An Reithe
Ainm Laidine (IAU) | Aries |
---|---|
Nod | Ari |
Ginideach Laidine | Arietis |
Siombalaíocht | an Reithe |
Dronairde | 3 h |
Diallas | +20° |
Achar | 441 céim cearnach Céim 39ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 2 |
Réalta is gile | Hamal (α Ari) (méid 2.0) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −60° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr |
Tá an Reithe ar cheann de réaltbhuíonta an stoidiaca. Aries an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn reithe. Tá an Reithe suite idir na hÉisc, atá ar an taobh thiar de, agus an Tarbh, atá ar an taobh thoir de.
Príomhghnéithe
Tá réaltaí an Reithe doiléir go leor, seachas Hamal (α Ari) agus Sharatan (β Ari). I measc a réaltaí suntasacha eile faightear Mesarthim (γ1 Ari) agus Botein (δ Ari).
- Réalta Teegarden: tá an abhac dearg seo ar cheann de na comharsana is giorra don ghrian s'againne.
Réada suntasacha domhainspéire
Níl ach cúpla réad domhainspéire sa Reithe, agus iad go léir an-lag. Faightear ina measc na réaltraí NGC 697 (ar an taobh thiar thuaidh de β), NGC 772 (ar an taobh thoir theas de β), NGC 972 (i gcúinne thuaidh na réaltbhuíne), agus NGC 1156 (ar an taobh thiar thuaidh de δ). Is an-deacair a aimsiú aon cheann díobh.
Miotaseolaíocht
Má chuirtear san áireamh réaltóga níos doiléire, ach infheicthe ag an tsúil fhornocht, tá dealramh ag ceantar seo na spéire le ceann reithe a bhfuil gnáthchruth cinn fhéariteora air agus adharc bhíseach ar a bharr.
I miotaseolaíocht na Gréige, ceaptar gurbh é an reithe a d'iompair Fricseas, mac Athamas, agus a dheirfiúr Heillé go Colcas le héalú óna leasmháthair Ionó atá ann. Thit Heillé anuas sa mhuir sin ar tugadh Muir Heillé ina dhiaidh sin uirthi. Tar éis do Fricseas a theacht slán go Colcas, d'íobair sé an reithe (go han-dhíomuíoch) agus chroch sé a lomra i nGarrán Airéis, áit ar thiontaigh sé ina ór; blianta ina dhiaidh sin tháinig Iasón agus na hArgónátaigh ar a lorg. De réir cosúlachta, bhí na Baibealóinigh, na Gréagaigh, na Peirsigh agus na hÉigiptigh go léir ar aon intinn le chéile gurbh é ainm na réaltbhuíne seo ná an Reithe.
B'fhéidir go mbaineann bunús mhiotas chrios Hipilité (ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail) le príomhcheantar na spéire a chomhdhéanann comhartha an Reithe, a chuimsíonn an Phléadach, réaltbhuíon Andraiméide agus páirt de na hÉisc.
Astralaíocht
Baineann comhartha astralaíoch an Reithe (Márta 21–Aibreán 19) leis an réaltbhuíon atá ar aon ainm leis.
De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Reithe le dúil chlasaiceach na Tine, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na tine é (i dteannta leis an Saighdeoir agus an Leon). Is é Mars is pláinéad ceannasach leis. Tá sé freisin ar cheann de na ceithre chomhartha Chairdineálta (i dteannta na Meá, an Ghabhair, agus an Phortáin). Is é an Mheá is frithchomhartha polach leis. Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn seo mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Reithe an ceann. Ar ndóigh, is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná an reithe é féin. I measc tréithe an Reithe áirítear nádúr eisdírithe go hionsaitheach, fiosracht is spraoi naíonda, soineantacht athléimneach, agus macnas míshuaimhneach fiáin; ach cuirtear cúpla drochthréith san áireamh freisin, ina measc giorraisce is sochorraitheacht.
Daoine cáiliúla ar rugadh faoin gcomhartha seo iad: Russell Crowe, Ewan McGregor, Kofi Annan, Hans Christian Anderson, Vincent Van Gogh, Heath Ledger, Elle McPherson, Maya Angelou and Victoria Beckham.
Réaltaí
Féach fosta
Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Reithe ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Ian Ridpath's Star Tales
- an Reithe agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- an Reithe ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Reithe Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Reithe
Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |