Cethlenn
Cuma
Cineál | ainm baineann carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | baineann |
Muintir | |
Céile | Balor |
I Miotaseolaíocht na nGael, ba bhean chéile Balar na bhFomhórach agus máthair Eithne í Ceithleann (Sean-Ghaeilge Cethlenn) na bhFiacla Cama. Ba bhanfháidh í chomh maith agus thug sí tairngreacht do Bhalar go gcloífeadh na Tuatha Dé Danann é sa Dara Chath Maighe Tuireadh. I rith an chatha, ghortaigh sí Daghdha.[1]
Tá Inis Ceithleann[2] i gContae Fhear Manach, Tuaisceart Éireann ainmnithe aisti.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Monaghan, Patricia (2009). "The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore". Infobase Publishing.
- ↑ Inis Ceithleann ar logainm.ie
- ↑ Joyce, Patrick Weston. "The Origin and History of Irish Names of Places, Volume 1": 163. Longmans, Green.