Arganátaigh

Ba laochra i miotaseolaíocht na Gréige sna blianta roimh Chogadh na Traí (timpeall 1300 R.Ch.)[1] iad na hArganátaigh (Sean-Ghréigis: Ἀργοναῦται) a chuaigh in éineacht le hIasón go Colcas agus é ar thóir Lomra an Óir. Tagann a n-ainm óna long, an Argo, a bhí ainmnithe i ndiaidh a tógálaí, Argas.
An Lomra Óir[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tar éis bhás an Rí Créitéas, d'fhorghabh an tAeólach Peilias an ríchathaoir óna leathdheartháir Aesón agus tháinig sé i gcoróin Iolcais sa Teasáil (i ngar don chathair Volos sa lá atá inniu ann). Thug oracal rabhadh dó go lorgódh duine de shliocht Aeólais díoltas as an éagóir seo. Chuir Peilias chun báis gach duine de shliocht Aeólais arbh fhéidir leis, ach spáráil sé Aesón mar gheall ar impí a rinne a máthair Tireo. Choinnigh Peilias Aesón ina phríosúnach agus chuir sé iallach air a oidhreacht a thréigean. Phós Aesón bean darbh ainm Alcaiméide, a rug mac dó ar thug siad Iasón air. Bhí sé ar intinn ag Peilias an leanbh a mharú láithreach, ach ghlaoigh Alcaiméide ar a gaolta an leanbh a chaoineadh amhail is go raibh sé marbh-bheirthe. Thionóil sí adhlacadh bréige agus smuigleáil sí an leanbh go Sliabh Peilión. Thóg an ceinteár Céarón, traenálaí na laochra, é.
Nuair a bhí Iasón 20 bliain d’aois, d’ordaigh oracal dó gléasadh in éide Mhaignéiseach agus dul chuig an gcúirt Iolcach. Ar an mbealach, chaill Iasón cuarán ag trasnú abhainn lábach Anavros agus é ag cabhrú le seanbhean (an bandia Héire faoi bhréagriocht). Bhí fearg ar Héire leis an Rí Peilias as a leas-seanmháthair Sidero a mharú tar éis di tearmann a lorg i dteampall Héire.
Thug oracal eile rabhadh do Pheilias a bheith ar a choimhéad ar fhear le bróg amháin. Bhí Peilias i gceannas ar íobairt do Phoiséadón agus bhí roinnt ríthe comharsanacha i láthair. Bhí stócach ard le craiceann liopaird air i measc an tslua, agus cuarán amháin á chaitheamh aige. D’aithin Peilias gurbh é Iasón a nia. Níorbh fhéidir leis é a mharú toisc go raibh ríthe suntasacha den teaghlach Aeólach i láthair. Ina áit sin, d'iarr sé ar Iasón: “Cad a dhéanfá dá bhfógródh oracal go raibh duine de do chomhshaoránaigh i ndán dó tusa a mharú?” D'fhreagair Iasón go gcuirfeadh sé é chun Lomra an Óir a fháil, gan a fhios aige gurbh í Héire a chuir na focail sin ina bhéal.
D'fhoghlaim Iasón níos déanaí go raibh Peilias á chéasadh ag taibhse Priocsais. Bhí Priocsas tar éis teitheadh ó Orcaiméineas ag marcaíocht ar reithe diaga ionas nach ndéanfaí é a íobairt agus chuaigh sé ar a chaomhnú i gColcas, áit ar diúltaíodh adhlacadh ceart dó níos déanaí. De réir oracail, ní bheadh rath ar Iolcas go deo mura dtabharfaí a thaibhse ar ais i long, in éineacht le lomra an reithe órga. Bhí an lomra seo ar crochadh anois ó chrann i ngarraí an Airéis Cholcaigh, faoi gharda dragain nár chodail riamh. Mhionnaigh Peilias roimh Shéas go dtréigfeadh sé an ríchathaoir ar fhilleadh Iasóin, agus é ag súil go marófaí Iasón le linn a iarracht Lomra an Óir a ghoid. Ach, mar a tharla sé, chosain Héire Iasón le linn an turais chontúirtigh.