Jump to content

Céad Phoblacht na Spáinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCéad Phoblacht na Spáinne

AintiúnHimno de Riego Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40° 12′ N, 3° 30′ O / 40.2°N,3.5°W / 40.2; -3.5

PríomhchathairMaidrid Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Teanga oifigiúilan Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiúnan Eaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht na Spáinne agus Canton of Torrevieja (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 11 Feabhra 1873:  cúis leis seo Abdication of Amadeo I of Spain (en) Aistrigh
Díscaoileadh29 Nollaig 1874
Á leanúint agan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhdháil Deputies Cuir in eagar ar Wikidata
 President of the Republic of Spain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataEstanislao Figueras (1873–1873) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrapeseta Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil

Tháinig Céad Phoblacht na Spáinne i bhfeidhm nuair a d'éirigh Amadeo I as, mar Rí na Spáinne ar an 10 Feabhra, 1873. An lá dár gcionn, 11 Feabhra, d'fhógair poblachtaigh agus daonlathaigh i bparlaimint na Poblachta. Mhair sí trí mhí is fiche go dtí 29 Nollaig 1874 agus bhí cúigear uachtaráin uirthi: Estanislao Figueras, Pi i Margall, Nicolás Salmerón, Emilio Castelar agus Francisco Serrano.

Bhí na Poblachtaigh ag súil le rialtas feidearálach, ach bhí na radacaithe ag súil le poblacht aontaithe, agus chomh luath agus a bhí an Phoblacht fógartha, thosaigh an dá páirtí ag troid lena chéile; ar dtús báire cuireadh na radacaithe as cumhacht, agus chuaigh siad le daoine a bhí curtha amach de bharr na réabhlóide sa bhliain 1868 agus an an chogaidh chathartha.

Ba iad na cúiseanna do mheath na Poblachta ná treascairt san airm, ceannaircí áitiúla, éagobhsaíocht i mBarcelona, teip éirí amach frithchónaidhmeach, Cumann Idirnáisiúnta na nOibrithe ag iarraidh réabhlóide, easpa dlisteanachta pholaitiúla, agus achrann inmheánach pearsanta i measc ceannairí na Poblachta.

Chuireadh deireadh leis an bPoblacht ar an 3 Eanáir, 1874, nuair a d'fhiafraigh an Chaptaen Ginearál de Mhaidrid, Manuel Pavía, ar gach páirtí, ach amháin na Carlaithe agus Feidearálaigh, rialtas náisiúnta a bhunú. Dhiúltaigh na Monaraigh agus Poblachtaigh, a d'fhág na aontachtaithe radacach agus na bunreachtaithe mar an t-aon grúpa a bhí sásta rialú; arís búnrialtas cúng. Bhunaigh Ginearál Francisco Serrano rialtas nua agus é ina uachtaráin na Poblachta, cé nach raibh sé ach mar fhoirmiúlacht toisc go raibh an Cortes imithe.

Bhí an méid a bhí ag fórsaí na Carlaithe ag an pointe is mó sa bhliain 1874, ba bheag nár chríochnaigh an cogadh go luath, briseadh airm tuaisceart na bPoblachtach cúpla uaire ach lean an cogadh de bharr drochaimsire. Thug na Monarcaigh a gcuid tacaíochta d'Alfonso, mar an Ban Rí Éilís, agus d'eagraigh Cánovas del Castillo iad.

Lean an tréimhse seo den Phoblacht go dtí gur thug an oifigeach Martínez Campos tacaíocht do Alfonso i Sagunto ar an 29 Nollaig 1874, agus dhiúltaigh an chuid eile den airm dul ina aghaidh. Thit an rialtas as a céile, agus chríochnaigh an Phoblacht. Athgairmíodh an Monarcacht Bourbon le fógra Alfonso XII mar Rí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]