Táin Bó Fraích

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Táin Bó Fráich)

Sa Rúraíocht, is réamhscéal don Táin Bó Cuailnge é Táin Bó Fraích. Caomhnaítear é sa Leabhar Laighneach, sa Leabhar Buí Leacáin agus in dhá lámhscríbhinn eile na 15ú/16ú. haoise. Faightear chomh maith é sa Leabhar Deathan Lios Mòir. D'aistríodh as Gaeilge na hAlban go Béarla é sa bhliain 1756.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanta na fírinne, tá dhá scéal ann ó thaobh ábhair de sa Táin Bó Froích nach bhfuil gaol eatarthu ach an teideal.

Sa chéad scéal, is laoch na gConnacht é Fraoch mac Idaith, a bhí i mbun cogaidh in éadan na nUladh, agus é i ngrá le Findabair, iníon Ailealla agus Méabha. Ní raibh Méabh ag éirí sa chomhrac in éadan laoch dochloíte na nUladh, Cú Chulainn, agus dá bharr d'fhógair sí a hiníon mar dhuais. Thairg Fraoch é féin ach chloígh Cú Chulainn é i gcomhrac aonair – ar a laghad als Erster.

I ndara scéal Echtra Fergusa maic Léti, insítear conas a chuir Ailill cluain ar Fhraoch go dtí "Uisce Dubh" (sé sin, Dubhlinn Fhraoigh, Bré). D'ionsaigh ollphéist mara ann é agus d'éalaigh sé é ach le saothar nach beag.[1]

Sa dara heachtra darb ainm chéanna, bhí Fraoch pósta ní le Fionnabhair, ach le bean eile. Fuadaíodh iad beirt, in éineacht lena dtriúr mac agus a gcuid bólachta. Le cabhair ón laoch Conall Cearnach, d'éirigh leis a theaghlach agus a sheilbh a thabhairt abhaile. Le linn na heachtra, chuaigh siad thar Muir Éireann agus an Muir nIocht agus tríd na hAlpa, áit a raibh na foghlaithe ann i mbaile cosanta ag nathair nimhe. Ghabh Conall an nathair agus chuir a chodladh ina chrios é, agus scrios seisean agus Fraoch an baile. D'éalaigh an nathair arís ach gan gá a chur sa laoch.[2]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 744.
  2. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, ll. 700-