Airmed

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAirmed
Cineáldia de chuid na gCeilteach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairDian Cécht Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníMiach Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, ba shliocht na Tuatha Dé Danann í an bandia Airmheadh (Sean-Ghaeilge Airmed[1]). I dteannta lena hathair Dian Céacht agus a dearthár Miach, leigheas sí iad siúd a bhí loite sa Dara Cath Maighe Tuireadh.[2]

Tháinig éad ar a hathair, ámh, agus mharaigh sé Miach. Chaoin Airmheadh thar uaigh a dearthár, agus d'fhás lena deora gach luibh leigheasadh an domhain, 365 san iomlán - de réir líon na n-alt agus na bhféitheacha a bhí ag Miach.[3] Bhailigh Airmheadh na luibheanna agus chuir sí in eagar go léir iad, á síneadh ar a fallaing. Arís eile, tháinig éad ar a hathair, tharraing sé buille uirthi agus scaip na luibheanna. De bharr sin, níl a fhios go deo ag éinne ach amháin Airmheadh gach rún na luibheolaíochta.[2]

I dteannta le Dian Céacht, Ochtriullach agus Miach, bhí Airmheadh ar cheann de na déithe a bhí ar a cumas na mairbh a athbheochan lena hortha, á canadh thar tobar Shláine.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. airmed ar eDIL
  2. 2.0 2.1 2.2 Cath Maige Tuired, aistr. Elizabeth A. Gray. Irish Texts Society, Baile Átha Cliath.
  3. The Myths of the Gods: Structures in Irish Mythology, le hAlan Ward, 1981.