Seán Ó Ceallaigh (Sceilg)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó John J. O'Kelly)
Infotaula de personaSeán Ó Ceallaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) John J. O'Kelly
Beathaisnéis
Breith(en) John Joseph O'Kelly
1872
Oileán Dairbhre, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Márta 1957
84/85 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil

Toghcheantar: Lú–An Mhí

An tAire Oideachais agus Scileanna
26 Lúnasa 1921 – 9 Eanáir 1922 – Michael Hayes →
Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil

Toghcheantar: Lú–An Mhí

Leas-Cheann Comhairle
1 Aibreán 1919 – 16 Lúnasa 1921 – Brian Ó hUiginn →
Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar:

Uachtarán Conradh na Gaeilge
1919 – 1922
← Eoin Mac NéillPeadar Toner Mac Fhionnlaoich →
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Contae Lú

Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, iriseoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Polaiteoir poblachtach, údar, agus foilsitheoir ab ea Seán Ó Ceallaigh (Béarla: John Joseph O'Kelly) a rugadh ar 7 Iúil 1872 agus a fuair bás ar 26 Márta 1957.[1] D'úsáid sé na hainmneacha cleite SceilgSceilg na Sgeol go minic ina chuid scríbhneoireachta. Bhí sé ina Uachtarán ar Shinn Féin ó 1926 go 1931, ina Aire Oideachais ó 1921 go 1922, ina Aire Gaeilge ó 1920 go 1921 agus ina Leas-Cheann Comhairle ar Dháil Éireann ó 1919 go 1921. Bhí sé ina Theachta Dála ó 1918 go 1921 agus ó 1922 go 1923.[2]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ó Ceallaigh sa Chomhartha Mór, ar Oileán Dairbhre amach ó chósta Chontae Chiarraí, mac le Patrick Kelly, feirmeoir, agus Ellen Sullivan.[3][4] Rugadh ar 7 Iúil 1872 de réir a thaifid beireatais, ach is é 4 Iúil an dáta a thugadh a theaghlach.[5]

Gairm pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé i láthair ag an chéad chruinniú de chuid Sinn Féin ar 5 Samhain 1905. Tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916, chuaigh Ó Ceallaigh isteach san Irish Nation League agus rinneadh cisteoir ar an Irish National Aid and Volunteers' Dependants' Fund de. I mí Feabhra 1917, gabhadh é agus díbríodh go Sasana é, áit a ndearna é a imtheorannú gan triail ar feadh roinnt míonna. Nuair a scaoileadh saor é, toghadh Ó Ceallaigh ar Choiste Sealadach Sinn Féin tar éis don pháirtí cónascadh a dhéanamh leis an Irish Nation League. Ceapadh é ina eagarthóir ar an iris thábhachtach The Catholic Bulletin.[6] In olltoghchán 1918, toghadh é ina Theachta Dála de chuid Shinn Féin i gContae Lú. Ní raibh ach 255 vóta idir Ó Ceallaigh agus an t-iarrthóir sa dara háit — an comórtas ba chóngaraí sa toghchán sin ar fud na tíre. Ba é ba chúis leis an ngéarchomórtas ná an eagraíocht láidir AOH sa chontae a bhí i mbun stocaireachta ar son an Fheisire as Gaillimh Thuaidh Richard Hazleton de chuid Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann.

Ghlac Ó Ceallaigh a shuíochán i nDáil Éireann mar TD de chuid Shinn Féin agus bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle ó 1919 go 1921.[7] Ceapadh é ina Aire Gaeilge i Rialtas an dara Dáil.[8] Ó 1919 go 1923 bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Chuir sé i gcoinne an Chonartha Angla-Éireannaigh a dhaingnigh an Dáil i mí Eanáir 1922, agus níor ghlac sé le dlisteanacht Shaorstát Éireann a bunaíodh i mí na Nollag 1922. Mhaígh sé féin agus daoine eile go raibh Poblacht na hÉireann fós ann, agus gurbh é fuílleach an Dara Dála, na Teachtaí Dála frith-Chonartha a dhiúltaigh a suíochán a ghlacadh i bparlaimint an tSaorstáit, an t-aon rialtas dlisteanach in Éirinn. I Meitheamh 1922, toghadh chun na Tríú Dála é do dháilcheantar Lú agus na Mí, ach níor ghlac sé a shuíochán. I Lúnasa 1923, níor éirigh sé sa toghchán nuair a sheas sé mar Phoblachtach do dháilcheantar na Mí. Chaill sé arís i bhfo-thoghchán Ros Comáin i 1925, an uair dheireanach a sheas sé i dtoghchán ar bith.[9] Tar éis d’Éamon de Valera éirí as mar uachtarán Shinn Féin i 1926, toghadh Ó Ceallaigh ina áit agus d’fhan sé sa phost sin go dtí 1931 nuair a tháinig Brian Ó hUiginn i gcomharbacht air.[10]

Bhí Ó Ceallaigh glan in aghaidh Bhunreacht na hÉireann 1937, ag rá nár thug sé a dhóthain tacaíochta don Phoblachtachas, agus nár ghá d'Uachtarán na hÉireann a bheith as Éirinn ó dhúchas.[11]

