Angóla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
República de Angola
Poblacht Angóla
Bratach Angóla Armas Angóla
Bratach Armas
Mana: Virtus Unita Fortior
Amhrán náisiúnta: Angola Avante!
Portaingéilis: "Angóla ar aghaidh!"
Suíomh Angóla
Príomhchathair Luanda
8°50′ Thuaidh 13°20′ Thiar
An chathair is mó Luanda
Teangacha oifigiúla Portaingéilis
Rialtas Daonlathas Ilpháirtíoch
José Eduardo dos Santos
Manuel Vicente
Neamhspleáchas
Dáta

ón Phortaingéil
11 Samhain 1975
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
1,246,700 km² (23ú)
-
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 1970
 • Dlús
 
15,941,000 (61ú)
5,646,166
13/km² (199ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2003
U S$43,362,000,000 (82ú)
US$2,813 (126ú)
Airgeadra Kwanza (AOA)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
+1 (UTC)
+1 (UTC)
Fearann Idirlín .ao
Glaochód +244

Is tír san Afraic í Angóla, nó Poblacht Angóla, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, nó República de Angola as Portaingéilis. Tá sí ag críochantacht leis an tSaimbia thoir, an Namaib theas, agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó thuaidh, ach tá eachtarchríoch bheag, Cabinda, suite idir an dá Chongó (Poblacht an Chongó agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó). Is é an tAigéan Atlantach an teorainn thiar. Is í Luanda an phríomhchathair, agus cúig mhilliún duine ina gcónaí ansin - aon cheathrú cuid de mhuintir na tíre go léir, beagnach. Cathracha tábhachtacha eile iad Benguela, Sumbe, Lubango agus Namibe, mar shampla.

Is í an Phortaingéilis an teanga oifigiúil náisiúnta, agus í á labhairt go forleathan mar theanga dhúchais in Angóla, fiú ag na bundúchasaigh. Glactar leis go bhfuil sí ó dhúchas ag 80 % de mhuintir na tíre. Is í an teanga Kimbundu an ceann is tábhachtaí de na teangacha bundúchasacha, agus is teanga Bhantúch í, cosúil leis an Svahaílis.

Stair[athraigh | edit source]

Tháinig na Portaingéalaigh go hAngóla an chéad uair faoi dheireadh na cúigiú haoise déag. San am sin, bhí na ríochtaí beaga úd Ndongo agus Lunda anseo - ríochtaí a bhí faoi fhorlámhas an Chongó. Shocraigh na Portaingéalaigh conradh faoi chaidreamh taidhleoireachta leis an gCongó sa bhliain 1483, agus rinne siad lárionad tábhachtach tráchtála den cheantar seo. Sa bhliain 1575, bhunaigh an taiscéalaí Portaingéalach Paulo Dias de Novais cathair Luanda, nó São Paulo de Loanda, Naomh Pól ó Loanda, mar a bhaist sé ar an áit. Chuaigh céad comhluadar de choilínithe a chónaí i Luanda ar dtús, agus fuair siad ceithre céad saighdiúir mar gharda cosanta.

Áit thábhachtach eile a bhí i mBenguela. Bunaíodh mar dhún is mar bhunáit mhíleata í ar dtús, thiar sa bhliain 1587, agus hiompaíodh ina cathair í sa bhliain 1617.

Is iar-choilíneacht Phortaingéalach í a fuair a neamhspleáchas san bhliain 1975. Díreach ina dhiaidh sin thosaigh cogadh san tír idir trí grúpaí - UNITA (União Nacional para a Independência Total de Angola), an MPLA (Movimento Popular para a Libertação de Angola) agus an FNLA (Frente Nacional para Libertação de Angola). D'fhág na Portaingéalaigh an tír go tapaidh gan rialtais eile a chuir i bhfeidhm agus d'éirigh leis an MPLA rialtais a chruthú sa phríomhchathair díreach ina dhiaidh sin. D'fhéach an FNLA agus an UNITA ruaigeadh a chur ar an MPLA ach níor éirigh leo. Don chéad dul síos d'ionsaigh an FNLA an tír ón tSáír (anois Poblacht Dhaonlathach an Chongó) le cabhair ó na Meiriceánaigh agus ó Mhobutu Sese Seko, deachtóir na Sáíre. Cuireadh scaipeadh ar fhórsaí an FNLA le cabhair saighdiuirí Cúbacha; chuir na Cúbaigh ruaigeadh ar an UNITA agus ar na fórsaí ón Afraic Theas a bhí ag máirseáil aneas i dtreo na príomhchathrach díreach ina dhiaidh sin. Ba é sin deireadh an FNLA mar grúpa armtha, ach lean an UNITA leo ag troid go dtí an bhliain 2002 nuair a maraíodh ceannaire UNITA, Jonas Savimbi, i gceanntair Moxico in oirthear na tíre.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tá teoireannacha aici leis an Namaib, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an tSaimbia, Poblacht an Chongó agus cósta leis an tAigéan Atlantach. Is í an Cúige Cabinda a bhfuil in aice Poblacht an Chongó, nó Congó-Brassabhíl, mar a ghlaotar ar san réigiún de gnáth.

