An difríocht idir athruithe ar: "An Spáinn"
mNo edit summary |
|||
Líne 91: | Líne 91: | ||
== Stair na Spáinne == |
== Stair na Spáinne == |
||
Príomhalt: [[Stair na Spáinne |
''Príomhalt: [[Stair na Spáinne]]'' |
||
Leagan ó 01:13, 22 Samhain 2018
Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire.
Is ball den Aontas Eorpach í agus is monarcacht bhunreachtúil í.
Tá tionchar ag an Spáinn ar fud an domhain: sa lá atá inniu ann, tá 500 milliún daoine ag labhairt na Spáinnise.
Tíreolaíocht
Le 194,884 mi² (504,782 km²), is í an Spáinn an 51ú tír is mó ar domhan.
San iarthar tá teorainn aici leis an bPortaingéil, ó dheas tá Giobráltar (réigiún de chuid na Ríochta Aontaithe) agus Maracó, (de bharr na cathracha i dtuaisceart na hAfraice; Ceuta agus Melilla).
San oirthuaisceart, in aice le sliabhraon na bPiréiní, tá teorainn aici leis an bhFrainc agus Andorra.
Tá na hOileáin Bhailéaracha sa Mheánmhuir, agus Na hOileáin Chanáracha san Aigéain Atlantach chomh maith.
Sa Chatalóin tá baile beag timpeallaithe ag an bhFrainc, Llívia.
Tá lár na Spáinne lán le sliabhraonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na haibhneacha móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir.
Tá machairí glárach ar fud an chósta. Is í an Guadalquivir in Andalucía an ceann is mó sa tír.
Réigiúin na Spáinne
Tá an tír roinnte i 17 réigiúin de réir bunreacht 1978.
Is í Maidrid príomhchathair na tíre. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse.
Is í Barcelona an dara chathair is mó sa tír agus príomhchathair na Catalóine.
- An Andalúis
- Aragón
- Asturias nó Asturies as Astúiris
- Na hOileáin Bhailéaracha nó Illes Balears as Catalóinis
- An Tír Bhascach Theas nó Euskadi as Bascais
- Na hOileáin Chanáracha
- Cantabria
- An Chatalóin nó Catalunya as Catalóinis
- Castilla-La Mancha
- Castilla y León
- Extremadura
- An Ghailís nó Galicia nó Galiza as Gailísis
- La Rioja
- Comhphobal Maidrid
- Murcia
- Navarra nó Nafarroa as Bascais
- An Comhphobal Vaileinseach nó Comunitat Valenciana as Vaileinsis
Is cathracha féinrialaithe iad Ceuta agus Melilla, chomh maith.
Stair na Spáinne
Príomhalt: Stair na Spáinne
Bhí an tír aontaithe sa 15ú haois i ndiaidh pósadh na Monarcaí Caitliceacha agus deireadh an Reconquista sa bhliain 1492. D'fhás cumhacht na tíre go mór ina dhiaidh sin.
- Réamhstair na Spáinne
- Stair na Rómhánach
- Na Viseagotaigh
- Ionradh na Moslamach
- Al Andalus
- An Athghabháil
- Teach na hOstaire
- Teach na mBúrbónach
- An Eagnaíocht
- Cogadh na Saoirse
- Athghairm an Absalóideachais
- Réabhlóid Liobrálach agus an Stát Bunreachtúil
- Chéad Phoblacht na Spáinne
- Athghairm na mBúrbónach
- Dara Poblacht na Spáinne
- Cogadh Cathartha na Spáinne
- An Deachtóireacht
- An Idirthréimhse
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |