Jump to content

Argónátaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarArgónátaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgroup of Greek mythical characters (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmArgo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deMiotaseolaíocht na Gréige Cuir in eagar ar Wikidata
Iasón agus na hArgónátaigh

Ba laochra i miotaseolaíocht na Gréige sna blianta roimh Chogadh na Traí (timpeall 1300 R.Ch.)[1] iad na Argónátaigh (Sean-Ghréigis: Ἀργοναῦται) a chuaigh in éineacht le hIasón go Colcas agus é ar thóir Lomra an Óir. Tagann a n-ainm óna long, an Argó, a bhí ainmnithe i ndiaidh a tógálaí, Argas.

An Lomra Óir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bhás an Rí Créitéas, d'fhorghabh an tAeólach Peilias an ríchathaoir óna leathdheartháir Aesón agus tháinig sé i gcoróin Iolcais sa Teasáil (i ngar don chathair Volos sa lá atá inniu ann). Thug oracal rabhadh dó go lorgódh duine de shliocht Aeólais díoltas as an éagóir seo. Chuir Peilias chun báis gach duine de shliocht Aeólais arbh fhéidir leis, ach spáráil sé Aesón mar gheall ar impí a rinne a máthair Tireo. Choinnigh Peilias Aesón ina phríosúnach agus chuir sé iallach air a oidhreacht a thréigean. Phós Aesón bean darbh ainm Alcaiméide, a rug mac dó ar thug siad Iasón air. Bhí sé ar intinn ag Peilias an leanbh a mharú láithreach, ach ghlaoigh Alcaiméide ar a gaolta an leanbh a chaoineadh amhail is go raibh sé marbh-bheirthe. Thionóil sí adhlacadh bréige agus smuigleáil sí an leanbh go Sliabh Peilión. Thóg an ceinteár Céarón, traenálaí na laochra, é.

Tugann Iasón an Lomra Óir do Pelias, ar bhabhlá ón Apulia, c. 340–330 BC.

Nuair a bhí Iasón 20 bliain d’aois, d’ordaigh oracal dó gléasadh in éide Mhaignéiseach agus dul chuig an gcúirt Iolcach. Ar an mbealach, chaill Iasón cuarán ag trasnú abhainn lábach Anavros agus é ag cabhrú le seanbhean (an bandia Héire faoi bhréagriocht). Bhí fearg ar Héire leis an Rí Peilias as a leas-seanmháthair Sidero a mharú tar éis di tearmann a lorg i dteampall Héire.

Thug oracal eile rabhadh do Pheilias a bheith ar a choimhéad ar fhear le bróg amháin. Bhí Peilias i gceannas ar íobairt do Phoiséadón agus bhí roinnt ríthe comharsanacha i láthair. Bhí stócach ard le craiceann liopaird air i measc an tslua, agus cuarán amháin á chaitheamh aige. D’aithin Peilias gurbh é Iasón a nia. Níorbh fhéidir leis é a mharú toisc go raibh ríthe suntasacha den teaghlach Aeólach i láthair. Ina áit sin, d'iarr sé ar Iasón: “Cad a dhéanfá dá bhfógródh oracal go raibh duine de do chomhshaoránaigh i ndán dó tusa a mharú?” D'fhreagair Iasón go gcuirfeadh sé é chun Lomra an Óir a fháil, gan a fhios aige gurbh í Héire a chuir na focail sin ina bhéal.

D'fhoghlaim Iasón níos déanaí go raibh Peilias á chéasadh ag taibhse Priocsais. Bhí Priocsas tar éis teitheadh ó Orcaiméineas ag marcaíocht ar reithe diaga ionas nach ndéanfaí é a íobairt agus chuaigh sé ar a chaomhnú i gColcas, áit ar diúltaíodh adhlacadh ceart dó níos déanaí. De réir oracail, ní bheadh rath ar Iolcas go deo mura dtabharfaí a thaibhse ar ais i long, in éineacht le lomra an reithe órga. Bhí an lomra seo ar crochadh anois ó chrann i ngarraí an Airéis Cholcaigh, faoi gharda dragain nár chodail riamh. Mhionnaigh Peilias roimh Shéas go dtréigfeadh sé an ríchathaoir ar fhilleadh Iasóin, agus é ag súil go marófaí Iasón le linn a iarracht Lomra an Óir a ghoid. Ach, mar a tharla sé, chosain Héire Iasón le linn an turais chontúirtigh.

An turas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheol Jason go Colchis le 49 comrádaí cróga chun an lomra órga a fháil.

