Clare Daly
Is iar-Teachta Dála agus iar-Fheisire i bParlaimint na hEorpa (2019 - June 2024) do Bhaile Átha Cliath í Clare Daly (Gaeilge: Clár Ní Dhálaigh) a rugadh sa bhliain 1968 agus a tharraing conspóid go minic. Tá sí ina ball den pháirtí Neamhspleáigh i dtreo Athrú, agus i bhfad amach ar an eite chlé.[1]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhás sí aníos sa Droichead Nua, Contae Chill Dara.
Bhíodh sí ina ball den Pháirtí Sóisialach ach d'éirigh sí as ar an 31 Lúnasa, 2012.[2] Bhíodh sí mar chomhairleoir áitiúil i bhFine Gall do cheantar Sord.
Gabhadh í go luath sa bhliain 2013 nuair a cuireadh ina leith go raibh sí ag tiomáint faoi thionchar an óil. Scaoileadh saor níos déanaí í, agus fógraíodh go raibh an leibhéal alcóil ina cuid fola níos ísle ná an teorainn dhleathach. De bharr gur sceitheadh an scéal chuig na meáin agus gur cuireadh dornaisc uirthi, rinne sí gearán le hOmbudsman na nGardaí ina thaobh, dar léi bhíothas tar éis bheith níos déine uirthi toisc gur scaoil sí féin scéal faoi ghardaí a bhí ag baint pointí pionóis ó cheadúnais tiomána.
Sheas sí san Olltoghchán 2016 agus toghadh í mar TD le 16% de na vótaí céad rogha sa toghcheantar Baile Átha Cliath Theas.
Toghadh í chun Parlaimint na hEorpa sa bhliain 2019. Chaill sí a suíochán i bParlaimint a hEorpa in 2024.[3] Chuir RTÉ ceist uirthi cén chaoi ar bhraith sí a suíochán a chailliúint. D'fhreagair sí, "ní raibh spéis ar bith agaibh labhairt liomsa le cúig bliana anuas. Níl spéis ar bith agam labhairt libhse anois." Thug sí barróg don phobalóir Niall Boylan, Éire Neamhspleách, sular fhág sí Ionad Comháirimh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ agus dearcadh an-liobrálach aici; mar shampla tá sí ar son ceart a bheith ann chun ginmhillte.
- ↑ RTÉ News (2012-09-01). "Daly leaves Socialist Party after Wallace row" (as en).
- ↑ Cuireadh as an gcomórtas í ar an seachtú comháireamh déag.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-11). "Daly & Cuffe curtha as an iomaíocht sna toghcháin Eorpacha i mBÁC" (as ga-IE).
- Daoine a rugadh i 1968
- Polaiteoirí na hÉireann
- Baill den 31ú Dáil
- Baill den 32ú Dáil
- Daoine as Contae Chill Dara
- Alumni Ollscoil Chathair Átha Cliath
- Baill den Pháirtí Sóisialach
- Iarbhaill den Pháirtí Sóisialach
- Teachtaí Dála mná
- Comhairleoirí Áitiúla i bhFine Gall
- Trotscaithe Éireannacha
- Daoine beo
- Feisirí de Pharlaimint na hEorpa as Éirinn