Bhí Ó Ceallaigh as an ngnáth i measc Phoblachtánaigh na hÉireann sa mhéid is gur chreid sé gur laochra polaitiúla iad Daniel O'Connell agus Tadhg Ó hEaluithe. Is dócha gur léirigh an dearcadh seo dílis dá áit dúchais (ba as iardheisceart na hÉireann an bheirt, i ngar d'áit bhreithe Sceilg féin) agus a chreideamh dúthrachtach Caitliceach, rud a thug air éacht Uí Chonaill ar Fhuascailt na gCaitliceach a cheiliúradh, agus tacú le tuairim Uí Ealuithe nach raibh Charles Stewart Parnell oiriúnach do cheannaireacht pholaitiúil mar gheall ar an adhaltranas a rinne sé le Katharine O'Shea. Bhí an Sceilg naimhdeach go neamhbhalbh do Phoblacht na Spáinne a fógraíodh i 1931; chreid sé go raibh sí frith-Chaitliceach agus go bhfuair sí tacaíocht ó Mháisiúin sa Bhreatain.

Obair litríochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ina údar bisiúil, ag scríobh go leor leabhar agus altanna ar chúrsaí Gaeilge agus stair na hÉireann. Bhí sé ina eagarthóir ar na hirisí Banba, The Catholic Bulletin, agus An Camán freisin.

I 1938 thug sé cuairt ar an nGearmáin, agus d'fhoilsigh a chuid tuairimí níos déanaí san Irish Independent.[12]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Saothar ár sean i gcéin (1904)
  • Beatha Lorcáin Naomhtha Uí Thuathail (1905)
  • Féithe Fodhla (Gill’s Irish reciter (1905)
  • Liúdaidhe óg na Leargadh Móire (1905) — aistriúchán ar dhráma le Séamus Mac Maghnais.
  • Brian Bóirmhe: a shaol agus a bheatha (1906)
  • Beatha an Athar Tiobóid Maitiú (1907)
  • Scéaluidhe Éireann (1908)
  • Mealbhóg na macaomh (1911)
  • Leabhar na laoitheadh (1911)
  • Eachtra an amadáin móir (1911)
  • Curoi (1913)
  • Mothaláinín (1914)
  • Beatha Bhreandáin, a imeachtaí agus a iomramha (1915)
  • Cathal Brugha (1942)
  • Spelling made easy (1946)
  • A trinity of martyrs: Terence Mac Swiney, Cathal Brugha, Austin Stack (1947)

Paimfléid[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Elements of Irish art (gan dáta)
  • The case for upholding the Irish Republic (gan dáta)
  • Ireland, elements of her early story from the coming of Ceasair to the Anglo-Norman invasion (1921)
  • The oath of allegiance and all it implies (1925)
  • The robbery of Ireland: the remedy (1928)
  • The Sinn Fein outlook (1930)
  • The Republic of Ireland vindicated (1931)
  • Stepping-stones, c.1939
  • Partition: Dáil Éireann comes of age (1940)
  • Ireland’s spiritual empire (1952)

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Ó Ceallaigh bás in Ospís Mhuire, Crois Araild, ar 26 Márta 1957, agus cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon ar 28 Márta.[13]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CEALLAIGH, Seán (1872–1957) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Seán Ó Ceallaigh”. Oireachtas Members Database. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 September 2019. Dáta rochtana: 12 February 2012.
  3. Murphy. “O'Kelly, John Joseph ('Sceilg'; Ua Ceallaigh, Seán)”. Dictionary of Irish Biography. Dáta rochtana: 8 January 2022.
  4. General Registrar's Office”. IrishGenealogy.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 September 2021. Dáta rochtana: 26 March 2017.
  5. Ó CEALLAIGH, Seán (1872–1957)”. ainm.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 June 2017. Dáta rochtana: 2017-03-26.
  6. Recent book on the Bulletin”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 May 2011. Dáta rochtana: 27 July 2008.
  7. John J. O'Kelly”. ElectionsIreland.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 October 2011. Dáta rochtana: 12 February 2012.
  8. Dáil Éireann debate - Tuesday, 29 June 1920: RATIFICATION OF MINISTERS”. Houses of the Oireachtas. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 31 August 2019. Dáta rochtana: 11 September 2019.
  9. Took. “"Sceilg" O'Kelly John Joseph ("Sceilg") O'Kelly”. ElectionsIreland.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 July 2012. Dáta rochtana: 9 June 2012.
  10. Rafter (2005). "Sinn Féin, 1905-2005: In the Shadow of Gunmen". Gill & Macmillan. ISBN 9780717139927. Dáta rochtana: 14 January 2019. 
  11. Dermot Keogh and Dr. Andrew McCarthy, The making of the Irish Constitution 1937: Bunreacht na hÉireann. Mercier Press, 2007 (p.193).
  12. Irish Independent, 27 March 1957.
  13. Irish Independent, 27 March 1957.