Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Téacs mana | United by Music |
---|---|
Cineál | annual music competition (en) saincheadúnas teilifíse political event (en) |
Ainmnithe in ómós | Eurovision (en) |
Bailíocht | 1956 - |
Tréimhse | 1956 - |
Fad ama | 2 h agus 4 h |
Bunaithe ar | Sanremo Music Festival (en) |
Mór-roinn | an Eoraip, an Áise, an Aigéine agus an Afraic |
Eagraí | European Broadcasting Union (en) |
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla agus an Fhraincis |
Seánra | songwriting competition (en) |
Eile | |
Nation in the Eurovision Song Contest (en) | |
Eurovision Song Contest entry (en) | |
Eurovision Song Contest edition (en) | |
Suíomh gréasáin | eurovision.tv |
Haischlib | #eurovision agus #ESC |
Is comórtas Eorpach bliantúil é Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse (nó Comórtas Amhrán Eoraifíse uaireanta; Béarla: Eurovision Song Contest, Fraincis: Concours Eurovision de la Chanson)[1] ina nglacann baill ghníomhacha Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE) páirt.
Cuireann gach ballstát amhrán isteach chun a bheith curtha i láthair ar an teilifís beo agus ansin caitheann siad vótaí d'amhráin na dtíortha eile chun an t-amhrán is fearr sa chomórtas a bhaint amach. Glacann gach tír páirt trí cheann de na stáisiúin teilifíse atá ina mbaill den ACE. Tá sé mar thasc ag an stáisiún teilifíse sin amhrán agus amhránaí a roghnú chun páirt a ghlacadh sa chomórtas idirnáisiúnta.
Craoltar an Comórtas gach bliain ó bhliain a thionscnaimh (1956) agus is é an clár teilifíse is sinne agus fós ar siúl ar domhain. Breathnaíonn a lán daoine ar an teagmhas sin (is é an teagmhas is mó ar domhain seachas tionóil lúthchleas). Luaitear figiúirí don lucht féachana idir 100 milliún agus 600 milliún le blianta beaga anuas.[2][3] Craoltar an Eoraifís lasmuigh den Eoraip freisin, i dtíortha mar an Airgintín, an Astráil, Ceanada, an tSín, an Éigipt, an India, an tSeapáin, an Iordáin, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Téalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Chóiré Theas agus Uragua cé nach nglacann siad páirt sa chomórtas.[4][5][6] Ón mbliain 2000, craoltar an comórtas ar an idirlíon.[7]
Bunús
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1950idí, bhí an Eoraip ag athfhorbairt i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda agus chuir Aontas Craolacháin na hEorpa (ACE), atá bunaithe san Eilvéis coiste ad hoc ar bun chun bealaigh nua a lorg chun tíortha na hEorpa a thabhairt le chéile trí chláir shiamsaíochta.[8] Ag cruinniú coiste a comóradh i Monacó i mí Eanáir 1955, choincheap Marcel Bezençon, ard-stiúrthóir teilifís na hEilvéise agus cathaoirleach coiste, idé an chomórtais amhránaíochta idirnáisiúnta, ina nglacfadh tíortha páirt i gclár teilifíse amháin a dtarchuirfeadh go comhuaineach do gach tír san aontas.[8][9] Bhí an comórtas bunaithe ar Fhéile Cheoil Sanremo ón Iodáil.[10] Chonacthas an comórtas mar thurgnamh teicneolaíocha i dteilifíseán beo mar, san am sin, tionscadal uaillmhianach a bhí ann roinnt tíortha a nascadh le chéile i ngréasán idirnáisiúnta mar sin. Ní raibh teilifís satailíte ann ag an am sin agus gréasán micreathoinne domhanda a bhí i gceist leis an nGréasán Eoraifíse mar a deirtear le.[11] Cheadaigh Comhthionól Ginearálta ACE an coincheap, dá ngaireadh "Eurovision Grand Prix" ag an am sin, i gcruinniú a comóradh sa Róimh an 19 Deireadh Fómhair 1955 agus beartaíodh go mbeadh an chéad chomórtas ar siúl i rith an earraigh sa bhliain 1956 in Lugano, an Eilvéis.[8] Baineadh George Campey, iriseoir Briotanach úsáid don chéad uair as an ainm "Eurovision" maidir le gréasán an ACE in London Evening Standard sa bhliain 1951.[9]
Bhí an chéad chomórtas ar siúl an 24 Bealtaine 1956 i mbaile Lugano, an Eilvéis. Ghlac seacht dtír páirt sa chomórtas — chuir gach tír dhá amhrán isteach sa chomórtas agus mar sin, bhí 14 amhrán san iomlán. B'é seo an t-aon chomórtas inar cheadaíodh níos mó ná amhrán amháin ó gach tír a cur i láthair: ón mbliain 1957, ní raibh ach amhrán amháin ceadaithe ó gach tír. Bhuaigh an Eilvéis, an tír aíochta, an chéad chomórtas sin.[12]
