Fiachna mac Aodha Róin
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 789 |
Liosta Ríthe Uladh | |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál Fiatach |
Páiste | Eochaidh mac Fiachna, Caireall mac Fiachna |
Athair | Aodh Róin |
Siblín | Breasal mac Aodha Róin |
Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Fiachna mac Aodha Róin (Sean-Ghaeilge Fiachnae mac Áedo Róin) (bás 789). Áed Róin mac Bécce Bairrche (bás 735) ba ea a athair, agus Breasal (died 750) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1][2][3] Bhí sé i réim ón mbliain 750 go dtí 789.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a athair maraithe sa bhliain 735 i mbun chatha in éadan Ardrí na hÉireann Áed Allán (bás 743) de Chineál Eoghain agus d'éirigh Cathasach mac Ailealla (bás 749) de Dhál iomaíochta Araí ina rí Ulad. Maraíodh, in, Cathasach sa bhliain 749 ag Ráith Beithech, is dócha ar mhaithe le Dál Fhiatach, agus rinneadh rí de Bhreasal dheartháir Fiachna.[4][5] Maraíodh Bressal féin sa bhliain 750 ach choinnigh Dál Fhiatach an ríogacht.[6][7] Creideann an staraí Byrne, ámh, go raibh idir-ríocht ann idir réimis Aodha Róin agus Fiachna.[8]
Réimeas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Fiachna Dál Fhiatach ar a chosa arís le linn a réimis fhada. Sa bhliain 759, bhí sé páirteach in scéal i measc chléirigh of Ard Mhacha. Thug Fiachna a thacaíocht don abb Fer-dá-Chrích in aghaidh sagart darbh ainm Aireachtach, a bhí faoi thacaíocht Dhúnghal mac Amhalaí, rí Bhreá. Chloígh Fiachna iad uile i gCath Emain Macha, agus maraíodh Dúnghal agus a chomhghuaillí, Donn Bó mac Con Brettan, rí Fhir Rois.[9][10][11][12]
Sa bhliain 761, chloígh Fiachna fir Uí Eachach Chobha de Dhál Araí i gCath Áth Duma, agus maraíodh a rí, Ailill mac Feilimí.[13][14][15] Buaileadh Uí Eachach Chobha go dubha arís sa bhliain 776, an uair seo ag na hOirthir, dream Oiriall.[16][17]
Chuaigh i mbun achrainn chathartha Dál Araí sna blianta 776 agus 783. Sa bhliain 776 féin, thug Eochaid mac Fiachna tacaíocht sin éilitheoir, Tomaltach mac Ionrachtaigh (bás 790), agus chloígh agus mharaigh siad rí Dhál Araí, Cináed Ciarrge mac Cathussaig, agus a chomhghuaillí Dúnghal, rí Uí Thoirtre, dream eile Oirialla i gCath Drong.[18][19]
Bhí an oiread sin cumhachta ag Fiachna gur lorg an Ardrí Donnchadh na Mí (bás 797) cruinniú leis ag Inis na Ríg in oirthear Bhreá. Chuir chomh-mhímhuinín áfach bac ar Fhiachna a theacht i dtír nó Donnchadh a dhul ar muir, chun buaileadh le chéile.[20][21][22] B'fhéidir gurbh é chuid an chruinniú ná réimsí cumhachta a réiteach. B'fhéidir é go raibh Donnchadh ag iarraidh cúrsaí idir Uí Eachach Chobha, na hOirthir agus ceantar teorann Chonaille Muirtheimne a shocrú.[23]
Leathadh Dhál Fhiatach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn réimeas Fiachna, thosaigh leathadh Dhál Fhiatach ó thuaidh i dtreo bhruacha Loch nEathach. Sáinníodh dá bharr Dál Araí óna ngaoil, Uí Eachach Chobha, sa deisceart. Thug Fiachna a phátrúnacht do Bheannchar, mainistir Dhál Araí go traidisiúnta.[24][25] Thiontaigh sé Dún Pádraig ina mhainistir ríoga, nó b'fhéidir go ndearnadh seo ag a athair:[26] feictear an chéad abb Dhún Pádraig sna hannála ina thásc don bhliain 753.[27][28]
Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ríthe Ulad ba ea a mhic, Eochaidh (bás 810) agus Caireall (bás 819) were Kings of Ulster. Abb Dhún Pádraig ba ea mac eile leis, Loingseach (bás 800).[29][30] Ba bhall de Chéilí Dé ba ea a nia, Diarmaid ó Aodha Róin (bás 825), a bhunaigh mainistir Dhíseart Diarmada sa bhliain 812, agus d'athadhain sé naisc idir Beannchar agus na Laigin.[31]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
- Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, Volume One, Oxford: Oxford University Press
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Tábla 6
- ↑ Charles-Edwards, Aguisín XXI
- ↑ Mac Niocaill, lch. 155
- ↑ Annála Uladh, AU 749.1
- ↑ Mac Niocaill, lch. 137
- ↑ AU 750.10
- ↑ Mac Niocaill, lch. 137
- ↑ Byrne, lch. 118
- ↑ AU 759.2
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 759.2
- ↑ Byrne, lch. 118
- ↑ Mac Niocaill, lch. 139
- ↑ AU 761.2
- ↑ AT 761.1
- ↑ Mac Niocaill, lch. 139
- ↑ AU 776.9
- ↑ Mac Niocaill, lch. 139
- ↑ AU 776.7
- ↑ Mac Niocaill, lch. 139
- ↑ AU 784.8
- ↑ Mac Niocaill, lch. 139
- ↑ Byrne, lch. 124
- ↑ Mac Niocaill, lch. 139-140
- ↑ Byrne, lch.119
- ↑ Ó Cróinín, lch. 220
- ↑ Byrne, lch. 119, 124
- ↑ AU 753.6
- ↑ Byrne, in A New History of Ireland, lch. 679
- ↑ Byrne, lch. 124
- ↑ Ó Cróinín, lch. 220
- ↑ Byrne (NHI), lch. 679