Dictionary of Irish Biography

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharDictionary of Irish Biography
Cineálfoclóir beathaisnéiseach agus ciclipéid Idirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirAcadamh Ríoga na hÉireann
Tréith
PríomhábharMuintir na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrafoclóir beathaisnéiseach náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata

Is foclóir beathaisnéise é an Dictionary of Irish Biography (DIB) a foilsíodh in naoi n-imleabhar in 2009. Baineann na beathaisnéisí le daoine a rugadh in Éirinn, nó daoine eile a raibh saol suntasach acu in Éirinn, agus atá ar shlí na fírinne le cúig bliana ar a laghad.[1] D’fhoilsigh Cambridge University Press an chéad eagrán i gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann, agus bhí thart ar 9,000 iontráil ann.[1] Mar aon leis an leagan clóite, foilsíodh an foclóir ar líne freisin trí shíntiús digiteach, agus bhain scoláirí, taighdeoirí, agus státseirbhísigh úsáid as. Ar 17 Márta 2021 (Lá Fhéile Pádraig), seoladh leagan nua ar líne atá ar fáil go hoscailte, gan síntiús ar bith. Cuirtear iontrálacha nua leis an leagan ar líne ar bhonn rialta. Tagann an maoiniú ón Údarás um Ard-Oideachas, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus ó Leabharlanna Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá idir 200 agus 15,000 focal sna beathaisnéisí, agus thart ar 11,000 iontráil san iomlán i Márta 2021.[2][3][4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]