Mná Lemnos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba chéad áit a chur na hArgónátaigh a mbád ar ancaire ná Lemnos, oileán ar fhuair siad amach go raibh na fir go léir maraithe. Is é an fáth atá leis ná nár thug na mná onóir agus d'ofráil d'Afraidíté ar feadh roinnt blianta, agus mar gheall ar fhearg an bhandé, thug sí cuairt orthu agus inmhíolaigh sí an t-oileán le boladh bréan. De bharr sin, ghabh a bhfir chéile mná ó thír chomharsanacht An Tráicia mar mná leapa iad. Mar gheall ar an maslú seo, ghríosaigh an bhandia chéanna mná Lemnos go léir (ach amháin Hypsipyle) dul i mbun comhcheilge chun a n-aithreacha agus a bhfear céile a dhúnmharú. Chuir siad an Rí Thoas as oifig ansin ach sábháladh Thoas ón bás leis na fir eile ag a iníon Hypsipyle, a chuir a hathair ar bord loinge a d'iompair stoirme go dtí oileán Taurica (an Chrimé sa la atá inniu ann) gan fhios ag na mná eile.

Bhí Hypsipyle ina bhanríon nuair a tháinig na hArgónátaigh. Thugadh comhairle di gur choir oibleagáid a chur orthu do déithe na fáilteachais agus cuireadh a thabhairt dóibh chuig fáiltiú cairdiúil. Thit Hypsipyle i ngrá le Iasón agus rugadh beirt mac leis, Euneus agus Nebrophonus (nó Deipylus i leaganacha áirithe). Bhí clanna ag na hArgónátaigh eile leis na mná Lesbos, agus thug na mná ainmneacha na hArgónátaigh ar na leanaí a bhí ginte acu. Thug Earcail amach dá chomradaí as an moill a choinnigh siad óna dtóraíocht agus d'imigh siad ansin.

Oileán Cyzicus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis Lemnos, rinne na hArgónátaigh an dara stad ag oileán sa Mhuir Mharmara a bhfuil cruth béar air. Bhí muintir na háite go léir de shliocht Poiséadón. Chuir ​​a rí Cyzicus, mac Eusorus, a bhí díreach tar éis pósadh, failte flaithiúil roimh na hArgónátaigh agus chinn ar chóisir ollmhór a chur ar siúl dóibh. Le linn na hócáide sin, rinne an rí iarracht a rá le Jason gan dul go dtí an taobh thoir den oileán, ach chuir Earcail a aird air, agus rinne sé dearmad a insint do Iasón.

D'fhág siad an t-oileán agus sheol siad lá ar fad, ach d'ardaigh stoirm san oíche agus chuir sí a long dá cúrsa ionas gur tháinig siad ar ais go dtí an oileán céanna gan fhios dóibh. Cheap Cyzicus gurbh arm naimhdeach iad agus chuir a arm ionsaí orthu. Mharaigh na hArgónátaigh chuid mór dá fhórsaí, Cyzicus san áireamh, a mharaigh Iasón é féin. An lá ina dhiadh sin, nuair a tháinig siad in aice leis an gcladach agus thuig siad cad a bhí déanta acu, rinne na hArgónátaigh caoineadh agus ghearr siad a gcuid gruaige. Thug Iasón adhlacadh costasach do Chizicus agus thug sé an ríocht dá chlann mhac.

Comrádaithe caillte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis an adhlactha, thug na hArgónátaigh a aghaidh ar Mhysia, áit ar fhág siad Earcail agus Polaiféamas (ní hionann é agus an Cioclóp Polaiféamas) ina ndiaidh. Cuireadh Hylas, mac Thiodamas, chun uisce a tharraingt agus fuadaíodh nimfeacha é mar gheall ar a áilleacht. Mar sin féin, chuala Polaiféamas é ag caoineadh agus chreid sé go raibh robálaithe á hionsaí. Nuair a chuir sé Earcail ar an eolas, d'fhan an beirt ansin ag cuardach Hylas agus an long ag imeacht. Bhunaigh Polaiféamas an chathair Cius i Mysia, ag teacht i réim mar rí. Tá cuntais éagsula ann maidir le cinniúint Earcail: i leagan Herodorus nár sheol Earcail ar an Argó ar chor ar bith, ach go raibh sé ina sclábhaí i gcúirt Omphale ina ionad sin; sa leagan Pherecydes fágadh ina dhiaidh é ag Aphetae sa Teasáil tar éis don Argó a dhearbhú le guth daonna nach bhféadfadh sí a meáchan a iompar; de réir Demaratus sheol Earcail go Colchis, agus fiú go raibh sé ina cheannaire ar na hArgónátaigh, sa leagan Dionysius ó Halicarnassus.

