Jump to content

An Téibh (an Ghréig)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Téibh
Θήβα (el) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38° 19′ 15″ N, 23° 19′ 04″ E / 38.3208°N,23.3178°E / 38.3208; 23.3178
Stát ceannasachan Ghréig
Riarachán díláraithe na GréigeDecentralized Administration of Thessaly and Central Greece (en) Aistrigh
Réigiún riaracháin de chuid na GréigeRéigiún Lár na Gréige
Prefecture of Greece (en) AistrighAn Bhéóitia
Municipality of Greece (en) AistrighThiva Municipality (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán21,545 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús25.96 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla830 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde215 m-180 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Téibh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú2 mílaois
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist32200 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód22620 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinthiva.gr Cuir in eagar ar Wikidata

Is cathair sa Bhéóitia, Lár na Gréige, í An Téibh (Gréigis: Θήβα, [ˈθiva]; Sean-Ghréigis: Θῆβαι, [tʰɛ̂ːbai̯]). Bhí ról tábhachtach aici i miotaseolaíocht na Gréige, mar shuíomh na scéalta faoi Chadmas, Éideapús, Dinísias, Earcail, agus cinn eile nach iad. Nocht tochailtí seandálaíochta sa Téibh agus sa gceantar máguaird lonnaíocht Mhícéineach agus táibléid chré scríofa sa script Líneach B, rud a léiríonn tábhacht an tsuímh sa Chré-umhaois.

Ba í an Téibh an chathair is mó i réigiún ársa na Béóitia agus bhí sí ina cheannaire ar an gcónaidhm Bhéóitiach. Bhí sí in iomaíocht leis an Aithin ársa, agus thacaigh sí leis na Peirsigh le linn an ionraidh a rinne Xeirxéas I sa bhliain 480 RC. Chuir fórsaí Téibeacha faoi cheannas Epaminondas deireadh le forlámhas na Spartach ag Cath Leuctra sa bhliain 371 RC. Tháinig an Mhacadóin i gcumhacht ag Cath Chaeronea sa bhliain 338 RC, rud a thug bua cinnte do Philib II ar chomhghuaillíocht idir an Téibh agus an Aithin. Bhí an Téibh ina fhórsa mór i stair na Gréige sular scrios Alastar Mór í sa bhliain 335 RC, agus ba í an stát cathrach ba chumhachtaí ag deireadh na 4ú haoise RC nuair a chloígh an Mhacadóin an Ghréig. Le linn na tréimhse Biosántaí, bhí clú agus cáil ar an gcathair as a cuid éadaí síoda.

Tá músaem seandálaíochta sa chathair nua-aimseartha, chomh maith le fothrach an Cadmea (daingean ón Chré-umhaois), agus iarsmaí ársa scaipthe. Is í an Téibh an baile is mó in aonad réigiúnach na Béóitia.