Tugadh "Eurovision Grand Prix" ar an gcomórtas ar dtús. Glacadh an t-ainm "Grand Prix" seo leis na tíortha Frainciseora agus tugadh "Le Grand-Prix Eurovision de la Chanson Européene" ar an gComórtas.[13] Ní úsáidtear "Grand Prix" a thuilleadh agus cuireadh "Concours" (comórtas) in ionad "Grand Prix" sna tíortha sin. Baintear úsáid as an nGréasán Eoraifíse chun cláir nuachta agus spóirt a chraoladh go hidirnáisiúnta, i measc teagmhas eile lena n-eagraítear leis an ACE.[14] In aigne an phobail, áfach, tá an t-ainm "Eurovision" i gcomhlachas go géar leis an gComórtas Amhránaíochta.[11]
Formáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá formáid an chomórtais tar éis athrú trí na blianta, cé go mbíonn dearbhphrionsabail an chomórtais mar seo a leanas i gcónaí: cuireann na tíortha rannpháirteacha amhráin isteach sa chomórtas agus cuirtear na hamhráin seo i láthair le linn chlár teilifíse bheo a chraoltar go comhuaineach ar fud ghréasán na hEoraifíse do gach tír. Bíonn craoltóir teilifíse ina ionadaí do gach tír: de ghnáth is é sin eagraíocht craolta poiblí na tíre, ach níl sé sin an cás i gcónaí. Bíonn ceann de na tíortha rannpháirteacha ina n-óstach don chomórtas agus seoltar an tarchar ón hall sa chathair aíochta. I rith an chláir seo, agus tar éis gach amhrán a bheith curtha i láthair, leanann na tíortha ar aghaidh chun vótaí a chaitheamh d'amhráin na dtíortha eile: ní cheadaítear vóta a chaitheamh do do thír féin, áfach. Ag deireadh an chláir, fógraítear an buaiteoir - is é sin an tír leis an líon pointí is mó. Is é gradam an bhua mar dhuas an chomórtais ach de ghnáth bronntar trófaí ar scríbhneoirí an amhráin. Tugtar cuireadh don tír bua an comórtas a óstáil an bhliain dár gcionn.
De ghnáth, osclaíonn láithreoir amháin nó níos mó an clár, ag cur fáilte roimh lucht féachana an seó. Uaireannta, feictear gearrthóga físe den tír aíochta i rith an chláir. Idir na hamhráin agus fógairt na dtorthaí, cuirtear gníomh idirlinne i láthair. Cuimsíodh hidirlinnte sin gníomhartha mar The Wombles (1974) agus céad chur i láthair den seó Riverdance (1994).
Is é réamhdhréacht do Te Deum le Marc-Antoine Charpentier an ceol téama a seinntear roimh agus tar éis chraoltaí Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse.
Tarlaíonn babhta ceannais de sheó Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse de ghnáth i rith oíche Dé Sathairn, ag 19.00 UTC (20.00 BST, nó 21.00 CEST). Rognaítear Satharn amháin i mí na Bealtaine, ach tharla an comórtas ar Déardaoin cheana (1956) agus chomh luath mar mhí an Mhárta.
Ag vótáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir le gach tír san Eoraip páirt a ghlacadh sa chomórtas. Canann siad i ngach teanga, ach go háirithe as Béarla, ach is féidir amhrán a chanadh as Gaeilge, Iodális, i Fraincis, srl.
Tíortha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Baill ghníomhacha ACE incháilithe chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is iad na Baill ghníomhacha ná na stáit a bhfuil laistigh de Cheantar Craolacháin na hEorpa, nó na stáit a bhfuil ina mbaill de Chomhairle na hEorpa. Tá Ceantar Craolacháin na hEorpa sainmhínithe ag an Aontas Teileachumarsáide Idirnáisiúnta mar:
“ | The "European Broadcasting Area" is bounded on the west by the western boundary of Region 1, on the east by the meridian 40° East of Greenwich and on the south by the parallel 30° North so as to include the western part of the USSR, the northern part of Saudi Arabia and that part of those countries bordering the Mediterranean within these limits. In addition, Iraq, Jordan and that part of the territory of Turkey lying outside the above limits are included in the European Broadcasting Area. | ” |
Cuimsíonn baill ghníomhacha eagraíochtaí craolacháin le tarchur a bhfuil ar fáil do 98% de na teaghlaigh ina dtír ar a laghad.
Buaiteoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]De Tír
[cuir in eagar | athraigh foinse]Buaiteoirí | Tír | Bliana |
---|---|---|
7 | Éire | 1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996 |
An tSualainn | 1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023 | |
5 | An Fhrainc | 1958, 1960, 1962, 1969, 1977 |
Lucsamburg | 1961, 1965, 1972, 1973, 1983 | |
An Ríocht Aontaithe | 1967, 1969, 1976, 1981, 1997 | |
An Ísiltír | 1957, 1959, 1969, 1975, 2019 | |
4 | Iosrael | 1978, 1979, 1998, 2018 |
3 | An Iorua | 1985, 1995, 2009 |
An Danmhairg | 1963, 2000, 2013 | |
An Iodáil | 1964, 1990, 2021 | |
An Úcráin | 2004, 2016, 2022 | |
2 | An Spáinn | 1968, 1969 |
An Eilvéis | 1956, 1988 | |
An Ghearmáin | 1982, 2010 | |
An Ostair | 1966, 2014 | |
1 | Monacó | 1971 |
An Bheilg | 1986 | |
An Iúgslaiv | 1989 | |
An Eastóin | 2001 | |
An Laitvia | 2002 | |
An Tuirc | 2003 | |
An Ghréig | 2005 | |
An Fhionlainn | 2006 | |
An tSeirbia | 2007 | |
An Rúis | 2008 | |
An Asarbaiseáin | 2011 | |
An Phortaingéil | 2017 |
Boinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tír | Iomlán | Blianta | |||
---|---|---|---|---|---|
Éire | 7 | 4 | 1 | 12 | 1970, 1980, 1987, 1992, 1993, 1994, 1996 |
An tSualainn | 7 | 1 | 6 | 14 | 1974, 1984, 1991, 1999, 2012, 2015, 2023 |
An Ríocht Aontaithe | 5 | 16 | 3 | 24 | 1967, 1969, 1976, 1981, 1997 |
An Fhrainc | 5 | 5 | 7 | 17 | 1958, 1960, 1962, 1969, 1977 |
An Ísiltír | 5 | 1 | 1 | 7 | 1957, 1959, 1969, 1975, 2019 |
Lucsamburg | 5 | 0 | 2 | 6 | 1961, 1965, 1972, 1973, 1983 |
Iosrael | 4 | 2 | 2 | 8 | 1978, 1979, 1998, 2018 |
An Iodáil | 3 | 3 | 5 | 11 | 1964, 1990, 2021 |
An Úcráin | 3 | 2 | 1 | 6 | 2004, 2016, 2022 |
An Danmhairg | 3 | 1 | 3 | 7 | 1963, 2000, 2013 |
An Iorua | 3 | 1 | 1 | 5 | 1985, 1995, 2009 |
An Ghearmáin | 2 | 4 | 4 | 10 | 1982, 2010 |
An Spáinn | 2 | 4 | 2 | 8 | 1968, 1969 |
An Eilvéis | 2 | 3 | 4 | 9 | 1956, 1988 |
An Ostair | 2 | 0 | 1 | 3 | 1966, 2014 |
An Rúis | 1 | 4 | 4 | 9 | 2008 |
An Bheilg | 1 | 2 | 0 | 3 | 1986 |
Monacó | 1 | 1 | 3 | 5 | 1971 |
An Tuirc | 1 | 1 | 1 | 3 | 2003 |
An Asarbaiseáin | 1 | 1 | 1 | 3 | 2011 |
An Fhionlainn | 1 | 1 | 0 | 2 | 2006 |
An Ghréig | 1 | 0 | 3 | 4 | 2005 |
An Laitvia | 1 | 0 | 1 | 2 | 2002 |
An tSeirbia | 1 | 0 | 1 | 2 | 2007 |
An Iúgoslaiv | 1 | 0 | 0 | 1 | 1989 |
An Eastóin | 1 | 0 | 0 | 1 | 2001 |
An Phortaingéil | 1 | 0 | 0 | 1 | 2017 |
Málta | 0 | 2 | 2 | 4 | |
An Íoslainn | 0 | 2 | 0 | 2 | |
An Pholainn | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An tSeirbia agus Montainéagró | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An Astráil | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An Bhulgáir | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An Chipir | 0 | 1 | 0 | 1 | |
An Rómáin | 0 | 0 | 2 | 2 | |
An Bhoisnia-Heirseagaivéin | 0 | 0 | 1 | 1 | |
An Mholdóiv | 0 | 0 | 1 | 1 | |
align="center" |
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í Éire an tír is rathúla sa chomórtas go stairiúil. Tá sé buaite ag Éirinn seacht n-uaire. Seo a leanas na hamhránaithe agus na hamhráin a bhí i gceist:[15]
- Dana - "All Kinds of Everything" (1970)
- Johnny Logan - "What's Another Year" (1980)
- Johnny Logan - "Hold Me Now" (1987)
- Linda Martin - "Why Me" (1992)
- Niamh Kavanagh - "In Your Eyes" (1993)
- Paul Harrington agus Charlie McGettigan - "Rock 'n' Roll Kids" (1994)