Tír na Bebryces[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó Mysia, tháinig na hArgónátaigh go tír na Bebryces a bhí á rialú ag Rí Amycus, mac Poiséadón agus Melie, nimfeach ó Bithynia. B'fhear misniúil agus trodach é Amycus, agus chuir sé iallach ar a chuairteoirí dul i ngleic leis i ndornálaíocht. Chuir sé chun báis iad a bhí cloíte aige, ach nuair a thug sé dúshlán don fhir is fearr den chriú chuig dornálaíochta, mharaigh Pollacs é le buille ar an uillinn. Nuair a rinne na Bebryces ionsaí air, rinne na hArgónátaigh ár orthu.

Phineus agus na Harpíonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann na Harpíonna ionsaí ar Phineas, léaráid Willy Pogany, 1921.

As sin, theastail na hArgónátaigh chun Salmydessus i dTráicia, áit a raibh Phineus ina chónaí. Deirtear gurbh é mac Agenor nó Poiséadón féin, feiceálaí ar thug Apalló bua na tairngreachta. Bhain Séas radharc Phineus de mar gur nocht sé rúin na ndéithe agus gur thuar sé an todhchaí. Ansin brúdh na Harpíonna, ar a dtugtar na cúnna Séas, ar Phineus. Créatúir baineanna sciathánacha ba ea iad seo, agus nuair a réitíodh bord le haghaidh béile Phineus, d'eitil na Harpíonna anuas ón spéir agus sciob siad suas an chuid is mó den bia as a bheola, agus an cuid beag eile nach raibh ithe acu a d'fhág siad le boladh bréan air ionas nach bhféadfadh aon duine eile é a ithe.

Nuair a tháinig na hArgónátaigh i gcomhairle leis faoina dturas, gheall sé comhairle a thabhairt dóibh faoi dá scaoilfidís ón bpionós é. Mar sin leag siad bord lán le bhia in aice leis, agus tháinig na Harpíonna síos go tobann agus sciob siad suas an bia. Nuair a chonaic Zetes agus Calais (a raibh in ann eitilt) é sin chuaigh siad sa tóir orthu tríd an aer. I leaganacha áirithe, dhúnmharaíodh na Harpíonna ach scríobh Apollonius san Argonautica go ndeachaidh Zetes agus Calais ar a thóir go hOileáin Strofades agus nach ndearnadar aon dochar dóibh, tar éis a mhionnaigh siad nach gcráfaidís Phineus níos mó. Faoi dheireadh, shaor na hArgónátaigh Phineus ón bpionós.

Na haillte gluaisteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na hArgónátaigh ag teacht i dtreo na haillte gluaisteacha, léaráid ón leabhair The Heroes, Charles Kingsley.

Agus é saor ó na Harpíonna, nocht Phineus do na hArgónátaigh cúrsa a dturas, agus thug sé comhairle dóibh faoi na haillte gluaisteacha san fharraige. Aillte ollmhóra a bhí iontu seo, a dhún pasáiste na farraige eatarthu. Bhí siad faoi bhrat thiubh ceo agus bhí sé dodhéanta, nach mór, fiú na héin dul eatarthu. Mar sin dúirt Phineus leo colm a chur idir na carraigeacha, agus, dá bhfeicfeadh siad é dul tríd an pasáiste caol go héasca, go choir dóibh é a leanúint; ach dá theipfeadh air,  ba choir dóibh fanacht.

Nuair a chuala siad é sin, chuadar chun farraige, agus ar theacht i ngar do na haillte, scaoil siad amach an colm. D'eitil sé idir na carraigeacha agus, cé gur bhain siad barr a eireaball, tháinig sé slán amach as an taobh eile. Lean na hArgónátaigh an colm, ag rámhaíocht go crua, agus le cabhair Héire, tháinig siad tríothu freisin, cé gur bhris na carraigeacha tile deiridh na loinge. As sin amach, níor bhog na haillte gluaisteacha níos mó; óir bhí sé sa chinniúint acu go stopadh siad go deo nuair a tháinig long slán eatarthu.

Lycus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a chuaigh na hArgónátaigh isteach san fharraige ar a dtugtar Euxine (An Mhuir Dhubh sa lá atá inniu ann) trí na haillte gluaisteacha, tháinig siad i dtír na Mariandyni. Chuir an Rí Lycus fáilte gnaíúil rompu, agus buíochas orthu toisc gur mharaigh na hArgónátaigh Amycus, a d'ionsaigh go minic iad. Le linn a gcuairt, bhí an fáidh Idmon, mac Apalló, gortaithe ag torc fiáin agus é ag bailiú tuí, agus fuair sé bás. Fuair Tiphys bás san áit sin freisin, agus gheall Ancaeus an long a stiúradh.

