William Norton
Polaiteoir Éireannach ba ea Liam Ó Neachtain nó William Norton de ghnáth (2 Samhain 1900 - 4 Nollaig 1963), a bhí ina Thánaiste idir 18 Feabhra, 1948 agus 13 Meitheamh, 1951.[1] Ba é ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre é idir na blianta 1932 agus 1960. Bhí dáimh aige leis an bPoblachtachas agus labhair sé faoi Thuaisceart Éireann go minic.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Liam Ó Neachtain i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1900, agus thosaigh sé ag obair leis an tseirbhís phoist sa bhliain 1916. Bhí sé páirteach sa cheardchumannachas a bhí láidir sa chathair ag an am, agus bhí sé ina rúnaí ag Ceardchumainn Lucht Oibre an Phoist idir na blianta 1924 agus 1948. Toghadh Ó Neachtain ina Theachta Dála i 1926 do Chontae Átha Cliath, agus ansin do Chontae Chill Dara ón mbliain 1932 go dtí a bhás.
Rinneadh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre de sa bhliain 1932. Thóg Ó Neachtain an páirtí isteach san chéad rialtas idirpháirtíoch idir na blianta 1948 agus 1951, agus eisean ina Thánaiste agus ina Aire Leasa Shóisialaigh.[2]
Theip air an An Bille um Leasa Shóisialaigh (Insurance, Nollaig 1950) a thabhairt isteach agus leasú cuimsitheach a chur i bhfeidhm (bhí daoine áirithe i bhFine Gael ag cur i gcoinne aon leasuithe).
Bhí comhrialtas ann arís sa bhliain 1954, agus ba é Ó Neachtain an Tánaiste arís.
D'éag Liam Ó Neachtain i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1963.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Norton, William Joseph (‘Bill’) | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-12-04.
- ↑ "Ná bíodh eagla orainn faoi thrí pháirtí a bheith i gcomhrialtas – aonach smaointe a bheidh ann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-04.
- Polaiteoirí as Cill Dara
- Cill Dara Theas (Dáilcheantar)
- Baill Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Tánaistí na hÉireann
- Baill den 4ú Dáil
- Baill den 7ú Dáil
- Baill den 8ú Dáil
- Baill den 9ú Dáil
- Baill den 10ú Dáil
- Baill den 11ú Dáil
- Baill den 12ú Dáil
- Baill den 13ú Dáil
- Baill den 14ú Dáil
- Baill den 15ú Dáil
- Baill den 16ú Dáil
- Baill den 17ú Dáil
- Daoine a rugadh i 1900
- Básanna i 1963