Tomaltach mac Ionrachtaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTomaltach mac Ionrachtaigh
Beathaisnéis
Bás790
Teaghlach
AthairIonrachtach mac Leathlobhair

Rí Ulad de chlann Uí Chaolbhadh, géag de Dhál Araí ba ea Tomaltach mac Ionrachtaigh (Sean-Ghaeilge Tommaltach mac Indrechtaig) (bás 790). Ionrachtach mac Leathlobhair (bás 741), iar-rí Dhál Araí, ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i réim mar rí Dhál Araí ón mbliain 776, agus mar rí na nUlad ón mbliain 789, go dtí a bhás dá bhliain 790.

Rinne Tomaltach a éilimh ar choróin Dhál Araí sa bhliain 776, le tacaíocht ó Eochaidh mac Fiachna (bás 810) de Dhál Fhiatach, mac rí na nUlad a bhí i réim. Bhuaigh siad ag Cath Drong, agus maraíodh rí Cináed Ciarrge mac Cathussaig agus a chomhghuaillí, Dúnghal rí Uí Thoirtre (dream Oiriall, taobh thiar de Loch nEathach).[4][5] Sa bhliain 783, b'éigean do Thommaltach a choróin a chosaint agus bhuaigh sé Cath Duma Achad (Dún Eathach, Contae Aontroma) in éadan naimhde de chuid a mhuintire féin.[6][7]

Tar éis bhás the death of Fiachna mhic Aodha Róin (bás 789), rí na nUlad of Ulaid, tharla achrann cathartha i measc Dhál Fhiatach agus rinne Tomaltach rí Ulad de féin.[8] Fuair sé bás ámh an an bhliain dár gcionn.[9] An bhliain chéanna, rinne Dál Araí ár mór ar Dhál Fhiatach.[10][11] Feictear seo tar éis thásc Thomaltaigh sna hannála, ach ní gá go mbeadh eachtraí bliantúla bheith liostaithe in ord croineolaíoch. Cé go bhfeictear é sa ríliosta Ulad sa Leabhar Laighneach, ní thugtar ach an teideal rí Dhál Araí i nAnnála Uladh.

D'éirigh a gharmhac, Leathlobhar mac Loingsigh (bás 873), ina rí Ulad fosta.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 7
  2. Charles-Edwards, Aguisín XXII
  3. Mac Niocaill, lch. 138
  4. Annála Uladh, AU 776.7
  5. Mac Niocaill, lch. 139
  6. AU 783.5
  7. Mac Niocaill, lch. 139
  8. Mac Niocaill, lch. 140
  9. AU 790.2
  10. AU 790.6
  11. Mac Niocaill, lch. 140