Seán Ó Cadhain (polaiteoir)
(2017) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Bealtaine 1975 49 bliana d'aois Maigh Cuilinn, Éire |
Teachta Dála | |
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 32ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán 2016 in Éirinn | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Gaillimh Thiar Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste Mhuire, Gaillimh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Suíomh gréasáin | seankyne.ie |
Is polaiteoir agus seanadóir as Gaillimh é Seán Kyne (Gaeilge: Seán Ó Cadhain) (rugadh é Aibreán, 1975). Bhí sé ina Theachta Dála do cheantar na Gaillimhe Thiar idir na blianta 2011 agus 2020. Tá sé ina bhall de Fhine Gael agus is as Maigh Cuilinn dó.
Roimhe sin bhí sé ina bhall de Chomhairle Contae na Gaillimhe.
Sheas sé in Olltoghchán 2016 agus toghadh é le 9.55% de na vótaí céad rogha. In Olltoghchán 2020, chaill sé a shuíochán Dála. Cheap an Taoiseach Leo Varadkar ina sheanadóir é ar an 19 Feabhra 2020 in áit Frank Feighan[1].
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn Kyne le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta. Nuair a thosaigh sé sa bpolaitíocht ní raibh a dhóthain Gaeilge aige le hagallamh raidió a dhéanamh. Chuir sé de stró air féin a dhóthain Gaeilge a fhoghlaim le go mbeadh sé in ann dul faoi agallamh ar Adhmhaidin agus déileáil le grúpaí Gaeltachta ina dteanga féin.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2020-02-19). "Seán Kyne ceaptha ag an Taoiseach do Sheanad Éireann" (as ga-IE).
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (20 Samhain 2024). "Seans go mbeidh suíochán ag Gráinne Seoige agus gur idir Mairéad Farrell agus Seán Kyne a bheidh an ceann deireanach i nGaillimh Thiar" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-22.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |