Na Ceithre Sheod
Sna Scéalta Miotaseolaíochta na nGael, insítear gur thóg na Tuatha Dé Danann ceithre sheod draíochta leo go hÉirinn, ó na ceithre chathracha oileánda Murias, Falias, Gorias agus Findias.
Téacsanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faightear na ceithre seoda mar ábhar i dtrí téacsanna Meán-Ghaeilge ar a laghad:
- scéilín in athleagan idirshuite de Lebor Gabála Érenn (LGÉ)
- sa 17ú haois, thóg Seathrún Céitinn an leagan seo mar bhunús dá Foras Feasa ar Éirinn.[1]
- réamhrá, idirshuite ón LGÉ, de Cath Maighe Tuireadh (CMT)[2]
- "Na Ceithre Seoda", téacs gearr níos deireanaí sa Leabhar Buí Leacáin, le réamhrá próis agus dán.
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa chéad athleagan den LGÉ, deirtear go raibh na Tuatha Dé Danann ina gcónaí sna hoileán tuaisceartacha an domhain, áit a teagascadh iad sna healaíona draíochta sula ndeachaigh siad i scamaill dhorcha go Connachta in Éirinn. De réir an leagain seo, thóg siad trasna na mara leo ach amháin an Lia Fáil.[3]
I leagan amháin den LGÉ, sa CMT agus téacs amháin eile, rinneadh tuilleadh forbartha ar an scéal. Deir CMT agus LGÉ, bhí ceithre chathair i n-insib tūascertachaib in domain, darb ainmneacha Falias, Gorias, Findias agus Murias.[4] Luann an LBL na cathracha, ach is amhlaidh go bhfuil siad sa Chríoch Lochlann dar leis. Tháinig na Tuatha Dé Danann — de shliocht Béothach mac Iarbonel — i dtír anseo, agus ghlacadar chucu féin druideacht, fios, fáistine[5] agus oilteacht draíochta.[6] Ar gach oileán, bhí file ann a raibh oilteacht ar leith aige sna healaíona asarlaíochta.[4]
Nuair a tháinig na Tuatha Dé go hÉirinn, deirtear gur thóg siad ceithre bhall draíochta leo ó na cathracha úd:
Cathair | File | Ball | Tréithe |
Falias | Morfessa nó Fessus | Lia Fáil | Scairteadh sé faoi bhun Ard-Rí na hÉireann. |
Goirias nó Gorias | Esras | Sleá Lugh | Níor cloíodh éinne riamh a bheartaigh é. |
Findias nó Finias | Uiscias nó Uscias | Claíomh Solais le Nuada Airgeadlámh | Níor éaligh duine uaidh riamh agus é tarraingthe óna truaille, agus níorbh fhéidir le héinne a chur ina choine. Sa Táin, tugadh Coinneal Nuada air.[7] |
Muirias or Murias | Semias | Coire an Daghdha (acmm Coire ainsic[8]) | Níor imigh buíon ar bith uaidh míshasta. |
De réir A. C. L. Brown agus R. S. Loomis, is ionann sleá Lugh agus Lúin Chealtchair, a deirtear in Togail Bruidne Dá Derga gur aimsiódh i rith Cath Maighe Tuireadh é. Níl fiainise ann ámh sna foinsí liteartha a cheanglaíonn an dá ghaisce.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Gabhála na hÉireann, eag. agus aistr. R.A.S. Macalister. Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland. Part IV. Irish Texts Society 41. London, 1941. Section VII, § 304-5.
- Cath Maighe Tuireadh, eag. agus aistr. Elizabeth A. Gray, Cath Maige Tuired: The Second Battle of Mag Tuired. Irish Texts Society 52. Cill Dara, 1982.
- "The Four jewels", Dán Meán-Ghaeilge le reámrá próis sa Leabhar Buí Leacáin, eag. agus aistr. Vernam Hull.
- "The four jewels of the Tuatha Dé Danann." Zeitschrift für celtische Philologie 18 (1930), ll. 73-89. Le fáil ar CELT.
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, eag. agus aistr. D. Comyn agus P.S. Dinneen, Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn. 4 iml. Irish Texts Society 4, 8 and 9. Londain: David Nutt, 1902-1914.
Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gray, Elizabeth A. (1981). "Cath Maige Tuired: myth and structure (1-24)". Éigse 18: 183–209.
- Dumézil, Georges. Jupiter, Mars, Quirinus. Essai sur la conception indo-européenne de la société et sur les origines de Rome. Gallimard, Páras, 1941; go háirithe lch. 228.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Céitinn, Foras feasa ar Éirinn. Leabhar 1, cuid 10.
- ↑ Cé go dtéann an scéla siar go dtí an 9ú haois, Is amhlaidh gur chuir scríobhaí Meán-Ghaeilge an réamhrá isteach, leis an LGÉ mar bhunús. Féach Gerard Murphy, "Notes on Cath Maige Tuired." Éigse 7 (1954), lch. 195.
- ↑ Lebor Gabála Érenn, eag. agus aistr. R.A.S. Macalister. Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland. Part IV. Irish Texts Society 41. Chéad athleagan. §§ 55-7.
- ↑ 4.0 4.1 Lebor Gabála Érenn Part IV § 203; Cath Maige Tuired §§ 1-2.
- ↑ fáitsine sic ar eDIL
- ↑ amainsecht ar eDIL
- ↑ "The Táin: From the Irish epic Táin Bó Cuailnge" (26 Meán Fomhair 2002). OUP Oxford.
- ↑ ainsic ar eDIL