Jump to content

Enbarr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, capall le Manannán mac Lir ab ea EnbarrAonbharr, a raibh ar a chumas dul ar talamh agus muir araon. Chuir Manannán an capall ar fáil do Lugh Lámhfhada.

Luaitear bríonna éagsúla leis an ainm.

  • Tugtar an ghluais "úan tuinde", uan/coipeadh toinne, dó i Sanas Cormaic, miondealaithe mar: en[1] + barr.[2][3]
  • "Aon Moing" ag O'Curry, miondealaithe mar: aon + barr[4][5]
  • Mheas John Rhys gurbh í brí an ainm ná "bhí ceann éin aici", agus is amhlaidh gur cheap sé gur láir a bhí inti.[6]
  • Moltar brí eile fós, "ardcheannas uathúil", ón bhfoirm Nua-Ghaeilge aonbharr, san "ainmneoir"<>focal → foclóir, ainm →ainmneoir</ref> le James Mackillop.[7]

I measc roinnt litrithe eile tá Énbarr, Aenbharr agus Aonbharr.

Sa scéal úd, dhiúltaigh Lugh an capall a thabhairt ar iasacht do mhic Tuireann, ag maíomh nárbh fhéidir leis rud a thabhairt ar iasacht a raibh féin ar iasacht. Dá bharr seo ámh, b'éigean dó níos deireanaí an churach féin-stiúradh darbh ainm Scuabadh Toinne a thabhairt.[5][8]

Cultúr na ndaoine

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Enbarr an sa chluiche físe 2013, Final Fantasy XIV (en). Is féidir Enbarr a fháil tríd an leibhéal as cuimse ar The Whorleater, mar titim fánach.[9]

  1. en ar eDIL, uisce, cf. eanach
  2. barr 4. (b) ar teanglann.ie FGB, screamh
  3. O'Donovan tr. (1868), "Enbarr", Sanas Chormaic, lch. 66.
  4. 1 barr (d) ar eDIL, cúl gruaige
  5. 5.0 5.1 O'Curry, Eugene (1863). "(A)oidhe Chloinne Tuireann The Fate of the Children of Tuireann". The Atlantis IV: 157-240. . Meaning of "Aonbarr" glossed on lch. 163 n145.
  6. Rhys, John (1891). "Studies in the Arthurian". Clarendon. 
  7. Mackillop, James (1998). "Énbarr". Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press. p. 182. ISBN 0192801201.
  8. Joyce, P. W. (1894). "The Fate of the Children of Turenn; or, The Quest for the Eric-Fine": 37-95. 
  9. "Enbarr – Gamer Escape" (en-US).