Oileán Dia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Méidé, dealbh le William Wetmore Story, 1860í.

Le toil Héire tháinig na hArgónátaigh go hoileán Dia (gar don Chréit) iad. Cuireadh héin Stymphaliach ionsaí orthu ansin, creatúir fíochmhara a tháinig ón eanach agus a bhain úsáide as a gcuid cleití mar shaigheada. Ní raibh siad in ann seasamh in éadan an líon mór éan. De réir comhairle Phineus do ghabhadar sciatha agus sleánna, agus do sgaoileadar na héanlaith tré gleo a dhéanamh. Tháinig na hArgónátaigh ar fir longbhriste ar an oileán, nochta agus éidreorach; Argus, Phrontides, Melas, agus Cylindrus ba ainmneacha dóibh, mic Phrixus agus Chalciope. D'innis siad a n-aimhleas d'Iason, conas a chríochnaigh siad suas ar an oileán nuair a bhí siad ar bhealach go dtí a seanathair Áthamas.

Chuidigh Iasón leo agus, tar éis seoladh síos an abhainn Thermodon, tháinig siad go gColcas a bhí suite ar chósta thoir na Mara Duibhe. Thug na mic Phrixus Iasón i dtír agus d’iarr siad ar na hArgónátaigh an long a cheilt. Chuaigh siad féin go dtí a máthair Chalciope, deirfiúr Mhéidé, agus chuir siad in iúl di cineáltas Iasón, agus cén fáth ar tháinig siad. Ansin d'inis Chalciope dóibh faoi Mhéidé, agus thug sé go dtí Iason í lena mic. Nuair a chonaic sí Iasón, d’aithin Méidé é mar an té a raibh grá mór aici i mbrionglóidí de réir mar a spreag Héire, agus gheall sé cabhair a thabhairt dó. Thug siad go dtí an teampall é.

Aidhéitéas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jack Gwillim mar Aidhéitéas sa scannán Jason and the Argonauts (1963)

Dúirt oracle le hAidhéitéas, mac Héilias, go gcoimeádfadh sé a smacht ar a ríocht fad is a d'fhan an Lomra Óir sa scrín Airéas. Nuair a tháinig an long isteach i bport, chuaigh Iasón go n-Aidhéitéas agus leag sé amach an misean a leag Pelias de chúram air. Gheall Aidhéitéas go dtabharfadh sé é dá n-éireodh sé leis cuingir a chur ar na tairbh craoslasracha agus gort a threabhadh leo. Dhá tharbh fhiáine ollmhóra iad sin a fuair Aidhéitéas mar bhronntanas ó Héafaestas; bhí cosa phráis acu agus bhí lasracha ag séideadh amach as a mbéal agus a bpolláirí.

D'ordaigh Aidhéitéas dó na créatúir seo a chuingigh agus an gort a threabhadh le fiacla dragain a raibh faighte aige ó Aitéiné, leathchuid d'fhiacla an dragain a chuir Cadmus i dTéibh. Bhí a fhios ag Aidhéitéas go bhfásfaidh buíon d’fhir armtha amach as an talamh agus go maródh siad Iasón agus a chairde. Bhí Héire ag féachaint ar na himeachtaí agus chinn sí na hArgónátaigh a shábháil, mar uair amháin nuair a tháinig sí go n-abhainn agus gur theastaigh uaithi cineáltas na bhfear a thástáil, ghlac sí foirm chailleach, agus d’iarr sí iad í a iompar trasna. Ba é Iasón an t-aon fhear a bhí sásta cabhair a thabhairt di agus na daoine eile a chaitheamh go tarcaisneach léi. Agus mar sin, ó bhí a fhios aici nach bhféadfadh Jason na horduithe a chomhlíonadh gan cabhair ó Mhéidé, d'iarr sí ar Afraidíté Méidé (iníon Aidhéitéas) a spreagadh le grá.

Faoi dhraíocht Afraidíté, thit Méidé i ngrá le Iasón agus, gan fhios dá hathair, gheall sí go gcabhródh sí leis na tairbh a chuing agus an lomra a fháil. D'iarr sí air go dtabhairfeadh sé leis ar an turas go dtí an Ghréig í agus í a phósadh. Ansin, thug sí posóid dó lena n-iarr sí air a ungadh ar a sciath, a shleá, agus a chorp nuair a bhí sé ar tí na tairbh a chuing. Faoi chosaint an posóid seo, a gheall sí dó, ní fhéadadh dochar a dhéanamh dó tré theine ná d'iarann ar feadh lae amháin. Chomh maith leis sin, mhínigh sí gurbh fhásfadh fir armtha as an talamh nuair a bhí na fiachla síolaithe ann, agus cuirfeadh siad ionsaí air. Nuair a d'fheicfeadh sé cruinneagán díobh, a mhol sí, ba choir dó clocha a chaitheamh isteach ina measc agus thosóidh siad ár a dhéanamh ar a chéile.

