Mary Mitchell O'Connor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Dhún Laoghaire í Mary Mitchell O'Connor (Gaeilge: Máire Mistéil Ní Chonchubhair ). Tá sí ina ball de Fine Gael ón mbliain 2007 ach bhí ina Comhairleoir Áitiúil leis an bPáirtí Daonlathach roimhe sin.

Dáil Éireann[athraigh | edit source]

I Mí na Nollag, 2010 roghnaíodh mar iarrthóir í do cheantar Dhún Laoghaire. Ar an 2 Márta, 2011 chuir sí iontas ar go leor nuair a thiomáin sí síos céimeanna i gcarrchlós na Dála. Bhí sí tar eis dul in airde ar chuid de charrchlós ar rampa a cuireadh ann ar mhaithe leo siúd i gcathaoireacha rotha. Bhí roinnt iriseoirí ar an láthair agus tuairiscíodh an scéal ar Nuacht RTÉ na hoíche sin.

I rith seisiún Dála i Meitheamhna bliana 2011 rinne Mick Wallace TD tagairt di mar Miss Piggy. Spreag sí lá bándearg sa Dáil ina dhiaidh sin ar mhaithe le hailse na gcíoch.