Nigéir Arise Oh Compatriots, Nigeria's Call Obey
an Nígir La Nigérienne
Nua-Ghuine Phapua O Arise, All You Sons
an Nua-Shéalainn God Defend New Zealand, God Save the Queen
Oileáin Cayman Beloved Isles Cayman (neamhoifigiúil)
na hOileáin Fhilipíneacha Lupang Hinirang
Óman Hymne du sultan
an Ostair Land der Berge, Land am Strome
Panama Alcanzamos por fin la victoria
Paragua Paraguayos, ¡República o Muerte!
Peiriú Somos libres, seámoslo siempre
an Phacastáin Pak sarzamin shad bad
an Phoblacht Dhoiminiceach Quisqueyanos valientes, alcemos
an Pholainn Mazurek Dàbrowskiego
an Phortaingéil A Portuguesa (La Portugaise)
Pórtó Ríce La Borinqueña
an Ríocht Aontaithe God Save the Queen/King
an Rómáin Desteapta-te, romane!)
Trei culori
an Rúis Chanson patriotique
Dieu sauve le Tsar
Ruanda Rwanda rwacu (Notre Rwanda)
an tSaimbia Stand and Sing of Zambia, Proud and Free
San Críostóir-Nimheas Oh Land of Beauty
San Lucia Sons and Daughters of St Lucia
  Saint Pierre agus Miquelon La Marseillaise
San Uinseann agus na Greanáidíní St Vincent Land So Beautiful
an tSalvadóir Saludemos la patria orgullosos
Samó The Banner of Freedom
Samó Meiriceánach Amerika Samoa
São Tomé agus Príncipe Independência total
an tSeapáin Kimi Ga Yo
an tSeoirsia Dideba zetsit kurtheuls
Oileáin Sholamón God Save Our Solomon Islands
an tSile Dulce Patria, recibe los votos
Daon-Phoblacht na Síne La Marche des Volontaires
Sead La Tchadienne
Poblacht na Seice Kde domov muj
an tSeineagáil Pincez tous vos koras, frappez les balafons
Siarra Leon High We Exalt Thee, Realm of the Free
Singeapór Majulah Singapura
an tSiombáib Kalibusiswe Ilizwele Zimbabwe
God Bless Africa
an tSiria Homat el Diyar
an tSlóivéin Zdravljica Naprej zastava slave
an tSlóvaic Nad Tatrou sa bl?ska
an Spáinn Marcha Real
Srí Lanca Sri Lanka Matha
an tSualainn Du gamla, Du fria (sibhialta);
Ur svenska hjärtans djup en gång (ríoga)
an tSuasalainn Nkulunkulu Mnikati wetibusiso temaSwati
an tSúdáin Nahnu Djundulla Djundulwatan
an tSúdáin Theas South Sudan Oyee!
Suranam God zij met ons Suriname
an Táidsíceastáin Hymne national tadjik
an Tansáin Mungu ibariki Afrika
an Téalainn Phleng Chat (sibhialta)
Phleng Sansasoen Phra Barami (ríoga)
an Téaváin San Min Chu I
An Tíomór Thoir Foho Ramelau
Tóga Salut à toi, pays de nos aïeux
Tonga Koe Fasi Oe Tui Oe Otu Tonga
Oileán na Tríonóide agus Tobága Forged From The Love of Liberty
an Túinéis Houmet el-Hima
an Tuirc Istiklâl Marsi
an Tuircméanastáin Hymne national turkmène
Tuvalu Tuvalu mo te Atua
an Úcráin Chtche ne vmerla Ukraïna
Uganda Oh Uganda, Land of Beauty
an Ungáir Isten áldd meg a magyart
Uragua ¡Orientales, la Patria o la Tumba!
Vanuatú Yumi, Yumi, Yumi
Cathair na Vatacáine Inno e Marcia Pontificale
Veiniséala Gloria al bravo pueblo
Vítneam Tien quan ca