Róisín Shortall
Is iar-pholaiteoir Éireannach agus Teachta Dála í Róisín Ní Shoirtéil (Béarla: Róisín Shortall; 25 Aibreán, 1954 a rugadh í). Bhí sí ina ball de na Daonlathaigh Shóisialta agus ina comhcheannaire in éineacht le Catherine Murphy go dtí Feabhra 2023, nuair a d'éirigh siad araon as an ról sin.[1]
Bhí Róisín Shortall ina Teachta Dála i mBaile Átha Cliath le breis is 30 bliain agus thug sí seal ina haire stáit nuair a bhí sí i bPáirtí an Lucht Oibre, Is í an teachta dála mná le seirbhís is faide i stair an stáit.[2]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath í. Is iníon í le iar-chomhairleoir de chuid Fhianna Fáil a throid i gCogadh na gCarad.
Bhíodh Shortall ina ball de Pháirtí an Lucht Oibre go dtí 2012 nuair a d'éirigh sí as an bpáirtí siúd. Is é Baile Átha Cliath Thuaidh Thiar a dáilcheantar.
Toghadh í don Dáil don chéad uair sa bhliain 1992 mar bhall den Lucht Oibre. Bhí sí ina hAire Stáit sa Roinn Sláinte, agus d'éirigh sí as i 2012 nuair nár aontaigh sí le cur chuige an Aire James Reilly faoin tsláinte príomhúil.[1]
Bhí sí ina teachtaire Dála neamhspleách ó 2012 go dtí 2015
Bhunaigh sí Páirtí na nDaonlathaithe Sóisialta in 2015. Sheas sí san Olltoghchán 2016 agus toghadh í le 29% de na vótaí céad rogha.
Tháinig Holly Cairns i gcomharbacht uirthi sa bhliain 2023.
Ar an 2 Iúil 2024, d'fhógair Róisín Shorthall agus Catherine Murphy go raibh siad le n-éirí as an bpolaitíocht ag an gcéad olltoghchán eile. Chreid sí, a dúirt sí, gur féidir saol agus sochaí níos féaráilte bheith ann agus gur prionsabail an daonlathais shóisialta a lean sí i gcónaí chuige sin. Chreid sí chomh maith go láidir sa bpolaitíocht mar chumhacht chun tairbhe an phobail.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Labour.ie/roisinshortall Curtha i gcartlann 2006-12-12 ar an Wayback Machine
- Súiomh Idirlín Oireachtais Curtha i gcartlann 2007-03-10 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-07-02). "Róisín Shorthall, Catherine Murphy le n-éirí as an bpolaitíocht" (as ga-IE).
- ↑ "Fógra déanta ag bunaitheoirí na nDaonlathaithe Sóisialta nach mbeidh siad ag seasamh san olltoghchán" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-02). Dáta rochtana: 2024-07-03.