My Belarusy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilMy Belarusy

Cuir in eagar ar Wikidata
Teideal bunaidhМы, беларусы
Foirm cheoilamhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Sámpla ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tonúlachtmórghléas F Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirNiescier Sakałoŭski
LiriceoirMikhas Klimkovich (en) Aistrigh agus Uladzimir Karyzna
Teanga an tsaothair nó an ainman Bhealarúisis
Dáta a bunaíodh2 Iúil 2002
Dáta foilsithe1955
Musicbrainz: 96403584-5584-47b0-974a-4a83056c6171 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é "My Belarusy" (Bealarúisis: Мы, беларусы, Rúisis: Мы, белорусы, "Sinne, na Bealarúisigh") teideal neamhoifigiúil amhrán náisiúnta na Bealarúise agus céad líne liricí an amhráin. Tá an t-ainm "Amhrán Stáit Phoblacht na Bealarúise" (Bealarúisis: Дзяржаўны гімн Рэспублікі Беларусь, Rúisis: Государственный гимн Республики Беларусь) ar "My Belarusy" go hoifigiúil. Scríobhadh agus glacadh leis an amhrán sa bhliain 1955 chun a bheith mar amhrán náisiúnta ar Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise. Chum Niescier Sakałoŭski ceol an amhráin agus scríobh Mikhas Klimkovich liricí amhrán náisiúnta PSS na Bealarúise.

I ndiaidh thitim an Aontais Shóivéadaigh, coimeádadh an ceol ar scríobh Sakałoŭski ach níor coimeádadh na liricí. Glacadh le liricí nua, ar scríobh Klimkovich agus Uladzimir Karyzny, nuair a eisíodh Foraithne ón Uachtarán an 2 Iúl 2002. Is éard atá i gceist le liricí an amhráin sa lá atá inniu ann ná Bealarúis chairdeachais, arna tabhairt onóir d'iar-chathanna míleata agus arna breathnú ar aghaidh go dtí an todhchaí. Coinníodh leis an gceol mar gheall ar a cheangail stairiúla do Bhealarúis.