Leathlobhar mac Loingsigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLeathlobhar mac Loingsigh
Beathaisnéis
Bás873 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteCeann Éidigh mac Leathlobhair Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Ulad de chlann Uí Chaolbhadh as Magh Line. géag de Dhál Araí, ba ea Leathlobhar mac Loingsigh (Sean-Ghaeilge Lethlobar mac Loingsig) (na 873). Tomaltach mac Ionrachtaigh, iar-rí Ulad, ba ea a sheanathair.[1][2] Bhí séi réim mar rí Dhál Araí 824/849-873, mar leath-ri Ulad 857-871 agus rí aonar Ulaid 871-873.

Feictear Leathlobhar don chéad sna hannála sin bhliain 828 agus na Lochlannaigh á gcloí aige.[3] Glaoitear rí Dhál Araí air anseo. Tagann Leathlobhar i ndiaidh Eochadha mhic Bhreasail (bás 824) sna ríliostaí sa Leabhar Laighneach.[4] Feictear beirt ríthe Dhál Araí eile i nAnnála Uladh, Cináed mac Eochada (bás 832) agus Flannagán mac Eochadha (bás 849). Glaoitear orthu siúd agus Eochaidh mac Breasail mar rí Dhál Araí an Tuaiscirt, de shliocht Fhiachra Chosalaigh (bás 710), gaolta b'fhéidir leis an ngéag tuaisceartach, Eilne.[5] Glaoitear i gcónaí sna hannála ríthe Chobha ar an ngéag deisceartach, Uí Eachach Chobha in iarthair Contae an Dúin. Pé scéal é, is cinnte é go raibh Leathlobhar ina rí ón mbliain 849 ar aghaidh.

Sa bhliain 857, fuair rí na nUlad de Dhál Fhiatach, Madadán mac Muireadhaigh, agus d'éirigh Leathlobhar ina leath-rí le Cathalán mac Ionrachtaigh de Leath Cathail.[6] Maraíodh Cathalán sa bhliain 871 ar ord an Ardrí, Aodh Fionnliath d'Uí Neill an Tuaiscirt agus d'éirigh Leathlobhar ina rí aonair.[7] Ina thásc sna hannála, deirtear gurbh aosta é (uitam senilem finiuit).[8]

Tháinig a mhac, Ceann Éidigh (bás 900), i gcomharbacht air mar rí Dhál Araí, agus rinneadh rí Ulad de in am trátha. Phós a iníon Barrdubh le hAodh mac Eochagáin (bás 919), rí Ulad de Dhál Fhiatach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Leabhar Laighneach, Rig Ulad, Rig Dail Araide G800011A
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Dublin: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 7
  2. Charles-Edwards, Aguisín XXII
  3. Annála Uladh, AU 828.5
  4. Leabhar Laighneach, Rig Dail Araide
  5. Mac Niocaill, lch. 138
  6. Tugtar réimeas 16 bliain dó mar rí Ulad sa Leabhar Laighneach ach fágadh Cathalán ar lár
  7. AU 871.1
  8. AU 873.2