Oirféas
![]() ![]() | |
Cineál | carachtar miotaseolaíochta na Gréige ![]() |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | Argonautica (en) ![]() ![]() |
Miotaseolaíocht | Miotaseolaíocht na Gréige ![]() |
Dáta | |
Speiceas | Gréagaigh ![]() |
Inscne | fireann ![]() |
Slí bheatha | scríbhneoir, file agus ceoltóir ![]() |
Dúnmharaithe ag | Maenad (en) ![]() ![]() |
Muintir | |
Céile | Eoraidícé agus Argiope (en) ![]() ![]() |
Máthair | Calliope (en) ![]() ![]() |
Athair | Oeagrus (en) ![]() ![]() |
Siblíní | Linus ![]() |
Daoine muinteartha | Rhesus of Thrace (en) ![]() ![]() |
Eile | |
Siombail | Orpheus (en) ![]() ![]() |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d7/DSC00355_-_Orfeo_%28epoca_romana%29_-_Foto_G._Dall%27Orto.jpg/220px-DSC00355_-_Orfeo_%28epoca_romana%29_-_Foto_G._Dall%27Orto.jpg)
Is laoch bainte le miotaseolaíocht na Gréige é Oirféas (SeanGhréigis Ὀρφεύς / Orpheús [or.pʰeú̯s]).
Dar le traidisiúin, is sinsear Scéal Oirféis agus Eoraidícé[1] ar Hóiméar agus Héisiad é.[2] Pearsana iad ar bhain tragóid leo ar bhealach rómánsúil. Ní dhearna Hóiméar tagairt ar bith don scéal, áfach.
Scéal Oirféis agus Eoraidícé
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bua ceoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chónaigh Oirféas sa Tráicia láimh le Sliabh Oilimpeas. Amhránaí, ceoltóir agus file a bhí ann. Cheol sé chomh binn gur fhéad sé ainmhithe fiáine a smachtú, gur umhlaigh crainn dó agus d’éirigh na fir ab fhoréigní ní ba shuaimhní le linn dóibh a cheol a chloisteáil. Bhí sé in ann na beithígh a cheansú agus mothúcháin a bhaint as rudaí neamhbheo.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/05/Orpheus_Thracians_Met_24.97.30.jpg/220px-Orpheus_Thracians_Met_24.97.30.jpg)
Pósadh agus aistear
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Oirféas ar shluaíocht na nArganátach agus sháraigh sé Ceol na Síréanaí. Bhí sé pósta le hiníon Apalló, Eoraidícé, a raibh an-ghrá aige uirthi.
Ach fuair Eoraidícé bhocht bás ó ghreim nathrach. Bhí brón ar Oirféas toisc go raibh a bhean álainn marbh.
Chuaigh Oirféas ar aistear go ‘Domhan na Marbh’ ag iarraidh tarrtháil a thabhairt ar a bhean chéile.[3], go Háidéas chun í a fháil ar ais.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/22/Terracotta_bell-krater_%28bowl_for_mixing_wine_and_water%29_MET_GR9.jpg/220px-Terracotta_bell-krater_%28bowl_for_mixing_wine_and_water%29_MET_GR9.jpg)
Nuair a shroich Oirféas an Domhan Íochtarach, baile Phlútóin,[4] chan Oirféas cróga go binn do dhrochdhia an Domhain Íochtaraigh. Mheall sé gach a raibh ann lena chuid ceoil. Chuir sé Ceirbearas agus na Fúire ina gcodladh lena lir.
Tragóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chomhaontaigh Háidéas agus Peirsifiné í a thabhairt ar ais dó ... ach ar choinníoll nach bhféachfadh Oirféas siar sula bhfágfadh sé an Domhan Thíos. "Ní féidir leat breathnú ar do bhean chéile", a bhagair bandia an Domhain Íochtaraigh. "Caithfidh tú siúl os a comhair agus ná caith súil uirthi go dtí go dtagann tú ar uachtar arís". Ansin thug an dia, Plútón, a bhean chéile ar ais d’Oirféas dílis.
Shroich siad an barr, beagnach. Ach chomh mór is a bhí a mhífhoighne agus a imní, chas Oirféas timpeall agus chonaic sé Eoraidícé ar a chúl. Ach i bhfaiteadh na súl, chuaigh an bhean óg as radharc agus fuair Eoraidícé bás den dara huair, Mar sin chaill Oirféas a bhean chéile faoi dhó.
Insítear i scéal amháin gur stoll mná na Tráicia ina ghiotaí é, mar go raibh siad éadmhar lena dhílseacht d’Eoraidícé. Chuaigh a cheann agus lir ar foluain san aer go Lesbos, áit a mbeadh mar ionad na filíochta liricí.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/fa/Orpheus_death_Louvre_G416.jpg/220px-Orpheus_death_Louvre_G416.jpg)
Bás Oirféis
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir an scéil Bassarids le Aescaileas, ag deireadh a shaol, níor adhair Oirféas aon dia ach Apalló, an ghrian. Maidin amháin chuaigh Oirféas go dtí oracal Diníosas ar shliabh Pangeo chun Apalló a bheannú. Ach d'ionsaigh na Maenada é mar níor onóraigh sé Diníosas, a phátrún. Cuireadh Oirféas in áit a bhreithe, Pieria.
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’imir scéal Oirféis tionchar ar Phlatón, Virgil, Óivid, Eoiripidéas, Milton, Rilke, Anouilh, ar na scannáin a rinne M. Camus agus Cocteau, ar cheol Offenbach, Gluck agus Monteverdi agus ar bhailé Stravinsky.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ""Eoraidícé"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-11.
- ↑ An Roinn Oideachas - curriculumonline.ie. "CÚRSA NA CHÉAD BHLIANA I LÉANN CLASAICEACH". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Gach fear is a dhomhan féin ach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-10.
- ↑ LAIDIN – GNÁTHLEIBHÉAL (2009). "SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH, 2009". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21.