An difríocht idir athruithe ar: "George Noble Plunkett"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Holder (plé | dréachtaí)
m corr using AWB
Ag baint Journal_of_the_Royal_Society_of_Antiquaries_of_Ireland_(1915)_(14595894288).jpg amach, agus ag chur [[:Íomhá:George_Noble_Plunkett,_circa_1915.jpg|George_N
Líne 5: Líne 5:


== Tús a shaoil ==
== Tús a shaoil ==
[[Íomhá:Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland (1915) (14595894288).jpg|clé|mion|Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland (1915)]]
[[Íomhá:George Noble Plunkett, circa 1915.jpg|clé|mion|Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland (1915)]]
Rugadh Pluincéad i m[[Baile Átha Cliath]], mac le tógálaí Pat Plunkett. Fuair sé a chuid [[oideachas|oideachais]] i gClongowes Wood agus [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Tríonóide]], agus chaith sé tamall ag déanamh staidéir thar lear freisin, i [[Nice]] san [[an Fhrainc|Fhrainc]] agus san [[an Iodáil|Iodáil]].
Rugadh Pluincéad i m[[Baile Átha Cliath]], mac le tógálaí Pat Plunkett. Fuair sé a chuid [[oideachas|oideachais]] i gClongowes Wood agus [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|Coláiste na Tríonóide]], agus chaith sé tamall ag déanamh staidéir thar lear freisin, i [[Nice]] san [[an Fhrainc|Fhrainc]] agus san [[an Iodáil|Iodáil]].



Leagan ó 01:08, 26 Deireadh Fómhair 2020

George Uasal Pluincéád, agus a bhean Mary Josephine Cranny i mBaile Átha Cliath, Agence Rol, Leabharlann Náisiúnta na Fraince

Ba náisiúnaí agus polaiteoir Éireannach é George Noble Plunkett (3 Nollaig, 185112 Márta, 1948), nó an Cunta Pluincéad mar a thugtar air go minic. Chuaigh sé isteach sa ghluaiseacht nuair a lámhachadh a mhac Seosamh Pluincéad, a bhí ina cheannaire i rith Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ball den Chéad Dáil ab ea é, a chaith tamall beag ina Cheann Comhairle.

Úsáidtear an leagan Gaeilge dá ainm Seoirse Pluincéad uaireanta chomh maith.

Tús a shaoil

Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland (1915)

Rugadh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, mac le tógálaí Pat Plunkett. Fuair sé a chuid oideachais i gClongowes Wood agus Coláiste na Tríonóide, agus chaith sé tamall ag déanamh staidéir thar lear freisin, i Nice san Fhrainc agus san Iodáil.

Rinne Pápa Leo XIII cunta pápach de sa bhliain 1884, mar gheall ar an dian-obair a rinne sé don phápacht. Chuir Pluincéad bun leis an iris Hibernia, agus é féin ina eagarthóir air. File a bhí ann chomh maith, agus d'fhoilsigh sé a chéad bailiúchán "God's Chosen Festival" sa bhliain 1877.

Glaodh chun an bharra é sa bhliain 1878, ach dhiúltaigh sé é. Ina áit, thosaigh sé ag forbairt slí bheatha dó féin san ealaíon, litríocht agus cultúr. Na poist a bhí aige ná Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann (1907 - 1916), Leas-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann (1908 - 1909, 1911 - 1914) agus Uachtarán ar Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Cuireadh Pluincéad amach as an gCumann mar gheall ar an pháirt a ghlac a mhac san Éirí Amach na Cásca.

Eamon de Valera agus Plunkett (sa chúlra), 1922

Polaitíocht

Chomh maith lena mhac Seosamh, bhí an bheirt mhac eile aige George agus Seán gafa sa ghluaiseacht freisin, agus is móide gur chuir Seosamh a athair faoi mhionn an IRB am éigean roimh a bhás. Ba é bás Sheosamh tar éis an Éirí Amach a thug an spreag do Phluincéad dul isteach sa pholaitíocht.

Ba bhall den pháirtí Sinn Féin é. Toghadh é ina theachta don dáilcheantar Ros Comáin Thuaidh san olltoghchán ar an 5 Feabhra 1917. Cuireadh a mhac, Seosamh, chun báis i ndiaidh Éirí Amach na Cásca cúpla mí cheana. Seo an chéad uair a chuirfear crua mar is ceart ar Shinn Féin. Fuair Pluincéid 3,022 vóta i gcomórtas leis an 1,708 vóta a caitheadh ar son iarrthóir Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann agus an 687 vóta a caitheadh ar son Jasper Tully, neamhspleách[1].

Bhunaigh Plunkett agus a chomhghleacaithe an Chéad Dáil i dTeach an Ardmhéara ar 21 Eanáir, 1919. Roghnaíodh Plunkett ina Cheann Comhairle don chruinniú ar an lá ina dhiaidh sin, 22 Eanáir. Staon na teachtaí go leor amach ón rialtas i Westminster, Sasana

Chaith Plunkett an tréimhse idir 22 Eanáir 1919 agus 26 Lúnasa 1921 ina Aire Gnóthaí Eachtracha. Sa phost seo, chuaigh sé go Londain in éineacht le hÉamon de Valera chun labhairt le David Lloyd George i mí Iúil 1921.

Joseph Mary Plunkett, a mhac

Nuair a tháinig an Dara Dáil i bhfeidhm, tugadh an post Aire Mínealaíona dó. Níor aontaigh Pluincéad leis an gConradh Angla-Éireannach a bhí sínithe ag Mícheál Ó Coileáin, Art Ó Gríofa agus na daoine eile, nó an tSaorstát nua a chruthaíodh mar thoradh. Dá bharr sin, d'éirigh sé as an suíocháin a bhí aige i Ros Comáin. D'fhan sé mar bhall Shinn Féin, fiú tar éis na scoilte le Fianna Fáil.

Deireadh a shaoil

Ghlac Pluincéad páirt i bhfothoghchán don dáilcheantar Gaillimh sa bhliain 1936, mar iomaí ó Cumann Poblachta na hÉireann agus Sinn Féin. Níor bhuaigh sé ach 2.12 faoin gcéad den vóta.

Clann

Bhí sé pósta le Mary Josephine Cranny, agus bhí seachtar leanaí acu.

Fuair sé bás in Éirinn sa bhliain 1948, le sé mbliana is nócha bainte amach aige.

Tagairtí