Reilig Ghlas Naíon
Reilig Ghlas Naíon | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (ga) Reilig Ghlas Naíon | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Reilig | |||
Foirgníocht | 1832 | |||
Tréith | ||||
Achar dromchla | 50 ha | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Glas Naíon, Éire agus Baile Átha Cliath, Éire | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | glasnevintrust.ie | |||
Is é Reilig Ghlas Naíon (nó Prospect Cemetery uaireanta) an reilig neamh-shainchreidmheach is mó i mBaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann. Bunaíodh an reilig i rith an 19ú haois, agus tá roinnt mhaith de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann curtha ann, mar shampla Charles Stewart Parnell, Dónall Ó Conaill, Mícheál Ó Coileáin, Éamon de Valera, Caoimhín de Barra agus Constance Markiewicz.
Bunú na reilige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Osclaíodh doirsí na reilige den chéad uair thiar sa bhliain 1832, tráth ina raibh na Péindlíthe fós i bhfeidhm go tréan fud fad na tíre. Ní raibh reiligí dá gcuid féin - ar bhun oifigiúil ar aon nós - ag Caitlicigh na tíre chun a mairbh féin a chur i gcré na cille, rud a ghríosaigh Dónall Ó Conaill chun feachtas a bhunú ina choinne. Sa deireadh thiar thall, chruthaigh mo dhuine nach raibh dlí oiriúnach ar bith i bhfeidhm a chuirfeadh a leithéid sin de bhac orthu, agus éilíodh áit chuí ina gcuirfeadh Caitlicigh agus Protastúnaigh in aon reilig le chéile.
Prospect Cemetery a baisteadh uirthi agus í á oscailt don phobal ar an 21 Feabhra 1832. Lonnaíodh an reilig ar naoi acra i nGlas Naíon, taobh thuaidh den chathair. An chéad duine a cuireadh ann ná buachaill óg ceithre bliana d'aois darbh ainm Michael Casey ó Shráid San Proinsias i lár Bhaile Átha Cliath.
Daoine cáiliúla atá curtha i Reilig Ghlas Naíon
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tomás Ághas - a fuair bás tar éis stailc ocras sa bhliain 1917.
- Caoimhín de Barra - dalta a crochadh mar gheall ar a ról i gCogadh na Saoirse. Bogadh a chorp ó bPríosún Mhuinseo go dtí Glas Naíon sa bhliain 2001 nuair a thugadh sochraid stáit dó.
- Piaras Béaslaí - marthanóir a tháinig slán as Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, agus a bhí ina údar níos déanaí.
- Alfred Chester Beatty - bailitheoir ealaíona.
- Breandán Ó Beacháin - scríbhneoir agus drámadóir.
- Anraí Ó Beolláin - cara le Mícheál Ó Coileáin agus frith-chonraitheoir.
- Christy Brown - scríbhneoir an leabhair My Left Foot.
- Francis Browne - Sagart Íosánach agus an grianghrafadóir a thóg na grianghraif deireanacha ar bord na loinge, an RMS Titanic.
- Cathal Brugha - polaiteoir agus céad uachtarán ar Dháil Éireann idir Eanáir agus Aibreán 1919.
- Ruairí Mac Easmainn - gníomhaí ar son cearta daonna agus réabhlóidí Éireannach a cuireadh chun báis sa bhliain 1916.
- Robert Erskine Childers - réabhlóidí Éireannach agus ar dhuine de na daoine a shínigh Conradh Angla-Éireannach. Maraíodh é le linn Chogadh Cathartha na hÉireann.
- Mícheál Ó Coileáin - ceannaire poblachtánach a bhí taobh thiar den Cogadh Angla-Éireannach, agus a maraíodh i rith Cogadh Cathartha na hÉireann.
- Ruairí Ó Conghaile - polaiteoir sóisialach agus mac le Séamas Ó Conghaile.
- Aindriú Ó Cuana - poblachtánach Éireannach.
- John Philpot Curran - abhcóide a chosain Wolfe Tone.
- James Daly - lámhachadh é mar gheall ar an pháirt a ghlac sé i gceannairc na Connaught Rangers san India sa bhliain 1920. Leacht cuimhneacháin atá ann, tá Daly curtha i gContae na hIarmhí.
- William Dargan - ceannródaí iarnróid.
- Éamon de Valera - 3ú Uachtarán na hÉireann (1959 - 1973) agus an ceannaire is ceannasaí sa 20ú haois.
- Sinéad de Valera - bean chéile le hÉamon, agus í curtha san uaigh chéanna.
- Anne Devlin - bean tí le Robert Emmet.
- Seán Ó Dubhuí - ceannaire Fíníneach.
- John Blake Dillon - údar agus polaiteoir.
- Frank Duff - bunaitheoir an An Léigiún Muire.
- James Fitzmaurice - ceannródaí eitlíocht.
- John Grey - polaiteoir i rith an 19ú haois.
- Maud Gonne - gníomhaí náisiúnach.
- Art Ó Gríofa - bunaitheoir ar Shinn Féin, agus uachtarán ar Dháil Éireann idir Eanáir agus Lúnasa 1922.
- Tim Healy - 1ú Seanascal Shaorstát Éireann.
- Gerard Manley Hopkins - file.
- Peadar Ó Céarnaigh - an duine a chum Amhrán na bhFiann.
- Kitty Kiernan - fiancé le Mícheál Ó Coileáin.
- Séamas Ó Lorcáin - ceannaire ceardchumainn, agus bunaitheoir Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann.
- Seán Mac Giolla Bhríde - bunaitheoir Chlann na Poblachta agus i measc na daoine a bhunaigh Amnesty International.
- Edward Cardinal McCabe - ardeaspag san 19ú haois i mBaile Átha Cliath.
- Risteárd Mhic Aodha - ball den IRA a bhí an-ghníomhach i gCogadh na Saoirse.
- Toirealach Mac Mánais - réabhlóidí Éireannach.
- Constance Markiewicz - céad bean a toghadh isteach i dTeach na dTeachtaí na Breataine, agus ina ball den Chéad Dáil.
- Dermot Morgan - fuirseoir agus aisteoir Éireannach a bhain cáil amach le Father Ted.
- Kate Cruise O'Brien - scríbhneoir agus foilsitheoir.
- Dónall Ó Conaill - polaiteoir Éireannach is ceannasaí idir na 1820í agus na 1840í.
- Patrick Denis O'Donnell - staraí aithnidiúil.
- Diarmaid Ó Donnabháin Rosa - ceannaire Fíníneach.
- Eoin Ó Dufaigh - ceannaire na Léinte Gorma.
- Caoimhín Ó hUiginn - polaiteoir i rialtas an tSaorstáit.
- Seán T. Ó Ceallaigh - 2ú Uachtarán na hÉireann (1945 - 1959).
- Seán Ó Mathúna - i measc na bunaitheoirí ar Bhráithreachas na Poblachta.
- Séamas Ó Meára - ceannaire náisiúnach agus ball den Chéad Dáil.
- Charles Stewart Parnell - polaiteoir is ceannasaí in Éirinn ó 1875 go dtí 1891.
- Pádraig Ruttledge - aire i rialtais Éamon de Valera.
- D.D. Ó Síocháin - céad Teachta Dála neamhspleách ó Pháirtí an Lucht Oibre.
- David P. Tyndall - fear gnó cáiliúil
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh Oifigiúil Reilig Ghlas Naíon Curtha i gcartlann 2013-04-04 ar an Wayback Machine