Lomra an Óir
Appearance
I miotaseolaíocht na Gréige, ba lomra de chuid an reithe sciathánaigh órlomraigh Chrysomallos é Lomra an Óir (Gréigis: Χρυσόμαλλον δέρας, Chrysómallon déras).[1] Tharrtháil Chrysomallos Phrixus agus thug go Colcas é, áit ar ofráil Phrixus an reithe mar íobairt do Shéas. Thug Phrixus an lomra don Rí Aidhéitéas a choinnigh i ndoire naofa é, áit ar ghoid Iasón agus na hArganátaigh é le cabhair ó Mhéidé, iníon Aidhéitéis. Is siombail den údarás agus den ríogacht é an lomra.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): Lomra an Óir” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-06-03.
Is síol a bhaineann leis an mhiotaseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |