Scáthach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarScáthach
Cineáldia an chogaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairÁrd-Greimne of Lethra (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíUathach Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníAoife Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
DaltaCú Chulainn Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn Rúraíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht, ba bhanlaoch agus teagascóir na n-ealaíon comhraic í Scáthach. Bhí Cú Chulainn ceann dá daltaí. Deirtear go raibh an Alba a háit dúchais, go háirithe Oileán Scáthaí,[1] agus cónaí uirthi ann i nDún Scáith. Tugadh "An Scáth" mar leasainm uirthi. De réir athleagan amháin, ba í Aoife a deirfiúr agus céile comhraic, iad beirt na hiníonacha Árd-Greimne, as Lethra (sa Bhriotáin).

Sna scéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear Scáthach go háirithe agus í ag teagasc Chú Chulainn Óg sa scéal Tochmharc Eimhire, seanscéal ón ré roimh an móreipic Táin Bó Cúailnge. Maireann an scéal in dhá athleagan: leagan gearr scríofa go formhór as Sean-Ghaeilge, agus leagan leathnaithe as Meán-Ghaeilge.

Sa dá athleagan, tá de dhualgas ar Chú Chulainn líon tascanna a dhéanamh, sula measfar gur fiú dó a ghrá geal Eimhear, iníon thaoisigh Fhorgall Monach, a phósadh. Cuirtear é go Alpae (Alba is léir anseo[2]) i dteannta le Lóegaire, Conchúr agus (sa leagan níos deireanaí, freisin) Conall Cernach. Faigheann sé oiliúint mhíleata ón ngaiscíoch Domhnall,[3] a chuireann é in am trátha chuig Scáthach le haghaidh tuilleadh oiliúna.[4]

Téann Cú Chulainn agus a chomrádaí Ferdia go Dún Scáith. Múineann Scáthach gaiscí arm dóibh, agus tugann a Ga Bolga dó Chú Chulainn. Imíonn seisean i mbradaíl le hiníon Scáthaí, Uathach, ach trí thimpiste briseann a méara. Screadann sí agus glaonn a leannán Cochar Croibhe isteach. In ainneoin agóidí Uathaigh, tugann sé cuireadh chun comhraic do Chú Chulainn, ach cloíonn Cú Chulainn go héasca é. Chun chúiteamh a dhéanamh, glacann Cú Chulainn le cúramaí Chochair, agus éiríonn sé ina leannán Uathaigh. Sa deireadh, geallann Scáthach a hiníon dó, gan an bride price.

Tá céile comhraic ag Scáthach, bangaisce darb ainm Aoife. Nuair a bhagraíonn sí críocha Scáthaí, cloíonn Cú Chulainn í. Agus í ar fhaobhar a chlaímh, socraíonn Cú Chulainn a beo a ligint léi, ach go luíonn sí leis agus mac a bheireann do. Fágann sé Aoife agus í ag iompar a mhic, Connla.[5]

I gcultúr na ndaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is carachtar í Scáthach in American Horror Story: Roanoke, an 6ú séasúr den tsaincheadúnas teilifíse American Horror Story. Lady Gaga, amhránaí, a rinne a páirt.[6] Tá sí ann mar phearsa chomh maith sa tsraith leabhar The Secrets of the Immortal Nicholas Flamel leis an scríbhneoir Éireannach Michael Scott.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tochmarc Emire (Athleagan I), CELT
  • Tochmarc Emire (Athleagan II), eag. A.G. van Hamel, Compert Con Culainn and Other Stories. Mediaeval and Modern Irish Series 3. Baile Átha Cliath, 1933.
  • DIL Alpae
  • MacKillop, James (1998). Dictionary of Celtic Mythology. Londain: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Isle of Skye
  2. "na hAlpa" sa bhrí litriúil, cf DIL, svv "Alpae" agus "Albu".
  3. titeann a iníon hideous i ngrá leis an laoch, agus geallann sí díoltas agus í diúltaithe
  4. "The Concise Oxford Companion to Irish Literature" (2000). Oxford, England: Clarendon Press. 
  5. Rolleston, T.W. (1986). "Celtic Myths and Legends". Londain, Sasana: Gresham. 
  6. Lady Gaga's Freaky Roanoke Character Has Some Deep American Horror Story Roots, October 18, 2016