Jump to content

Ceann Éidigh mac Leathlobhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCeann Éidigh mac Leathlobhair
Beathaisnéis
Bás900 (⧼Wikibase-time-calendar-Gréagórach⧽)
Teaghlach
PáisteLoingsech mac Cinn Étig Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLeathlobhar mac Loingsigh

Rí Ulad de Dhál Araí ba ea Ceann Éidigh[1] mac Leathlobhair (Sean-Ghaeilge: Cenn Étig[2] mac Lethlobair) (bás 900). Tríochú rí Dhál Araí ba ea é.

Tháinig Ceann Éidigh i gcomharbacht ar a athair Leathlobhair mac Loingsigh mar rí Dhál Araí sa bhliain 873. Sa bhliain 896, tar éis bhás leath-rí Ulad, Mhuireadhaigh mhic Eochocáin de Dhál Fiatach, rinneadh leath-rí Ulad de, i dteannta le hAitíth mac Laigni de chlann Uí Eachach Chobha. Tugtar réimeas 12 bhliain sa ríliosta sa Leabhar Laighneach. Tar éis bhás Aitíth sa bhliain 898,[3] bhí ar Cheann Éidigh an riacht a roinnt le hAodh (898-919) dheartháir Mhuireadhaigh. Fuair sé bás sa bhliain 900.[4][5].

Bhí mac amháin ag Ceann Éidigh, Loingseach, rí Ulad 925-932.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ éidigh1 Lit., gránna
  2. ↑ étig Curtha i gcartlann 2021-01-29 ar an Wayback Machine, éidigh, gránna, míofar, ar eDIL
  3. ↑ Annála Uladh, AU 898.1
  4. ↑ AU 900.2
  5. ↑ Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings".