Caireall mac Fiachna
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 819 |
Liosta Ríthe Uladh | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál Fiatach |
Athair | Fiachna mac Aodha Róin |
Siblín | Eochaidh mac Fiachna |
Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Caireall mac Fiachna (Sean-Ghaeilge Cairell mac Fiachnai) (bás 819). Fiachna mac Aodha Róin (bás 789), iar-rí Ulad, ba ea a athair.[1][2] Bhí sé i réim ón mbliain 810 go dtí 819.
Sa bhliain 809, thug Caireall dhúshlán a dheartháir Eochaidh le haghaidh an choróin agus chloígh é i mbun chatha.[3] Tharla an dúshlán seo tar éis don Ardrí, Aodh Oirdní ionsaí a dhéanamh ar na hUlaid agus an cheantar a scrios ón mBanna to Loch Cuan. Dar leis na hannála, d'éalaigh Eochaidh ón gcath. Rinneadh rí na nUlad de Chaireall mar thoradh. Sa bhliain 819, bhain Mhuireadhach mac Eochadha (bás 839) díoltas amach ar son a athar nuair a mharaigh sé Caireall i rith coimheascair.[4]
Bhí ionsaithe Lochlannacha ar Éirinn tosaithe cheanna (tharla ionsaí ar oileán Uladh sa bhliain 795) agus sa bhliain 811, insítear sna hannála gur mharaigh na hUlaid buíon dóibh.[5][6][7][8]
Ní dhearnadh ríthe Ulad de mhuintir Chairill choíche, ach seachas iad muintir a dhearthár, Eochaidh. Bhí ról lárnach acu ámh ag an ionad ríoga mainistreach ag Dún Pádraig.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press
- Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan