Irgalach mac Conaing
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois |
Bás | 702 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe Bhreá | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Cináed mac Írgalaig |
Athair | Conaing Cuirre |
Siblín | Congalach mac Conaing Cuirre |
Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Iorgalach mac Conaing Coirre (Sean-Ghaeilge Írgalach mac Conaing Cuirre) (bás 702). Conaing Coirre mac Conghaile (bás 662) ba ea a athair, Conghalach (bás 696) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 696 go dtí 702.
Feictear Iorghalach mar ráthóir ar Cháin Adhamhnáin le Naomh Adhamhnán a socraíodh ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697, áit a nglaoitear rí Chiannacht air.[2]
Ag tús réimeas Iorgalaigh, thosaigh dianachrann idir Uí Chonaing agus Uí Chearnaigh as Loch Gabhair i ndeisceart Bhreá. Cloíodh a dheartháir Conghalach ag Niall mac Cearnaigh Sotal (bás 701) i gCath Imligh Pich sa bhliain 688. Mharaigh Iarghalach Niall, a bhí faoi chosaint Adhamhnáin, ag Drumain Ua Casan sa bhliain 701. Insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann an mhallacht a chuir an naomh ar Iorghalach de bharr an ghnímh seo:[3][4]
“ |
‘A mic mhallaighthe,’ ar se, ‘& a dhuine as cródha & as meassa do righne Día, bíoth a fhioss agat gurob gairid gur rod sgerthar rit flaithius, & ragha dochum n-ifrinn.’ |
” |
Dar leis an gcur síos i nAnnála Easpacha, chuir Adhamhnán mallacht fosta ar mhuintir Iorghalaigh. Bhí a bhean chéile Muireann ní Cheallaigh (bás 748) ag iompar clainne agus d'impigh sí ar Adhamhnán a leanbh sa bhroinn a spáráil. Rinne sé mar a iarradh air, ach leathdhall ba ea Cináed ag a mbreith, agus dá bharr a leasainm Cináed Caoch.[5] D'éag Cináed sa bhliain 728, clóite agus maraithe i gCath Dhroim Chorcainn (nó Chiaráin) ag Flaithbheartach mac Loingsigh de Chineál Chonaill.
Insítear i nAnnála Uladh gur éag Iorghalach sa bhliain 702 nuair a mharaigh Briotanaigh é Britons i nÁth Cliath ar an trá y Inis Mac Neasáin,[6] agus déantar nasc leis seo agus mallacht Adhamhnáin i nAnnála Easpacha.[7]
Tugann aistreoir na nAnnál Easpach, Joan Radner, faoi ndeara, cé go bhfuil fianaise le fáil sna hannála Éireann maidir le básanna Néill agus Iorghalaigh, agus caoiche Chináed, nach féidir muinín a chur sa chuid eile den scéal agus "gur féidir an seanscéal a chur sna bearnaí idir iontrála na n-annál".[8]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, Cuid 1, G100001A
- Leabhar Laighneach, Flann Mainistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg
- Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, Londain: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
- Charles-Edwards, T. M., Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Radner, Joan N. (1999), "Writing history: Early Irish historiography and the significance of form" (PDF), Celtica, Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 23: 312–325, ISBN 1-85500-190-X, arna gcartlann ó an bunleagan (PDF) ar 2009-05-09, aisghafa 2008-03-22
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II.
- ↑ Charles-Edwards, lch. 603.
- ↑ Annála Easpacha na hÉireann Annals, AE 150
- ↑ Radner, "Writing history", ll.315 – 319.
- ↑ AE 150.
- ↑ Annála Uladh, AU 702.2.
- ↑ AE 156.
- ↑ Radner, "Writing history", lch. 318.