- Eimear Quinn - "The Voice" (1996)
Tíortha sa chomórtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad na tíortha seo a leanas na tíortha a bhfuil tar éis páirt a ghlacadh sa chomórtas:
Bliain | Tíortha |
---|---|
1956 | An Bheilg, An Eilvéis An Fhrainc, An Ghearmáin, An Iodáil, An Ísiltír, Lucsamburg |
1957 | An Danmhairg, An Ostair, An Ríocht Aontaithe |
1958 | An tSualainn |
1959 | Monacó |
1960 | An Iorua |
1961 | An Fhionlainn, An Iúgslaiv, An Spáinn |
1964 | An Phortaingéil |
1965 | Éire |
1971 | Málta |
1973 | Iosrael |
1974 | An Ghréig |
1975 | An Tuirc |
1980 | Maracó |
1981 | An Chipir |
1986 | An Íoslainn |
1993 | An Bhoisnia-Heirseagaivéin, An Chróit, An tSlóivéin |
1994 | An Eastóin, An Liotuáin, An Pholainn, An Rómáin, An Rúis, An tSlóvaic, An Ungáir |
1998 | An Mhacadóin Thuaidh |
2000 | An Laitvia |
2003 | An Úcráin |
2004 | An Albáin , Andóra, An Bhealarúis, An tSeirbia agus Montainéagró |
2005 | An Bhulgáir, An Mholdóiv |
2006 | An Airméin |
2007 | Montainéagró, An tSeic, An tSeirbia, An tSeoirsia |
2008 | An Asarbaiseáin, San Mairíne |
2015 | An Astráil |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓg
- Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse na hÁise
- An Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Winners of the Eurovision Song Contest" (PDF). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-28. Dáta rochtana: 2009-12-25.
- ↑ "Finland wins Eurovision contest".
- ↑ "Eurovision Song Contest - International Music Program". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-01-13. Dáta rochtana: 2009-12-25.
- ↑ "Eurovision Trivia" (PDF) (2002).
- ↑ "Eurovision Song Contest 1972".
- ↑ "Eurovision Song Contest 2004 Final".
- ↑ "Webcasting and the Eurovision Song Contest" (July 2002). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-28. Dáta rochtana: 2009-12-25.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 "[x Singing out loud and proud]". Bristol Evening Post. “In the mid-1950s, the members of the European Broadcasting Union set up an ad-hoc committee to investigate ways of rallying the countries of Europe round a light entertainment programme. At Monaco, in late January 1955, this committee, chaired by Marcel Bezencon, director general of Swiss Television, came up with the idea of creating a song contest, inspired by the very popular San Remo Festival. The idea was approved by the EBU General Assembly in Rome on October 19, 1955, and it was decided that the first "Eurovision Grand Prix" - so baptised, incidentally, by a British journalist - would take place in spring 1956 at Lugano, Switzerland.”
- ↑ 9.0 9.1 "Eurovision's Golden Jubilee". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-08-11. Dáta rochtana: 2009-12-25.
- ↑ "History of Eurovision" (2003). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-05-19. Dáta rochtana: 2009-12-25.
- ↑ 11.0 11.1 "Eurovision: 40 years of network development, four decades of service to broadcasters".
- ↑ "Historical Milestones" (2005). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-05-26. Dáta rochtana: 2009-12-25.
- ↑ "Histoire 1956 à 1959" (1999). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-05-02. Dáta rochtana: 2009-12-25. Teimpléad:Fr icon
- ↑ "The EBU Operations Department".
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-27. Dáta rochtana: 2008-05-25.