The Star-Spangled Banner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
The Star-Spangled Banner
Gaeilge: An Bhratach Ghealréaltach
Defence of Fort M'Henry broadside.jpg
Cóip as an bhliain 1814
Amhrán Náisiúnta na Stát Aontaithe
Liricí Francis Scott Key, 1814
Ceol John Stafford Smith, 1780
Glactha 1931
Sámpla ceoil

Is é The Star-Spangled Banner (Gaeilge: An Bhratach Ghealréaltach) amhrán náisiúnta na Stát Aontaithe. Ba é an file amaitéarach Francis Scott Key a chum an téacs sa bhliain 1814. Dhá bhliain roimhe sin, bhí na Stáit Aontaithe agus Sasana ag cur cogaidh ar a chéile, agus le linn an chogaidh seo, chonaic Key an cath a cuireadh faoi Baltimore i Maryland le linn an chogaidh seo. Chuaigh na longa cogaidh Sasanacha i dtír i mBá Chesapeake, ach d'éirigh leis na saighdiúirí a bhí ar garastún i bhFort McHenry, dúnfort in aice le Baltimore, stop a chur le hionsaí na Sasanach. Ní raibh i gceist leis an amhrán ar dtús ach dán a chum Key leis an eachtra seo a chur i míotar, agus is é an teideal a chuir sé air ná The Defense of Fort McHenry.

Maidir leis an bhfonn, ní raibh ann ach amhrán ólacháin ó Shasana ar dtús, To Anacreon in Heaven, agus ba é an ceolchumadóir Sasanach John Stafford Smith a chum é. Bhí na Meiriceánaigh an-doirte don fhonn, agus is iomaí cineál líricí a chuir siad leis.

Níor glacadh go hoifigiúil leis an mBratach Ghealréaltach mar amhrán náisiúnta ach sa bhliain 1933, nuair a bhí Herbert Hoover ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Bhí stádas oifigiúil ag an amhrán i gCabhlach na Stát Aontaithe ón mbliain 1889, agus bhítí á sheinm mar fháilte roimh an Uachtarán go hoifigiúil ón mbliain 1916.

Roimh an mBratach Ghealréaltach, bhí úsáid á baint as amhráin thírghráúla eile, go háirithe as Hail, Columbia, a cumadh an chéad uair mar fhonn máirseála don Uachtarán George Washington.

Is féidir an Bhratach Ghealréaltach a chanadh as Gaeilge. Ba é an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh a chum an leagan Gaeilge thíos[1].

Buntéacs Béarla[athraigh | edit source]

O! say can you see by the dawn's early light
What so proudly we hailed at the twilight's last gleaming?
Whose broad stripes and bright stars through the perilous fight,
O'er the ramparts we watched were so gallantly streaming?
And the rockets' red glare, the bombs bursting in air,
Gave proof through the night that our flag was still there.
Oh, say does that star-spangled banner yet wave
O'er the land of the free and the home of the brave?
On the shore, dimly seen through the mists of the deep,
Where the foe's haughty host in dread silence reposes,
What is that which the breeze, o'er the towering steep,
As it fitfully blows, half conceals, half discloses?
Now it catches the gleam of the morning's first beam,
In full glory reflected now shines in the stream:
'Tis the star-spangled banner! Oh long may it wave
O'er the land of the free and the home of the brave!
And where is that band who so vauntingly swore
That the havoc of war and the battle's confusion,
A home and a country should leave us no more!
Their blood has washed out their foul footsteps' pollution.
No refuge could save the hireling and slave
From the terror of flight, or the gloom of the grave:
And the star-spangled banner in triumph doth wave
O'er the land of the free and the home of the brave!
O! thus be it ever, when freemen shall stand
Between their loved home and the war's desolation!
Blest with victory and peace, may the heav'n rescued land
Praise the Power that hath made and preserved us a nation.
Then conquer we must, when our cause it is just,
And this be our motto: 'In God is our trust.'
And the star-spangled banner in triumph shall wave
O'er the land of the free and the home of the brave!

Téacs Gaeilge[athraigh | edit source]

Bhí an t-aistriúchán seo á scaoileadh timpeall ar an liosta ríomhphoist GAELIC-L thiar sna 1990idí. An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh a d'aistrigh ón mBéarla.

Ó abair, an léir dhuit le fáinne an lae
An bhratach 'bhí in airde le titim na hoíche?
Tríd an gcath 'bhí na riabha is na réaltaí gealghlé
Ag a luascadh go huasal is ag míniú ár gcroíthe
Is ar imeacht don ló níor ghéill sé go deo
Ach a caorthinte ag pléascadh sna spéartha le gleo!
Ó abair an bhfuil an bhratach ghealréaltach go síor
Os cionn thír na gcrógach is talamh na saor?
  • ag a luascadh: dá luascadh.
  • : lá (seantuiseal tabharthach).
  • crógach: cróga.
Ar an trá thall go doiléir i lár cheonna na dtonn
Tá slua mór Shasan' go gruama ina luí
Cad é siúd ar an ard thuas ag luascadh anonn
Is á cheilt is á thaispeáint, 'réir athrú na gaoithe?
'Nois tá solas na gréine ag lonradh air go tréan
'Nois is léir dhom a scáile sa toinn - féach í féin!
'Sé an bhratach ghealréaltach, go raibh sí go síor
Os cionn thír na gcrógach is talamh na saor!
  • toinn: tonn (seantuiseal tabharthach).
Is cad d'éirigh don drong a thug mionna go teann
Go bhfágfadh gan tír sinn gan áras 'na sheasamh?
Is go dtabharfaidís léan leo, is leatrom is lann?
Ó, seo scrios a gcuid fola rian gránna a gcosa.
Níl cara ná cáil ag fealltóir ná tráill,
San uaigneas, san uaigh, níl a bhfoscadh le fáil!
'S tá an bhratach ghealréaltach go buach go síor
Os cionn thír na gcrógach is talamh na saor!
Gurab amhlaidh go brách, nuair a sheasfaidh na laoich
Idir slua na namhad is áras a gclainne,
'S go raibh altú is glóir d'Athair Bua is Síth'
Thug dúiche Uaidh féin dúinn go deireadh na cruinne,
Beidh rath ar an Neart, mar tá linne an Ceart
Is tá dóchas ár gcroí as Dia na bhFeart,
'S beidh an bhratach ghealréaltach go buach go síor
Os cionn thír na gcrógach is talamh na saor!
  • síth: síocháin. Athair Bua agus Síthe: Athair an Bhua is na Síochána, is é sin, Dia.