Conghalach mac Conaing Choirre
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 696 |
Ríthe Bhreá | |
Teaghlach | |
Páiste | Amalgaid mac Congalaig |
Athair | Conaing Cuirre |
Siblín | Irgalach mac Conaing |
Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Conghalach mac Conaing Coirre (Sean-Ghaeilge Congalach mac Conaing Cuirre (bás 696). Conaing Coirre mac Conghaile (bás 662), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ina cheantar dúchais, Cnobha) nó Tuaisceart Bhreá ón mbliain 662 go dtí 696, agus rí Bhreá féin ó 695 go 696.
Bhí Síol Aodha Sláine i gceannas i lár na tíre le linn na tréimhse seo, ach bhíodh achrann cathartha idir na codanna éagsúla. Feictear Conghalach don chéad uair sna hannála nuair a cloíodh é sa bhliain 688 i gCath Imligh Pich ag Niall mac Cearnaigh Sotal (bás 701) de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair i ndeisceart Bhreá.[2][3] Tháinig Conghalach slán as an gcath, ach maraíodh a chomhghuaillithe, Dub dá Inber, rí Ard Chiannachta, agus Uarchride Ua Oissíne as Conaille Muirtheimhne. Dar le hAnnála Easpacha na hÉireann, tháinig na Ciannachta mar thoradh faoi riail eachtrannach.[4]
Sa bhliain 695, mharaigh Conghalach agus a ghaol Aodh mac Dlúthaigh (bás 701) de Shíol Dlúthaigh an tArdrí, Fíonsneachta Fleách, agus a mhac, Breasal, at Greallaigh Dollaith.[5][6] Dar le hAnnála Tiarnaigh, tharla seo le linn catha, ach insítear i nAnnála Easpacha gur maraíodh Fíonsneachta ina phobal. Rinne rí Bhreá ansin de Chonghalach.[7]
Tá fianaise ann i nAnnála Uladh go raibh Conghalach ina iarrthóir ar an ard-ríogacht, in iomaíocht le Loingseach mac Aonghasa de Chinéal Chonaill. Ní insítear tús réimeas Loingsigh go dtí bás Conghalaigh, bunaithe is dócha ar chur síos i gcroinic a scríobhadh ar Oileán Í.[8][9]
Rí Bhreá fosta ba ea mac Conghalaigh Amalghaidh (bás 718). Mac eile leis ba ea Fearghal (bás 718). Maraíodh iad beirt i gCath Cheanannais ag fir Uí Chearnaigh.[10][11] Maraíodh mac eile Suibhne (bás 722) i gCath Alúine, inár chloígh gur Laighean fir Uí Néill.[12]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Annála Easpacha na hÉireann
- Leabhar Laighneach, Flann Mainistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II.
- ↑ Annála Uladh, AU 688.4
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 688.4.
- ↑ Annála Easpacha na hÉireann, AE 98.
- ↑ AU 695.1
- ↑ AT 695.1.
- ↑ AE 124.
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 506
- ↑ AU 695.1, 696.6 & 696.7.
- ↑ AU 718.3
- ↑ AT 718.3.
- ↑ AE 178