Jump to content

Eochaidh mac Fiachna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eochaid mac Fiachnai)
Infotaula de personaEochaidh mac Fiachna
Beathaisnéis
Bás810
Liosta Ríthe Uladh
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachDál Fiatach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMuireadhach mac Eochadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFiachna mac Aodha Róin
SiblínCaireall mac Fiachna

Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Eochaidh mac Fiachna (Sean-Ghaeilge Eochaid mac Fiachnai) (bás 810). Fiachna mac Aodha Róin (bás 789), iar-rí, ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 790 go dtí 810.

Feictear Eochaidh don chéad uair sna hannála don bhliain 776. Thug sé tacaíocht do Tomaltach mac Ionrachtaigh (bás 790) agus cogadh cathartha ar siúl i measc Dhál iomaíochta Araí. Chloígh agus mharaigh sé an rí i gcumhacht, Cináed Ciarrge mac Cathussaig, agus a chomhghuaillí, Dúnghal rí Uí Thoirtre (dream Oiriall taobh thiar de Loch nEathach]]) i rith Cath Drong.[4][5]

Bhí Dál Fhiatach curtha ar ais mar a bhí an lá ab fhearr é, ach tar éis a bháis, thosaigh achrann comharba. Thug a ghaol, Tomaltach mac Cathail, a ndúshlán Eochaidh. Fionnó Aonghasa mhic Mhaoil Chobha mhic Fhiachna (bás 647), rí Ulaid, ba ea Tomaltach, agus bhíothas i mbun a ghéag (darbh ainm Cineál Aonghasa (Cenél nÓengusa)) a choinneáil as an gcoróin.[6][7] Cloíodh agus maraíodh Tomaltach i mbun chatha ag Eochaidh.[8][9]

Bhí leas bainte ag Tomaltach mac Ionrachtaigh de Dhál Araí as an gcath cathartha i measc Dhál Fhiatach, agus d'éirigh sé ina rí Ulad, ach fuair sé bás an bhliain dár gcionn, 790. Rinne Dál Araí ár mór ar Dhál Fhiatach an bhliain úd. Ní fios go cruinn ar tharla seo roimh nó tar éis bhás Tomaltaigh.[10][11] D'éirigh Eochaidh ina rí Ulad an bhliain úd.

Sa bhliain 801, chuaigh na hUlaid chun cogaidh in éadan Uí Eachach Chobha, is dócha chun a gcur cumhachta a bhrú chun cinn. Bhuaigh na hUlaid agus maraíodh rí Chobha, Eocha mac Ailealla. Maraíodh ámh Caireall mac Cathail ar thaobh na nUlad.[12][13]

Sa bhliain 809, rinne an tArdrí Aodh Oirdní feachtas in éadan na nUlad agus chloígh sé iad á scriosadh ón mBanna go dtí Loch Cuan. Is amhlaidh gur chúis an achrainn seo ná dúnmharú Dhúnchú, abb Thulaigh Lis, Contae an Dúin, ag na hUlaid.[14][15] Tharla cath cathartha i ndiaidh sin, inar cloíodh Eochaidh ag a dheartháir, Caireall (bás 819).[16] Insítear sna hannála gur éalaigh Eochaidh ón gcath, agus fuair sé bás sa bhliain 810, dar le staraithe.

D'fhéadfadh é go raibh Eochaidh ina bhunaitheoir Dhún Eachdach, a d'éirigh ina shuíochán ríoga Dhál Fhiatach agus ionad a gcuid cumhachta á bhogadh acu ó thuaidh ó Dhún Pádraig.[17]

I measc mac Eochadha, bhí a leanas:

  • Muireadhach (bás 839), rí Ulad
  • Aodh, athair triúr ríthe Ulad

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Byrne, Tábla 6
  2. Charles-Edwards, Appendix XXI
  3. Mac Niocaill, lch. 155
  4. Annála Uladh, AU 776.7
  5. Mac Niocaill, lch. 139
  6. Byrne, Tábla 6
  7. Charles-Edwards, Aguisín XXI
  8. AU 789.9
  9. Byrne, lch. 119
  10. AU 790.6
  11. Mac Niocaill, lch. 140
  12. AU 801.3
  13. Mac Niocaill, lch. 140
  14. AU 809.3, 809.7
  15. Byrne, lch. 161
  16. AU 809.9
  17. Byrne, lch. 119