Jump to content

Amhalaidh mac Conghalaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAmhalaidh mac Conghalaigh
Beathaisnéis
Bás718
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteConaing mac Amhalaí, Dúnghal mac Amhalaí Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCongalach mac Conaing Cuirre

Rí Bhreá de chlann Uí Chonaing de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Amhalaidh mac Conghalaigh (Sean-Ghaeilge Amalgaid mac Congalaig (bás 718). Congalach mac Conaing Cuirre (bás 696) ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim i dtuaisceart Bhreá ón mbliain 702 go dtí 718.

Ba mhó le réimeas Amhalaí agus dhá eachtra, mar a bhí an t-achrann i measc clanna Shíol Aodha Sláine, agus tús le teacht ar ais i gcumhacht de Chlann Cholmáin as Uisneach. Bhí ríogacht Bhreá in iomaíocht idir Uí Chonaing agus Uí Chearnaigh as Loch Gabhair. Bhí beirt fhear Uí Chearnaigh ina ríthe Bhreá le linn an ama úd, Fógartach mac Néill (bás 724) agus Conall Grant mac Cearnaigh Sotal (bás 718).[2] Bhí comhaontas idir Uí Chonaing agus Síol Dlúthaigh as Fir Cúl Bhreá.

D'fhás an t-achrann idir tuaisceart agus deisceart tar éis dúnmharú Niall mac Cearnaigh Sotal (died 701) ag uncail Amhalaí, Iorghalach mac Conaing Coirre (bás 702).[3] I ndiaidh seo, chloígh agus mharaigh chomhghuaillí Amhalaí, Flann mac Aodha (bás 714) de Shíol Dlúthaigh, Maine mac Néill Uí Chearnaigh i mbun catha sa bhliain 712.[4]

Is amhlaidh gur thug an tArdrí, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) de Chineál Eoghain a chuid tacaíochta do Chlann Cholmáin sa Mhí.[5] Sa bhliain 711, bhuaigh Fearghal ag Cath of Sliabh Fuaith (Contae Ard Mhacha) agus maraíodh ann Cú Raí mac Áedo de Shíol Dlúthaigh i dteannta le rí Uí Méith.[6] Sa bhliain 714, throid ionadaí Fearghail sa deisceart, Murchadh na Mí (bás 715) as Uisneach, Cath Bile Tened (Billywood, Contae na Mí), inar maraíodh Flann, chomhghuaillí Amhalaí. Níor chinntitheach é an cath ámh.[7] Dhírigh Fearghal a aird ansin ar mhuintir Uí Chearnaigh.

Sa bhliain 718, tharla Cath Cheanannais idir na clanna iomaíocha, agus bhuaigh Conall Grant Uí Chearnaigh. Maraíodh Amhalaidh agus a dheartháir Fearghal, i dteannta lena gcomhghuaillithe, Gormghal mac Aodha de Shíol Dlúthaigh agus Tuathal ó Faolchon de Chlann Cholmáin Bhig.[8]

Ríthe Bhreá fosta ba ea mic leis, Conaing (bás 742) agus Dúnghal (bás 759).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
    • Annála Tiarnaigh
    • Annála Uladh
    • Leabhar Laighneach, Flann Mainistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg* Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Onomasticon Goedelicum

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Leabhar Laighneach, Flann Manistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg
  3. Annála Uladh, AU 701.11
  4. AU 712.6
  5. Charles-Edwards, lch. 572
  6. Annála Tiarnaigh, AT 711.2
  7. AT 714.1
  8. AU 718.3