Baltimore, Maryland
| Baltimore | |
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Stát: | Maryland |
| Méara: | S.C. Rawlings-Blake |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 238.5 km² |
| Daonra: | 637,418 |
| Dlús daonra: | 3,045.7/km² |
| Crios ama: | EST/EDT (UTC-5/-4) |
| www.baltimorecity.gov | |
Is é Baltimore an chathair is mó i stát Maryland i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bunaíodh í sa bhliain 1729 ar an gcuid thaoidmhear den abhainn Patapsco in aice leis an áit a dtéann sí isteach i mBá Chesapeake. Calafort mór tábhachtach é atá ceangal níos fearr aige le margaí an Midwest ná mar atá ag aon chalafort eile ar chósta thoir na tíre úd. Ba é an calafort céanna an dara bealach isteach ba mhó d’imircí sna Stáit Aontaithe (i ndiaidh cuan Nua-Eabhraic) chomh maith. Lárionad mór déantúsóireachta a bhíodh ann, tráth, ach seirbhísí an earnáil is tábhachtaí i ngeilleagar na cathrach inniu. Measadh 637,418 duine a bheith ina gcónaí sa chathair sa bhliain 2009.[1]
Ainmníodh an chathair i ndiaidh an Tiarna Baltimore, ball de Theach na dTiarnaí i bParlaimint na hÉireann agus bundílseánach de chuid Choilíneacht Maryland. Fuair an duine seo a theideal as Baile an Tí Mhóir (arb é Baltimore an leagan Béarla de) i bparóiste Bharr na Cúile i gcontaetha Liatroma agus Longfoirt. Níl aon bhaint ag ainm na cathrach le Baltimore, nó Dún na Séad, i gContae Chorcaí.
Tagairtí [athraigh]
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.