Jean-François de Troy, Jason domptant les taureaux, 1742

Mar sin, d’ung Iasón é féin leis an posóid. Tháinig sé go dtí garrán an teampaill agus thug sé aghaidh ar na tairbh.  Thug siad fogha faoi, ag brúchtadh deataigh agus lasracha, ach d'éirigh leis iad a chuing. Ansin, nuair a bhí na fiacla curtha aige, d'éirigh fir armtha as an talamh agus rinne sé mar a d'órdaigh Méidé, ag caitheamh clocha ina measc. Go deimhin féin, thosaigh siad ag troid le chéile agus chuir Iasón deireadh leo. Mar sin féin, cé go raibh na tairbh cuingithe, níor thug Aidhéitéas an lomra d'Iasón. Ba ghearr gur léir go raibh sé i gceist aige an Argo a dhó agus an criú a dhúnmharú. Ach sula raibh sé in ann é sin a dhéanamh, thug Méidé Iasón go dtí an scrín an oíche sin. Tar éis di an dragan a chosain é a chur ina chodladh lena draoícht, thóg sí an lomra agus, i gcuideachta Iasón, theith siad go dtí an Argo.

Absyrtus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'éalaigh Méidé ó Colcas, chuaigh a deartháir Absyrtus sa tóir uirthi. Thug Méidé faoi deara long a dearthár agus mharaigh sí é. Ansin, ghearr sí géag a choirp ón ngéag agus chaith sí na píosaí isteach sa mhuir. Chuir Aidhéitéas deireadh leis an tóir chun géaga a mhac a bhailiú, agus tar éis adhlacadh a dhéanamh, chuir sé amach go leor daoine ón Colcas chun cuardach ar an Argo. Idir an dá linn, bhí fearg ar Séas mar gheall ar dhúnmharú Absyrtus, agus chuir sé stoirm chraosach roimh na hArgónátaigh a chur an Argo dá cúrsa. Agus iad ag seoladh anuas go dtí na h-Oileáin Absyrtides (An t-Oiléan Cres sa Chróit sa la atá inniu ann) thosaigh a long ag labhairt, ag rá nach maolóidh fearg Shéas nó go seolfadh siad go hÓsonia (Αυσονία, an t-ainm a thug na Gréagaigh don deisceart na hIodáile) agus iad a ghlanadh ón dúnmharú Absyrtus roimh Circé. Mar sin, sheol siad siar don Iodáil agus tháinig siad go dtí an t-oileán miotasach Aeaea, áit ar iarr siad íonghlanadh ó Circé.

Na Síréanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh chré-umha ón Ataice: Síréana ag seinm ar an lir, c. 370 R.Ch

Agus na hArgónátaigh ag seoladh thar na Síréanaí, chuir Oirféas bac ar a n-amhrán draíochtach trí fhrithshéis a chanadh. Ba é Butes an t-áon fear a shnámh chucu, ach shabháil Afraidíté é agus lonnaigh sí i Lilybaion é. Tar éis na Síréanaí, bhuail an long le Cairíbdis agus Scylla agus haillte gluaisteacha (tarlú a chuireann na haillte gluaisteacha eile i gcuimhne) ach stiúrann Thetis agus na Néiréidí an long go sábháilte tríothu he cabhair Héire.

Talos[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus iad ag tarraingt ar an an gCréit, chuir Talos bac orthu an t-oileán a shroicheadh. Ba é Talos fathach déanta as cré-umha a chruthaigh na háitritheoirí chun a n-oileáin a chosaint ó fhoghlaithe mara agus ó ionróirí. Bhí féith amháin aige ag síneadh óna mhuineál go dtí a rúitín, agus bhí tairne ag deireadh na féithe a choinnigh a chuid fhola istigh sa chorp. Chosain Talos an Chréit slán, ag déanamh patról trí uair gach lá; mar sin, nuair a chonaic sé an tArgó ag teacht, thosaigh sé ag caitheamh carraigeacha mar is gnách. Ba lé beartaíochta Mhéidé a fuair sé bás; deirtear uaireanta gur chuir sí as a meabhair é le drugaí, nó gur gheall sí neamhbhásmhaireacht dó ach ansin tharraing sí amach a thairne, ionas go shil a fhola go léir amach.




Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]