Tuan mac Cairill
I Miotaseolaíocht na nGael, ba dhíseartach é Tuan mac Cairill, duine de mhuintir Pharthaláin. É féin amháin a tháinig slán ón bplá (nó de bharr na Díle) a mharaigh gach duine eile.[1] Ba chuimhin leis a chonaic sna saolta éagsúla a bhí aige. Rinne sé é féin a chlaochlú ó ainmhí go hainmhí, deirtear, agus tháinig sé slán go dtí ré na Críostaíochta agus, i gcomhrá le Finnian Magh Bile, d'inis sé a chuid staire agus stair na hÉireann ó ré a mhuintire go teacht Naomh Pádraig.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caomhnaítear seanscéal Tuain i dtrí lámhscríbhinn:
- Leabhar na hUidhre ón 11ú haois
- Laud 610 ón 15ú haois coinnithe sa Bodleian Library, Oxford
- H.3.18 ón 16ú haois ag Coláiste na Tríonóide.[2]
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba dhíthreabhach é Tuan, a dúirt le Naomh Fionnán gur rugadh é 2,000 bliain ó shin agus go bhfaca sé na rabhartaí d'ionróirí a tháinig go hÉirinn Ársa - muintir Neimhidh, na Fir Bholg agus na Tuatha Dé Danann.[3][4]
Ina aonar ag faire ar an tír, d'éirigh sé gruagach, iongtha agus liath. Agus ionradh muintir Neimhidh (a bhí, a dúirt sé, deartháir a athar, a uncail) feicthe aige, dhúisigh sé maidin amháin, athbhreithe i riocht carria óig láidir.[5] D'éag muintir Neimhidh agus é ag faire orthu. Athrugadh arís é i riocht toirc allta óig, agus d'éirigh sé ina rí thréad na dtorc. Sa dúiche seo, chonaic sé an t-ionsaí ar Éirinn ag Semion, ceannaire na bhFear Boilg.[6] Ansin, athrugadh é mar sheabhac mór (nó iolar[7]) agus chonaic sé na Tuatha Dé Danann agus muintir Mhíl Easpáine ag teacht chun Éire a gabháil.
Ina dhiaidh sin, athrugadh é i riocht bradáin. Gabhadh é ag giolla taoisigh darbh ainm Caireall, agus d'ith a bhean chéile é in aon alp amháin. Chuaigh sé isteach ina broinn, agus athrugadh arís é mar Thuan Mac Cairill. I ndeireadh na dála, iompraíodh é ina Chríostaí, agus labhair sé le Naomh Pádraig agus Colum Cille.[8][9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Gabhála na hÉireann - cuir an stair le fáil anseo le stair ghiorraithe Thuain.
- Fintán mac Bóchra - pearsa mar an gcéanna i miotaseolaíocht na nGael.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Arbois de Jubainville, Marie Henri de (1903). "The Irish mythological cycle and Celtic mythology": 25–35. Hodges, Figgis & Co,. Baile Átha Cliath; Simpkin, Marshall & Co., Londain.
- Carey, John (1984). "Scél Tuáin meic Chairill". Ériu 35: 93–111. JSTOR 30007779. Curtha i gcartlann 2018-07-17 ar an Wayback Machine
- Carey, John (1995). "Celtic Heroic Age: Literary Sources for Ancient Celtic Europe and Early Ireland and Wales". Celtic Studies Publications.
- Mackillop, James (1998). "Dictionary of Celtic Mythology". Oxford University Press.
- "The Voyage of Bran to the Land of the Living : an Old Irish Saga" (as ga, en) (1897) 2: 285–301. Grimm Library No.6; David Nutt.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Meyer 1897, ¶4.
- ↑ Arbois de Jubainville & Best 1903, p. 26.
- ↑ Meyer 1897.
- ↑ Arbois de Jubainville & Best 1903.
- ↑ Meyer 1897, ¶6-8.
- ↑ Meyer 1897, ¶7-10.
- ↑ Meyer 1897, ¶11-; murrech, éan mór na mara sa chuid próis, ach séig seabhac ina dán. Deir Mackillop "eagle", iolar.
- ↑ Meyer 1897, ¶13-.
- ↑ Carey 1984.