Poblacht Mhósaimbíc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
República de Moçambique
Poblacht Mhósaimbíc
Bratach Mósaimbíc Armas Mósaimbíc
Bratach Armas
Mana: -
Amhrán náisiúnta: Pátria Amada
Suíomh Mósaimbíc
Príomhchathair Maputo
25°57′ Theas 32°35′ Thoir
An chathair is mó Maputo
Teangacha oifigiúla Portaingéilis
Rialtas Poblacht
Armando Guebuza
Aires Ali
Neamhspleáchas
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
801,590 km² (35ú)
2.2
Daonra
 • Meas. ó 2010
 • Daonáireamh 1997
 • Dlús
 
22,416,881 (53ú)
16,099,246
25/km² (178ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$27.013 billiún (100ú)
$1,389 (158ú)
Airgeadra Metical (MZM)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+2)
(UTC+2)
Fearann Idirlín .mz
Glaochód +258

Is tír san Afraic í Poblacht Mhósaimbíc. Is í Maputo an phríomhchathair. Is iar-choilíneacht de chuid na Portaingéile í. Tá sí 801,590 ciliméadar cearnach ar achar, agus meastar go raibh breis is 22 milliún duine ina gcónaí sa tír sa bhliain 2010.

Tá Mósaimbíc ag críochantaíocht leis an Maláiv, an tSaimbia, an tSiombáib, agus an Tansáin. Tá dhá oileán de chuid Mhósaimbíce, Oileán Chizumulu agus Oileán Likoma, suite i Loch na Maláive, ionas go bhfuil siad timpeallaithe ag uiscí na Maláive ó gach taobh.

Is í an Phortaingéilis teanga oifigiúil Mhósaimbíce, ach is léir go bhfuil an dúrud teangacha bundúchasacha á labhairt ar fud na tíre. Is í an teanga Makhuwa an ceann is líonmhaire cainteoirí acu, ach níl sí féin ó dhúchas ach ag dhá nó trí mhilliún duine. Teangacha móra eile iad an teanga Tsonga agus an teanga Ndau.

Fuair an tír a neamhspleáchas sa bhliain 1975. Ina dhiaidh sin, áfach, chuir ceannairí FRELIMO, an ghluaiseacht treallchogaíochta, rialtas aon pháirtí ar bun a bhí go mór mór faoi thionchar an Aontais Shóivéadaigh. B'é Samora Machel a chuaigh i mbun na hUachtaránachta. Bhí cuid mhaith de mhuintir na tíre míshásta le polasaithe Marxacha Machel, agus tháinig gluaiseacht treallchogaíochta, RENAMO, ar an bhfód le troid a chur ar rialtas FRELIMO. Bhí RENAMO ag fáil cuidiú ón Afraic Theas, ina raibh an apairtéid faoi réim ag an am seo. Ón taobh eile, bhí Machel ag tacú go gníomhach le gluaiseachtaí frithapairtéide, ar nós na Comhdhála Náisiúnta Afracánaí (ANC).

Ní raibh Machel ábalta geilleagar na tíre a choinneáil ag imeacht, áfach, agus an tír ag titim as a chéile de dheasca na cogaíochta. Ní raibh sé in ann ach na cathracha ar fud an chósta a choinneáil faoi smacht, áfach, agus treallchogaithe RENAMO ag rith damhsa faoin tuath. Sa bhliain 1983, d'admhaigh Machel nach raibh ag éirí leis na polasaithe Marxacha, agus go gcaithfí geilleagar margaidh a thabhairt isteach agus leasuithe polaitiúla a chur i gcrích. Trí bliana ina dhiaidh sin, áfach, fuair Machel bás tobann i dtimpiste eitleáin. Creidtear go raibh lámh ag fórsaí slándála na hAfraice Theas sa timpiste seo.

Tháinig Joaquim Chissano i gcomharbas ar Machel, agus chuir seisean tús le comhchainteanna síochána le RENAMO. Sa bhliain 1990, tháinig daonlathas ilpháirtithe i bhfeidhm go hoifigiúil, nuair a reachtaíodh bunreacht nua. Mhair an cogadh cathartha go dtí an bhliain 1992, áfach.

Cnoc Mourresse agus feirmeacha ina aice Gurué, i dtuaisceart na tíre

Tagairtí[athraigh | edit source]