Is í ceanntair an Plan-Alto is ceanntair is airde sa tíre; téinn amhainneanna ón Plan-Alto i trí dtreo - ó thuaidh isteach i amhainn An Chóngo, i dtreo an iarthiar díreach go dtí cósta Angóla féin, agus go dtí an oirthear, téann amhainnte a nós an Luena go isteach i Amhainn an Sambesí.

Eacnamaíocht[athraigh | edit source]

Ba é ola foinse airgead rialtais an MPLA le rith an cogadh in Angóla agus tá sé fíor tabhachtach do cúrsaí eacnamaíochta an tír fós. Tá formhór ola na tíre suite faoin farraige in aice le cósta an tír go h-airithe in aice le Cabinda. De bharr feabhsaí teicneolaíochta is féidir ola a ghabháil níos faide don cósta i farriage domhain ná riamh agus dá bharr sin tá ionadaí ola na tíre ag fás go fóill. Tagainn tuairim is 8 go 10% do iomportaí ola Meirceá ó Angóla, is tá na comhlachtaí mór ollaigh go léir ag obair ann. Thosaigh an tSín ag baint ola amach don tír i mbliana freisin. Chuaigh Angóla isteach i OPEC i mbliana, an céad tír a chuaigh isteach inti ó na seachtaidí anuas.

Chomh maith le ola, tá foinse eile ssaibreas sa tír. Úsáid UNITA airgead ó diamantaí a dhíol - diamantaí fuil mar a ghlaotar orthu chun airgead a bhaint amach i gcomhair a cogadh agus tá diamataí ann fós. Lasmuigh do sin, tá talún maith sa tír agus is féidir bia, cadás agus tobac a fás ann.

Cúrsaí Slándála[athraigh | edit source]

Cé go bhfuil an saibhreas seo go léir i láimh ceannairí na tíre, tá Angóla fós ceann do tíre ba mheasa sa domhain chun bheith ina páiste ann. Faigheann páiste amháin i cúig bás roimh cúig bliain d'aois. Níl an rialtais ag déeanamh go leor chun a daoine féin a chabhrú leis an saibhreas atá sa tír

Tagairtí[athraigh | edit source]

  • Global Witness (1999). A Crude Awakening, The Role of Oil and Banking Industries in Angola's Civil War and the Plundering of State Assets. London, UK, Global Witness. http://www.globalwitness.org/media_library_detail.php/93/en/a_crude_awakening
  • Hodges, T. (2004). Angola: The Anatomy of an Oil State. Oxford, UK and Indianapolis, US, The Fridtjol Nansen Institute & The International African Institute in association with James Currey and Indiana University Press.
  • Human Rights Watch (2004). Some Transparency, No Accountability: The Use of Oil Revenues in Angola and Its Impact on Human Rights. New York, Human Rights Watch. http://www.hrw.org/reports/2004/angola0104/
  • Human Rights Watch (2005). Coming Home, Return and Reintegration in Angola. New York, Human Rights Watch. http://hrw.org/reports/2005/angola0305/
  • Jackie Cilliers and Christian Dietrich, Eds. (2000). Angola's War Economy: The Role of Oil and Diamonds. Pretoria, South Africa, Institute for Security Studies.
  • Kevlihan, R. (2003). "Sanctions and humanitarian concerns: Ireland and Angola, 2001-2." Irish Studies in International Affairs 14: 95-106.
  • Lari, A. (2004). Returning home to a normal life? The plight of displaced Angolans. Pretoria, South Africa, Institute for Security Studies. http://www.iss.co.za/pubs/papers/85/Paper85.pdf
  • Lari, A. and R. Kevlihan (2004). "International Human Rights Protection in Situations of Conflict and Post-Conflict, A Case Study of Angola." African Security Review 13(4): 29-41. Téigh go dtí http://www.iss.co.za/pubs/ASR/13No4/FLari.pdf chun an alt seo a léamh.
  • Le Billon, P. (2001). "Angola’s Political Economy of War: The Role of Oil and Diamonds." African Affairs(100): 55-80.
  • Le Billon, P. (2005). "Aid in the Midst of Plenty: Oil Wealth, Misery and Advocacy in Angola." Disasters 29(1): 1-25.
  • Médecins Sans Frontières (2002). Angola: Sacrifice of a People. Luanda, Angola, MSF. http://www.doctorswithoutborders.org/publications/reports/2002/angola1_10-2002.pdf
  • Pearce, J. (2004). "War, Peace and Diamonds in Angola: Popular perceptions of the diamond industry in the Lundas." 2005.African Security Review 13 (2), 2004, pp 51-64. http://www.iss.co.za/pubs/ASR/13No2/AW.pdf
  • Porto, J. G. (2003). Cabinda: Notes on a soon to be forgotten war. Pretoria, South Africa, Institute for Security Studies. http://www.iss.co.za/pubs/papers/77/Paper77.html
  • Tvedten, I. (1997). Angola, Struggle for Peace and Reconstruction. Boulder, Colorado, Westview Press.
  • Vines, A. (1999). Angola Unravels: The Rise and Fall of the Lusaka Peace Process. New York and London, UK, Human Rights Watch.