Jump to content

Dúnghal mac Amhalaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dúngal mac Amalgado)
Infotaula de personaDúnghal mac Amhalaí
Beathaisnéis
Bás759
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairAmalgaid mac Congalaig
SiblínConaing mac Amhalaí

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing as Cnóbha, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Dúnghal mac Amhalaí (Sean-Ghaeilge Dúngal mac Amalgado (nó Dúngal Cnogba) (bás 759). Amhalaidh mac Conghalaigh (bás 718) ba ea a athair, agus Conaing (bás 742), a dheartháir, iar-ríthe beirt. Bhí sé i réim ón mbliain 748 go dtí 759.

Bhí na Ciannachta, idir an Bhóinn agus Dealbhna, treascartha ag fir Uí Chonaing, le linn réimeas Cináed mhic Iorghalaigh (bás 728). Bhí cuid acu darbh ainm Ard Ciannachta lonnaithe idir an Bhóinn agus An Níth, fós neamhspleách.[1] Sa bhliain 749, bhuaigh Dúnghal i gCath Ard Ciannacht in éadan a thaoiseach, Ailill mac Duibh dá Crích, a maraíodh. De réir Annála Uladh, maraíodh Aillil sa chéad ionsaí, agus counter-attack Domhnall mac Cináeda Uí Chonaing i bhfrithionsaí. Tugtar iontu an teideal 'rex' ar Domhnall, agus ní fheictear Dúnghal ar an bhfód. De réir Annála Tiarnaigh ámh, bhí Dúnghal ann agus bhuaigh sé.[2][3]

Sa bhliain 759, throid Dúnghal i gCath Eamhain Mhacha in éadan Fhiachna mhic Aodha Róin (bás 789), rí Ulad. Chloígh agus maraíodh é i dteannta lena chomhghuaillí, Donn Bó mac Con Bhreatain, rí Fir Rois. De réir Annála Tiarnaigh, coimhlint i mainistir Ard Mhacha a bhí cuid an chatha. Thug Dúnghal tacaíocht do shagart darbh ainm Aireachtach in éadan an aba Fear-dá-Chrích, tacaithe ag Fiachna.[4][5]

Maraíodh mac Dúnghaile, Conaing (bás 786) i gCath Liac Find (.i. Tuiléan).[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 550-552
  2. Annála Uladh, AU 749.5
  3. Annála Tiarnaigh , AT 749.6
  4. AU 759.2
  5. AT 759.2
  6. AU 786.6