Cethern mac Fintain
Cineál | carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | Táin Bó Cúailnge |
Cruinne | An Rúraíocht |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, gaiscíoch na nUladh ab ea Cethern mac Fintain a thug cabhair do Chú Chulainn i rith an Táin Bó Cuailnge.
Agus Cú Chulainn ina luí, gortaithe tar éis a comhraic le Ferdia, chuaigh Ceithearn sa chath ar a charbad, lomnocht agus armtha ach le bior airgid. Mharaigh sé mórán fear, ach gortaíodh é go dona.
Chuir Cú Chulainn fios ar dhochtúirí na gConnacht um Ceithearn a airde a thabhairt dó. Dúirt an chéad doctor leis go bhfaigheadh sé bás de bharr a chréachtaí. Cuir Ceithearn le buille a inchinn ad cúl a chinn amach agus d'iarr sé ar dara tuairim. Dúirt naoi ndochtúir is daichead an rud céanna dó, agus mharaigh sé iad duine ar dhuine, seachas duine amháin nbharr fágadh ach gan mothú. Sa deireadh, chuir Cú Chulainn fios ar dhochtúir Chonchúir, Fingín.
Scrúdaigh Fingín gach créacht ag Ceithearn, agus bhí sé in ann a rá leis conas a fhuair sé iad agus cé a thug. Thug sé dhá rogha dó: é a leigheasadh ach cóireáil bliain iomlán; nó é bheith in ann ag an troid, ach nach mairfeadh sé ach le trí lá sa bhreis. Roghnaigh Ceithearn an dara ceann acu. D'iarr Fingín ar Chú Chulainn folcadán smeara a ullmhú, agus dúirt sé le Ceithearn dul a chodladh ann. Chuir sé páirteanna carbaid ann in ionad a chuid easna, agus cheangail sé fráma an charbaid dá bholg chun a phutóga a choinnigh laistigh. Tháinig bean chéile Cheithirn lena chuid arm, agus chuaigh sé ar ais sa chomhrac.
D'éirigh le na gConnacht nach raibh ach meall curtha air, filleadh ar ais go campa chun rabhadha thabhairt, agus chuir siad coróin Ailealla ar ghallán mar chluain. Chuir Ceithearn a chlaíomh agus a dhorn tríd an gcloch. Mharaigh sé fir ar feadh lae is oíche, go dtí gur timpeallaíodh é agus d'éag sé i mbun comhraic.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cecile O'Rahilly (eag. & aistr.), Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1967, ll. 234–239
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]